Beagnach €900,000, nó 20%, d’ardú ceadaithe do bhuiséid pleananna teanga ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D.
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 20 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 8 Nollaig 2023
• Ardú de 20% fógartha d’fheidhmiú phleananna teanga sna Limistéir Phleanála Teanga Gaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge.
• 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT), 8 mBaile Seirbhíse Gaeltachta (BSG) agus 3 Líonra Gaeilge (LG) atá ceadaithe go fóill a bheidh ag baint tairbhe as an ardú.
• Cead tugtha post Oifigeach Pleanála Teanga (OPT) a chruthú i Limistéir ina bhfuil Oifigigh Cúnta Pleanála Teanga (OCPT) faoi láthair
• OPT breise ceadaithe do LPT Mhaigh Eo Thuaidh chun tacú leis an bpróiseas pleanála teanga sa limistéar.
Inniu (20 Deireadh Fómhair 2023), d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D., tacaíochtaí breise don phróiseas pleanála teanga, a chuirfidh le cumas gach coiste pleanála teanga a phlean a chur i bhfeidhm ar bhonn níos éifeachtaí. Is ionann seo agus infheistíochta bhreise de luach beagnach €900,000 sa chóras pleanála i 2024.
Tá ardú de 20% ceadaithe ar an mbuiséad bliantúil a chuirtear ar fáil do gach plean teanga. Is ionann sin agus €20,000 nó níos mó do gach Limistéar Pleanála Teanga (LPT) agus €16,000 nó níos mó do gach Líonra Gaeilge agus Baile Seirbhíse Gaeltachta atá ceadaithe.
Ina theannta sin, tá tacaíocht bhreise ceadaithe don 4 LPT a raibh Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga ceadaithe dóibh. Tá aontaithe anois go mbeidh cead ag na limistéir sin Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú seachas Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga, de réir mar a oireann. Tá 4 LPT a chomhlíon critéir áirithe a leagadh síos sa bhliain 2017 - Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir; Cois Fharraige; Conamara Láir & Ciarraí Thiar. Mar thoradh ar an gcinneadh seo, beidh siad in ann beirt Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú ina gcuid limistéir pleanála teanga in áit Oifigeach Pleanála Teanga amháin agus Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga amháin.
Tá tacaíocht bhreise ar leith ceadaithe do LPT Mhaigh Eo Thuaidh tar éis cás a chur an LPT sin os comhair na Roinne i Márta 2023. Tá cead tugtha don LPT sin an dara OPT a fhostú sa limistéar anois. Chun seo a éascú, cuirfear buiséad arduithe ar fáil a bheidh ar chomhchéim le Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir; Cois Fharraige; Conamara Láir & Ciarraí Thiar do LPT Mhaigh Eo Thuaidh.
Ag fógairt an chinnidh inniu, dúirt an tAire Stáit O’Donovan:
“Is aitheantas é an t-ardú 20% atá ceadaithe agam do bhuiséid na bpleananna teanga ar an obair thábhachtach atá ar bun faoin bpróiseas pleanála teanga agus cuirfidh sé le cumas na gcoistí dul i ngleic leis an ardú atá tagtha ar na costais mhaireachtála le cúpla bliain anuas. Ciallaíonn sé seo go mbeidh méadú bliantúil d’ós cionn €1m á infheistiú ag mo Roinn sa bpróiseas pleanála teanga nuair a bheidh na pleananna uile á bhfeidhmiú.”
Go dtí seo tá 26 LPT, 8 mBaile Seirbhíse Gaeltachta agus 3 Líonra Gaeilge ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga. Ó ceadaíodh an chéad phlean teanga in 2017, níor tháinig mórán athrú ar an mbuiséad d’fheidhmiú na bpleananna, cé go bhfuil ardú tagtha ar chostais mhaireachtála agus reatha ó shin.
Beidh an t-ardú 20% i bhfeidhm d'aon phlean teanga eile a cheadaítear faoin bpróiseas pleanála teanga amach anseo freisin.
Nóta don eagarthóir
Tugann Acht na Gaeltachta, 2012, feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga. Faoin bpróiseas, tá an deis á thabhairt do phobal na Gaeltachta sna Limistéir Pleanála Teanga (LPT) atá aitheanta faoin Acht pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ar bhonn áitiúil le tacaíocht leanúnach an Stáit.
Sa chur chuige seo trí chéile, tugtar an deis do na pobail thuasluaite a bheith ag croílár próisis chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh an nGaeilge de réir mar a aithnítear iad go háitiúil.
Faoin bpróiseas, tugtar tréimhse ama don phobal chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú.
Chun tacú le hÚdarás na Gaeltachta¬ agus Foras na Gaeilge a bhfuil dualgais faoi leith sannta dóibh faoin Acht mar a bhaineann sé le tacú ar bhonn áitiúil agus leanúnach do phleananna teanga, cuireann an Roinn maoiniú faoi leith ar fáil don dá eagraíocht ar bhonn bliantúil. Uaidh sin, cuireann ÚnaG agus FnaG buiséad bliantúil ar leith ar fáil do gach plean teanga ceadaithe tar éis aontú ar chlár oibre don bhliain amach rompu.