Breis maoinithe d'os cionn €300,000 do thograí spóirt Gaeltachta ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne TD, faoin gClár Tacaíochta Pobail & Teanga
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 21 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Breis maoinithe d'os cionn €300,000 do thograí spóirt Gaeltachta ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne TD, faoin gClár Tacaíochta Pobail & Teanga
Tá maoiniú reatha agus caipiteal ceadaithe do 4 thogra éagsúil i nGaeltacht na Gaillimhe agus Mhaigh Eo chun an Ghaeilge agus na Cluichí Gaelacha a chur chun cinn.
D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne TD, inniu go bhfuil deontais suas le €311,849 ceadaithe aige do 4 thogra spóirt atá lonnaithe i nGaeltacht na Gaillimhe agus Mhaigh Eo.
Is iad CLG Carna Caiseal, Club Iománaíochta Bearna/Na Forbacha, Comhairle Chonnacht den CLG agus Bord Oideachais & Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh & Liatroma na deontaithe atá i gceist. Baineann na tograí caipitil le forbairt áiseanna spóirt agus pobail agus baineann na tograí reatha le cur chun cinn na gcluichí Gaelacha.
Agus é ar chuairt ar Ghaeltacht Chonamara inniu, dúirt an tAire Stáit Byrne:
“Tá an-áthas orm na deontais seo a fhógairt inniu. Táim tiomanta tacú le pobail na Gaeltachta áiseanna maithe a fhorbairt agus a chur ar fáil don phobal agus is samplaí maithe iad na tograí caipitil atá maoinithe anseo den chineál cúnaimh atá ar fáil faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga.
“Chomh maith leis sin, tá an nasc idir an spórt agus an Ghaeilge d’óige na Gaeltachta mar bheart lárnach sa phróiseas pleanála teanga agus tá mé cinnte go gcuideoidh na deontais reatha atá fógartha agam inniu le hoifigigh phleanála teanga agus iad ag iarraidh deiseanna úsáide a chruthú do dhaoine óga ionas gur féidir leo an Ghaeilge a úsáid laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Seo thíos briseadh síos na nDeontas atá ceadaithe
Tá an maoiniú seo ceadaithe faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga agus tá níos mó eolais fán chlár sin ar fáil ag gov.ie - gov.ie - An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga