English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bronann Éire Ildánach €1.2 mhilliún ar thionscadail chruthaitheacha sláinte agus folláine

€1,021,000 do 15 thionscadal chruthaitheacha sláinte agus folláine pobail lena n-áirítear thionscadal uile-oileáin ar tacaíodh leo mar chuid de thionscnamh Oileán Comhroinnte, le tionscadail a chuimsíonn cóir phobail, scéalaíocht chruthaitheach agus cruthaitheacht mar chuid de chúram cardashoithíoch iomlánaíoch.

Cuireann Éire Ildánach agus an Roinn Sláinte maoiniú €200,000 ar fáil do 11 thionscadal cheoil bheo i suíomhanna cúraim cónaithe

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., deontais níos mó ná €1.2 mhilliún chun tionscadail a mhaoiniú a thacaíonn le sláinte agus folláine tríd an gcruthaitheacht.

Soláthrófar sa Scéim Ildánach Sláinte agus Folláine Pobail:

• €756,360 ó Éire Ildánach do 11 chomhpháirtíocht Údaráis Áitiúil do thionscadail ealaíon agus sláinte sa phobal, i bpobail FSS agus in ospidéil.

• Leithdháileadh €265,133 eile de mhaoiniú Oileán Comhroinnte

ar 4 chomhpháirtíocht trasteorann ealaíon agus sláinte ar fud oileán

na hÉireann faoi stiúir na n-Údarás Áitiúil.

• Dearadh gach ceann de na 15 thionscadal chun sláinte agus folláine gach aoisghrúpa a fheabhsú i réimsí mar:

o Gníomhaíochtaí oideasú sóisialta

o Páistí a mbíonn breoiteacht ainsealach orthu

o Deireadh saoil agus bás

o Aosú dearfach

Léireofar i ngach ceann de na 15 thionscadal seo an chaoi a gcuireann an chruthaitheacht sláinte agus folláine chun cinn, bíodh sé trí thaibhléiriú nó físealaíon, trí ghníomhaíochtaí ceardaíochta nó oidhreachta. Cuidíonn teacht ar a gconair chruthaitheach le daoine ceangal a dhéanamh go sóisialta, ag cur lena bhféinmhuinín agus a n-acmhainneacht, ag cumasú an téarnaimh agus á gcumhachtú chun a sláinte agus a bhfolláine féin a bhainistiú ar feadh a saoil. Sna tionscadail uile-oileáin leagfar béim ar rannpháirtíocht chultúrtha agus chruthaitheach trasphobail chun tacú le comhfholláine ar fud na bpobal go léir.

Cuireadh tús le Léirithe Ceoil Bheo i Suíomhanna Chúram Sláinte Cónaithe le linn COVID-19 agus reáchtáladh 1800 ceolchoirm i dtithe cúraim. Sna léirithe seo tacaíodh le haosú dearfach, agus soláthraíodh iontu deiseanna rannpháirtíochta cruthaitheacha do dhaoine níos sine a bhí scartha go sóisialta.

D’aontaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí leanúint ar aghaidh ag tacú le ceol beo in áiseanna cúram sláinte cónaithe le linn 2024. Éascófar é seo trí na cláir uile-rialtais in Éire Ildánach agus Éire Shláintiúil sa Chabhán, i gCathair Chorcaí, i nDún na nGall, i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, i gCill Chainnigh, i Laois, i Luimneach (leis an gClár agus Tiobraid Árann), Maigh Eo, sa Mhí, i Muineachán agus i Loch Garman.

Ag labhairt inniu ag cruinniú d’fhoirne Éire Ildánach agus Éire Shláintiúil na nÚdarás Áitiúil, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, TD:

“Tá ról tábhachtach ag rannpháirtíocht sa chruthaitheacht, gníomhach nó éighníomhach, maidir le sláinte agus folláine dhearfach a chur chun cinn. Cruthaíonn sé spás le haghaidh nasc sóisialta, a fheabhsaíonn féinmheas agus acmhainneacht. Cuidíonn sé le daoine fáil réidh le strus agus scíth a ligean, agus tacaíonn sé le daoine a sláinte agus a bhfolláine a bhainistiú agus téarnamh a chumasú. Cuirfidh an maoiniú deontais seo ar chumas foirne Éire Ildánach agus Éire Shláintiúil na nÚdarás Áitiúil leanúint leis an obair iontach atá á déanamh acu laistigh dá bpobail, chun folláine a fheabhsú trí chruthaitheacht. Tá áthas ar leith orm tacú le tionscadail ina gcuirfear folláine chomhchoiteann chun cinn ar bhonn uile-oileáin agus ina dtabharfar pobail le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar conas is féidir cruthaitheacht a úsáid ar mhaithe lenár sláinte iomlán.”

Dúirt An tAire Stáit le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí Colm Burke:

“Léiríonn fianaise go bhfuil tionchar ag an gcruthaitheacht agus ag na healaíona ar an sláinte fhisiciúil agus ar an meabharshláinte. Leis an Scéim Ildánach Sláinte agus Folláine Pobail, beidh beidh taibhseoireacht chomhoibríoch agus nuálaíoch ar ardchaighdeán ar fáil do raon éagsúil daoine, ón óige go dtí an scothaois, ag cur lena folláine sóisialta agus aonair agus ag tacu le saol níos sláintiúla.

Mar aon leis an dea-thionchar ar rannpháirtithe agus an bhuntáiste don stór eolais idirnáisiúnta, neartóidh na bearta seo na struchtúir chomhoibrithe atá againn in Éirinn, san earnáil Rialtais Áitiúil agus sna réigiúin sláinte.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Seo a leanas na 15 thionscadal a thacaíonn Scéim Ildánach Sláinte agus Folláine Pobail na nÚdarás Áitiúil leo anseo.