Athcheaptar beirt chomhaltaí ar Bhord Spórt Éireann
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 2 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, agus an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne, gur athcheapadh beirt chomhaltaí ar Bhord Spóirt Éireann.
Ba iad Lynne Cantwell agus Páraic Duffy a athcheapadh.
Ag labhairt faoi na hathcheapacháin, dúirt an tAire Martin:
“Chuir Lynne agus Páraic go mór le hobair Spórt Éireann agus le forbairt spórt na hÉireann ina gcéad théarmaí ar an mbord cheana féin agus táim an-sásta gur aontaigh siad a bheith ar an mbord ar feadh téarma eile.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Gabhaim buíochas le Lynne agus le Páraic as a sheirbhís agus a gcabhair go dtí seo agus tréaslaím leo as a n-athcheapacháin. Tá a dtaithí agus a scileanna leathana an-tairbheach do Spórt Éireann agus guím gach rath orthu beirt thar na 3 bliana amach romhainn.”