English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Buaileann an tAire Martin agus Byrne le Cumainn na gCluichí Gaelacha faoi phróiseas comhtháthaithe

Inniu bhuail Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, le hiar-Uachtarán na hÉireann, an tOllamh Máire Mhic Ghiolla Íosa, agus ionadaithe ón gCumann Lúthchleas Gael, ó Chumann Pheil na mBan agus ón gCumann Camógaíochta le plé a dhéanamh ar an bpróiseas leanúnach i dtreo chomhtháthú Chumainn na gCluichí Gaelacha. Tá an tIar-Uachtarán Mhic Ghiolla Íosa ina cathaoirleach ar an nGrúpa Stiúrtha um Chomhtháthú.

Tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire Martin:

“Bhí sé go maith bualadh le Cumainn na gCluichí Gaelacha inniu, agus an t-eolas is déanaí a fháil ón Ollamh Mhic Ghiolla Íosa faoi dhul chun cinn an phróisis chomhtháthaithe. Léirítear i suirbhé a rinneadh le déanaí ar 30,000 ball gur bhraith 90% acu go mbeadh comhtháthú dearfach do na Cluichí Gaelacha. Tá an dearcadh céanna ag an Rialtas. Is léir go bhfuil obair fós le déanamh, agus leag mé amach ár dtoilteanas cabhrú leis an bpróiseas comhtháthaithe aon áit gur féidir sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.”

Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne:

“Tá ról ar leith ag na Cluichí Gaelacha i gcroílár shochaí na hÉireann, le cosa fúthu i ngach pobal ar fud na tíre. Creidim gur céim dhearfach chun tosaigh a bheidh i gcomhtháthú Chumainn na gCluichí Gaelacha, ní hamháin do rannpháirtíocht na mban, ach do gach páirtí i gcoitinne. Ba mhór an t-ábhar misnigh é cloisteáil faoin tiomantas i leith comhtháthaithe ó na páirtithe uile lena mbaineann inniu, agus an treoir shaineolach a fheiceáil atá á tabhairt ag an iar-Uachtarán Mhic Ghiolla Íosa don phróiseas.”

Dúirt an tOllamh Mhic Ghiolla Íosa:

“Fáiltím roimh an gcruinniú leis an Aire Martin agus leis an Aire Byrne inniu agus roimh an bplé cuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo ar an bpróiseas comhtháthaithe. Is mór an t-ábhar misnigh é tiomantas an Rialtais don tionscadal comhtháthaithe agus do thodhchaí na gCluichí Gaelacha, a gcur chun cinn leanúnach do Mhná sa Spórt agus a dtacaíocht d’fhís an choiste comhtháthaithe, fís a roinneann an chuid is mó de bhaill na dtrí cumann. Táimid ag tnúth le heagraíocht amháin bunaithe ar an gcomhionannas.”