Buaileann an tAire O’Donovan le Príomhfheidhmeannaigh an Tionscail Teileachumarsáide i ndiaidh Stoirm Éowyn
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 14 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Bhuail an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, inniu le Príomhfheidhmeannaigh agus le bainisteoirí sinsearacha na n-oibreoirí teileafón soghluaiste agus leathanbhanda chomh maith le hionadaithe ó Thionscal Teileachumarsáide Éireann (TII) chun tionchar Stoirm Éowyn ar bhonneagar teileachumarsáide, oibreacha freagartha agus athchóirithe na dtionscal agus na pleananna atá acu amach anseo chun feabhas a chur ar athléimneacht na ngréasán in aimsir éigeandála a phlé.
Bhí éifeacht mheasta Stoirm Éowyn ar an mbunachar úsáideoirí teileachumarsáide náisiúnta ar an gceann ba mhó i stair taifeadta ComReg.
• Ba é an buaic-chaillteanas seirbhísí seasta ná 10% d'úsáideoirí gan seirbhís.
• Ba é an buaicthionchar ar sheirbhís shoghluaiste ná 35% d’úsáideoirí a raibh leibhéal éigin díghrádaithe acu.
Tá obair deisiúcháin agus athchóirithe tar éis seirbhísí a thabhairt ar ais do gach custaiméir soghluaiste. Tá athchóiriú déanta ar fhormhór na gcustaiméirí seirbhíse seasta agus tromlach na líonraí oibrithe seasta. Tá deisiú agus athchóiriú ar líonraí snáithíní ag leanúint ar aghaidh i gceantair áirithe ina ndearna an stoirm damáiste suntasach - tá thart ar 0.21% de shíntiúsóirí seirbhíse seasta fós gan seirbhís amhail 16:00 Déardaoin 13 Feabhra.
Ag cruinniú an lae inniu, léirigh an tAire O’Donovan a bhuíochas as an obair chrua a rinne baill foirne sa tionscal teileachumarsáide agus iad ag deisiú infreastruchtúir agus línte snáithíní i gcúinsí agus i gcoinníollacha dúshlánacha.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Oibreoidh mo Roinn leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) agus le hoibreoirí teileachumarsáide chun ár bhfreagairt ar imeachtaí suntasacha aimsire a fheabhsú agus chun athléimneacht a mhéadú ar na líonraí.”
Chuir oibreoirí teileachumarsáide a mbuíochas in iúl as an tacaíocht a thug an Rialtas agus an Grúpa Comhordaithe Éigeandála Náisiúnta don tionscal – lena n-áirítear soláthar 10 ngineadóir ón bPolainn tar éis d’Éirinn Meicníocht um Chosaint Shibhialta an Aontais Eorpaigh a chur i ngníomh. Úsáideadh na gineadóirí seo chun seirbhísí soghluaiste a sholáthar do shaoránaigh i gcuid de na ceantair is measa in iarthar na hÉireann.
D’iarr an tAire O’Donovan moltaí i scríbhinn ó oibreoirí chun a bpróisis athléimneachta líonra agus freagartha stoirme a fheabhsú.
Áireoidh an Roinn an méid a foghlaimíodh ó Stoirm Éowyn ina pleananna maidir le hullmhacht éigeandála aimsire agus leanfaidh sí de bheith i dteagmháil leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (Comreg) agus oibreoirí chun próisis freagartha stoirme a chur ar bhonn foirmiúil agus na róil a bheidh ag gach eagraíocht maidir le hathléimneacht a fheabhsú, nascacht a athbhunú agus idirghníomhú leis na struchtúir náisiúnta práinnfhreagartha.
Mar chuid den aistriú go dtí an chéim téarnaimh sa fhreagairt náisiúnta ar Stoirm Éowyn bunaíodh an Grúpa Athshlánaithe Tras-Rannach. Tá an Grúpa, a bhfuil an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ina cathaoirleach air, ag comhordú na ngníomhaíochtaí deiridh chun teileachumarsáid agus leathanbhanda a thabhairt ar ais dóibh siúd a bhfuil bristeacha acu. Tá an t-aistriú seo ag teacht le struchtúir bhunaithe idir-rannach agus idirghníomhaireachta do Bhainistíocht Straitéiseach Éigeandála.
CRÍOCH