English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

BUISÉAD 2022: Clár cumhachtach tacaíochtaí do na hearnálacha Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

€50m le haghaidh Tacaíochtaí Leanúnachas Gnó Turasóireachta, ag tacú le maireachtáil agus téarnamh gnó

Maoiniú Margaíochta Turasóireachta feabhsaithe €35m, ag luasghéarú filleadh na Turasóireachta Idirnáisiúnta go hÉirinn

Infheistíocht mhéadaithe €27m i margaíocht turasóireachta intíre, féilte agus imeachtaí chomh maith le tionscnaimh i bhforbairt scileanna agus i gcoinneáil foirne san áireamh

Coinneofar maoiniú Chomhairle na nEalaíon ag €130m, an leibhéal is airde riamh

€25m chun Scéim Ráthaíochta Ioncaim Bhunúsaigh d'Ealaíontóirí a reáchtáil ar bhonn píolótach

€25m le haghaidh tuilleadh tacaíochtaí siamsaíochta beo

Pacáiste breise €7m don Ghaeilge móide €4.2m breise do chraoltóireacht na Gaeilge

Leithdháileadh €105.81m ar Spórt Éireann chun tacú le forbairt agus rannpháirtíocht ar fud na hÉireann

Deontais bhreise shuntasacha faoin gClár um Chaipiteal agus Threalamh Spóirt

€5.5m chun Coimisiún nua na Meán a bhunú, lena n-áirítear Coimisinéir um Shábháilteacht ar Líne

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit, Jack Chambers TD, inniu (13 Deireadh Fómhair) sonraí faoi oll-mhaoiniú €1,197,498,000 a leithdháileadh ar an Roinn i mBuiséad 2022, ag clúdach raon leathan sruthanna maoinithe agus bearta samhlaíocha nua chun tacú le teacht aniar agus fás chleachtóirí, gnólachtaí, pobail agus oibríochtaí in earnálacha a ndéanann an Roinn maoirseacht orthu.

Dúirt an tAire Catherine Martin:

“Cuireann Buiséad 2022, a ndearna na trí pháirtí Rialtais idirbheartaíocht air, pacáiste cumhachtach tacaíochtaí ar fáil chun na hearnálacha turasóireachta, cultúir, Gaeltachta, spóirt agus meán a neartú ar fud na hÉireann. Tagann na bearta seo a fógraíodh inniu tar éis plé leanúnach idir oifigigh mo Roinnse agus na hearnálacha agus na pobail a thagann faoinár gcúram. Le chéile, chuireamar tacaíochtaí láidre ar fáil le linn tréimhse dhúshlánach COVID-19 chun cuidiú leis na hearnálacha fíorthábhachtacha seo maireachtáil agus anois agus an tír ag teacht amach ón bpaindéim, táimid ag tacú lena bhfás agus lena rath sa todhchaí.

“Dearadh na bearta a fógraíodh do na hearnálacha seo go sonrach, ar ndóigh, ach tagann siad anuas ar na tacaíochtaí gnó agus na bearta eacnamaíochta uile a fógraíodh i mBuiséad 2022, lena n-áirítear tacaíochtaí pá. Ag obair leis an Aire Stáit Jack Chambers, cuireann an buiséad seo deis iontach ar fáil dúinn chun tacú lenár n-earnálacha agus iad ag téarnamh, chun béim athnuaite a chur ar sheachadadh ghealltanais uaillmhianacha an Chláir Rialtais, agus chun plé a dhéanamh leis na hearnálacha chun beartais agus tionscnaimh nua a fhorbairt."

Dúirt an tAire Chambers:

“Táim an-sásta gur éirigh linn maoiniú a mhéadú do raon clár agus tionscnamh d’earnálacha na Gaeilge agus an Spóirt. Agus muid ag teacht amach ón bpaindéim cinnteoidh an tacaíocht bhreise seo go mbeidh níos mó daoine in ann filleadh ar na spóirt agus na gníomhaíochtaí is ansa leo, agus cuideoidh sí linn tógáil ar thionscnaimh thábhachtacha rannpháirtíochta. Cuideoidh an méadú incriminteach leanúnach ar mhaoiniú don Ghaeilge lenár bpobail Gaeltachta fás agus déanamh go maith agus tá sé mar chuid de shraith beart a dearadh chun tacú le húsáid na Gaeilge agus soláthar seirbhísí trí Ghaeilge, Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) san áireamh."


Buaicphointí Bhuiséad 2022

Turasóireacht

Tá sé mar aidhm ag beartas Turasóireachta an Rialtais tacú le hearnáil turasóireachta inbhuanaithe a fhorbairt, ag tacú léi chun téarnamh agus fás, agus tionchar a imirt ar chathracha, bhailte, shráidbhailte agus cheantair thuaithe ar fud na hÉireann.

Ligfidh leithdháileadh Bhuiséad 2022 don Roinn:

  • Acmhainn lárnach a chothú san earnáil
  • Tacaíochtaí leanúnachas gnó a choinneáil d’fhiontair turasóireachta
  • Feabhas suntasach a chur ar ár margaíocht idirnáisiúnta
  • Tacaíocht d’fhéilte agus do thionscnaimh mhargaíochta intíre eile a leathnú
  • Tacaíocht a fheabhsú d’fhorbairt Táirgí Turasóireachta

I measc na mbuaicphointí Turasóireachta tá:

  • An leibhéal maoinithe is airde riamh do Thurasóireacht i mBuiséad 2022: €288.5m ar an iomlán – méadú €67.6m ar leithdháileadh 2021.
  • Soláthar €50m le haghaidh tuilleadh tacaíochta leanúnachas gnó do ghnólachtaí straitéiseacha turasóireachta a chabhróidh le téarnamh inbhuanaithe ár n-earnáil turasóireachta a chur chun cinn. Cuideoidh an maoiniú seo le gnóthais turasóireachta leochaileacha maireachtáil go dtí Samhradh 2022 nuair a bheifear ag súil go dtéarnóidh turasóireacht isteach. I measc na ngnólachtaí incháilithe tá: comhlachtaí taistil isteach, oibreoirí turasóireacht cóiste, oibreoirí straitéiseacha iompar turasóireachta, áiteanna turasóireachta, ionaid ghníomhaíochta agus lóistín. Tá Fáilte Ireland i gceannas ar an Scéim seo.
  • Méadú €35m ar an gCiste Margaíochta Turasóireachta in 2022 chun tacú le straitéis mhargaíochta a sheachadadh chun cabhrú le turasóireacht isteach go hÉirinn a neartú arís. Díreoidh an straitéis seo iarrachtaí ar na margaí is rathúla in Éirinn ar scála nach bhfacthas riamh cheana. Tá €5m sa mhéadú seo freisin chun tús a chur le tionscadal bliana le téama, Bliain an Chuiridh, a sheachadadh a dhíríonn ar éileamh breise a spreagadh. Tá seachadh an tionscadail seo i measc ghealltanas an Chláir Rialtais.
  • €27m do raon tionscnamh earnála lena n-áirítear:
  • Margaíocht Intíre agus Féilte: I bhfianaise theacht ar ais mall cuairteoirí idirnáisiúnta a rabhthas ag súil leis, beidh sé tábhachtach an infheistíocht i margaíocht intíre agus i bhféilte a mhéadú. Spreagann féilte cuairteoirí chun taistil agus cuireann siad práinn agus fráma ama in iúl do chuairteoirí chun cuairt a thabhairt ar Éirinn, agus beidh cuairteoirí intíre ríthábhachtach chun gnóthais agus poist san earnáil a chothú.
  • Infheistíocht Dhigiteach: Trína chlár infheistíochta Digital that Delivers, beidh Fáilte Ireland in ann tacú le digitiú ghnólachtaí turasóireachta chun a ngnó a fhás ar bhealach inbhuanaithe, i gcomhréir le roghanna nua-aimseartha tomhaltóirí.
  • Forbairt Scileanna agus coinneáil foirne: Ligfidh soláthar breise infheistíocht spriocdhírithe i gcaipiteal daonna, i bhforbairt scileanna agus in oideachas chun cabhrú le dul i ngleic le dúshláin fostaíochta ar leith atá roimh ghnólachtaí turasóireachta maidir le tallann a mhealladh, cuidiú le forbairt scileanna agus baill foirne a choinneáil.
  • Imeacht Pheil Choláiste Meiriceánach: Cuirfidh óstáil Pheil Choláiste Meiriceánach, ar bhonn bliantúil, borradh suntasach faoi earnáil a bhfuil téarnamh dúshlánach ó thionchair COVID-19 roimpi.
  • €4m chun clár de thithe saoire ar cíos agus de thithe ar cíos gearrthéarmach a fhorbairt mar atá mínithe i dTithíocht do Chách – Plean Tithíochta Nua d’Éirinn.
  • €36.5m i maoiniú caipitil d’fhorbairt táirgí turasóireachta – méadú beagnach €4m thar leithdháileadh 2021 – chun áiseanna feabhsaithe a sheachadadh de réir chuspóirí an Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030.

Cuimsíonn na tacaíochtaí do Thurasóireacht i mBuiséad 2022 raon beart tras-Rialtais a chabhróidh leis an earnáil téarnamh agus fás. Ina measc tá leanúint den Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta go dtí mí Aibreán 2022, pacáiste €90m don tionscal eitlíochta a thiocfaidh le tionscnaimh mhargaíochta chun cuairteoirí thar lear a mhealladh, agus ráta CBL 9% don earnáil fáilteachais a fhanfaidh i bhfeidhm go dtí mí Mheán Fómhair 2022.

Cheadaigh an Rialtas síneadh ar Tharscaoileadh na Rátaí Spriocdhírithe, lena n-áirítear gnólachtaí turasóireachta, go dtí deireadh 2021, agus tacóidh an faomhadh sin leis an tionscal.

Beidh €241.7m i maoiniú reatha agus €46.7m i maoiniú caipitil i maoiniú iomlán Turasóireachta 2022.

Dúirt an tAire Catherine Martin:

"Bhí tionchar uafásach ag paindéim COVID-19 ar thionscal na turasóireachta. Agus an earnáil ríthábhachtach a thacaíonn le slite beatha ar fud na hÉireann á hatógáil againn tá deis againn a chinntiú go gcuireann téarnamh agus fás na hearnála seo le cúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta i gcathracha, bailte agus sráidbhailte ar fud na hÉireann, ar bhealach atá scaipthe go cothrom i rith na bliana, agus ar bhealach a chosnaíonn ár dtimpeallacht uathúil. Cuideoidh an maoiniú breise suntasach a d’éirigh liom a fháil do sheirbhísí turasóireachta i mBuiséad 2022 le haghaidh a thabhairt ar ábhair imní a bhaineann le maireachtáil láithreach agus cumasóidh sé teacht aniar agus téarnamh breise ar fud an tionscail agus muid ag athoscailt do thurasóireacht idirnáisiúnta agus ag bogadh i dtreo thodhchaí níos inbhuanaithe”.

Dúirt sí chomh maith:

“Chomh maith leis na bearta go léir a fógraíodh inniu, chuir mo Roinn tús le beartas nua turasóireachta a fhorbairt a mbeidh inbhuanaitheacht mar bhunluach aige. Tugann forbairt an bheartais nua seo deis dúinn a leagan amach cén cineál earnála turasóireachta a theastaíonn uainn idir seo agus 2030 agus níos faide anonn”.

An Cultúr agus na hEalaíona

Tá sé mar aidhm ag clár Cultúir an Rialtais láidreachtaí ealaíne agus cruthaitheachta iontacha na hÉireann a chur chun cinn agus a fhorbairt anseo agus thar lear, ag uasmhéadú a luach sochaíoch agus eacnamaíoch don tír, agus ag tacú leis na hEalaíona agus leis na hearnálacha siamsaíochta agus iad ag téarnamh. Ligfidh leithdháileadh Bhuiséad 2022 don Roinn:

  • Scéim phíolótach Ráthaíochta Ioncaim Bhunúsaigh a sholáthar d’Ealaíontóirí
  • Leanúint ar aghaidh le tacaíocht a thabhairt agus a leathnú do na healaíona, ealaíontóirí agus earnáil na n-ealaíon ina hiomláine lena n-áirítear Scéim Ioncaim Bhunúsaigh a thabhairt isteach d’ealaíontóirí agus maoiniú €130m a choinneáil don Chomhairle Ealaíon
  • Tacaíochtaí €25m a sholáthar don tionscal siamsaíochta beo
  • Tacaíocht do na Forais Náisiúnta Cultúir a fheabhsú
  • Tacú le tionscnaimh don Gheilleagar Oíche
  • Tacaíocht don tionscal closamhairc a mhéadú

I measc na mbuaicphointí Cultúir agus Ealaíon tá:

  • €25m chun Scéim nua Ráthaíochta Ioncaim Bhunúsaigh a reáchtáil d’ealaíontóirí agus oibrithe ealaíne ar bhonn píolótach. Déanfaidh plé suntasach le geallsealbhóirí earnála sna seachtainí atá romhainn eolas don scéim phíolótach, agus cinnteoidh sé go gcomhlíonfaidh an scéim riachtanais na hearnála. Nuair a chuirfear an plé sin i gcrích, tabharfar sonraí chun críche agus fógrófar iad, agus táthar ag súil go seolfar an scéim ar bhonn píolótach go luath in 2022.
  • Leithdháileadh na Comhairle Ealaíon a choinneáil ag €130m, an leibhéal is airde riamh. Ligfidh an leithdháileadh seo don Chomhairle Ealaíon leanúint ar aghaidh ag cosaint slite beatha ealaíontóirí, agus ag cabhrú le heagraíochtaí ealaíon a bhfuil dúshláin airgeadais rompu. Le cúnamh mar seo agus tacaíocht an phobail, mhaireachtáil bonneagar lárnach ealaíona na hÉireann. Agus leis an maoiniú poiblí láidir leanúnach seo in 2022, tá sé de chumhacht ag an gComhairle Ealaíon ról láidir a ghlacadh i dtacú le healaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon déanamh go maith sna blianta atá romhainn.
  • €25m le haghaidh tuilleadh tacaíochtaí in 2022 i gcomhair siamsaíochta beo de réir mar a thagann an earnáil thábhachtach seo chun cinn ó thionchair uafásacha na paindéime. Cuirfear tacaíochtaí i bhfeidhm chun cabhrú leis an tionscal siamsaíochta beo téarnamh go hiomlán agus filleadh ar léirithe ar scála iomlán. Tagann sé seo tar éis roinnt scéimeanna in 2021 chun tacú leis an tionscal lena n-áirítear an Scéim Tacaíochta um Thaibhiú Beo, an Scéim Cúnaimh um Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta agus Scéim Tacaíochta Covid um Earnáil na nImeachtaí.
  • Méadú €6.65m ar mhaoiniú Fhís Éireann óna leithdháileadh tosaigh 2021 go dtí os cionn €36.7m. Bhí scéal an tionscail chlosamhairc ar cheann de na scéalta rathúla le 18 mí anuas, le léiriúcháin ar éirigh go maith leo go hidirnáisiúnta cosúil le scannán beochana fada ‘Wolfwalkers’ agus an drámaíocht teilifíse ‘Normal People’. Leanfaidh an earnáil ag cur béim láidir ar oiliúint agus forbairt scileanna. Cinnteoidh an maoiniú breise buiséid seo rath agus fás leanúnach an tionscail seo a bhfuil cáil idirnáisiúnta air sa todhchaí.
  • Cuirfidh leithdháileadh caipitil méadaithe €5.9m d’Fhís Éireann ar a gcumas tacaíocht a threisiú do léiriú dúchasach. I measc na bpríomhthionscnamh beidh spreagadh do léiriú níos réigiúnaí sa Ghaeilge, leanúint leis na hAcadaimh, sruth maoinithe nua chun tacú le sraitheanna faisnéise agus babhta eile de mhaoiniú do chomhlachtaí Éireannacha. Úsáidfear an maoiniú reatha atá fágtha chun tacú le gníomhaíocht an mhargaidh a atosú, agus chun próifíl na hÉireann mar cheann scríbe scannánaíochta a fheabhsú.
  • Creidmheas cánach nua don earnáil cluichíocht dhigiteach (le foilsiú mar chuid den Bhille Airgeadais). Moladh an beart seo sa Phlean Gníomhaíochta Closamhairc agus cuideoidh sé le tacú le forbairt an earnáil cluichíocht dhigiteach. Is féidir le sineirgí lenár n-earnálacha scannáin agus beochana tacú le fostaíocht ar ardchaighdeán.
  • Cinnteoidh €5m i maoiniú breise do na Forais Náisiúnta Cultúir go leanfaidh siad ag soláthar seirbhísí ardchaighdeáin don phobal, agus soláthróidh sé dul chun cinn sa chlár infheistíochta leanúnach.
  • €4m chun sraith tionscnamh a sheachadadh a mhol an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche:
  • Scéim nua do Thithe Tábhairne agus Caiféanna chun gníomhaíocht geilleagar oíche a leathnú ar fud na tíre
  • Sé struchtúr phíolótacha nua a bhunú ar fud na tíre, Comhairleoirí Geilleagar Oíche san áireamh
  • Oscailt níos déanaí sna Forais Náisiúnta Cultúir le clár cultúrtha agus tionscnaimh phíolótacha nua oíche le forbairt i bhForais roghnaithe
  • Ag tógáil ar na gníomhaíochtaí píolótacha oíche don Oíche Chultúir, clár níos uaillmhianaí agus níos nuálaí a fhorbairt do 2022 i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon agus leis an earnáil gheilleagar oíche
  • €5m chun tacú le Clár Cuimhneacháin 2022, ag seachadadh cláir náisiúnta agus áitiúla saibhre agus éagsúla chun comóradh a dhéanamh ar imeachtaí suntasacha a tharla in 1922. Cuimseoidh clár uaillmhianach Dheich mBliana na gCuimhneachán an bhliain seo chugainn tacú le forbairt agus seachadadh:
  • Mórchomhdhálacha Acadúla chun Aistriu Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus comóradh céad bliain an Chogaidh Chathartha a cheiliúradh
  • Taispeántais, cláir fhor-rochtana agus cláir dhigitithe chuimsitheacha inár bhForais Náisiúnta Cultúir
  • Comhpháirtíochtaí cruthaitheacha cosúil leis an gClár Ealaíontóirí Cónaithe, mórthionscnamh filíochta náisiúnta nua agus comhpháirtíochtaí uaillmhianacha craolacháin agus ealaíon
  • Tacaíocht agus infheistíocht leanúnach inár gcomhpháirtithe údaráis áitiúil chun cláir nuálacha íogaire a fhorbairt ar fud na tíre an bhliain seo chugainn, agus
  • Infheistíocht i dtionscadal Mhná100 chun aird a tharraingt ar ról na mban le linn na tréimhse staire seo
  • Maoiniú méadaithe €1.5m ar Chlár Éire Ildánach chun tacú le tionscnaimh bhreise sláinte agus folláine chruthaithí, chomh maith le hacmhainní méadaithe d’údaráis áitiúla chun Cruinniú na nÓg feabhsaithe a sholáthar.
  • Maoiniú €4.6m do Chultúr Éireann chun tacú arís le cur i láthair fisiceach idirnáisiúnta ealaíontóirí Éireannacha ar fud an domhain, ag cruthú deiseanna oibre nua d’ealaíontóirí Éireannacha agus ag treisiú cáil dhomhanda láidir na hÉireann as na healaíona agus cruthaitheacht.

Dúirt an tAire Catherine Martin:

“Mar Aire le freagracht as na hEalaíona agus an gCultúr, tuigim an méid a chuireann an earnáil seo le saol laethúil daoine in Éirinn agus thar lear; bhí sé seo le feiceáil go háirithe le linn na paindéime. Ní féidir an iomarca béime a leagan ar an tábhacht a bhaineann le cultúr na hÉireann, ealaín na hÉireann agus léiriúcháin na hÉireann maidir lena dtionchar go hidirnáisiúnta agus sa bhaile. D'aithin an Rialtas, leis an bpacáiste láidir samhlaíoch seo de thacaíochtaí a fógraíodh inniu, go bhfuil céimeanna misniúla riachtanach chun go dtiocfaidh ár bpobal ealaíon, imeachtaí agus cultúrtha an-luachmhar ar ais níos láidre ná riamh."

Dúirt an tAire chomh maith:

“Tá áthas orm go háirithe a bheith ag fógairt reáchtáil Scéim nua Ráthaíochta Ioncaim Bhunúsaigh nua d’ealaíontóirí ar bhonn píolótach. Tá an scéim seo bunaithe ar phlé leanúnach leis an earnáil. Cuirfidh an scéim borradh faoi agus tacaíocht ar fáil don earnáil ealaíon agus cultúir, agus tá súil agam go soláthróidh sí toradh dár n-ealaíontóirí, tar éis na gcúinsí deacra ina raibh siad ag maireachtáil le bliain go leith anuas. Mhol an Tascfhórsa um Théarnamh na Ealaíon agus an Chultúir an beart seo a chur i bhfeidhm thar aon rud eile."

An Ghaeltacht

Ta sé mar aidhm ag clár Gaeltachta an Rialtais tacú leis an nGaeilge agus úsáid na teanga mar phríomhtheanga an phobail sa Ghaeltacht a neartú.

Faoin gclár seo, cuirfidh leithdháileadh 2022 ar chumas na Roinne seo an méid seo a leanas a chur ar fáil:

  • Tacaíocht mhéadaithe d'Údarás na Gaeltachta
  • Tacaíocht bhreise do Scéimeanna tacaíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht
  • Comhoibriú feabhsaithe trasteorann in earnáil na dteangacha via an Foras Teanga
  • Tacaíocht bhreise do phróiseas na Pleanála Teanga

Buiséad 2022 - áirítear ar na Buaicphointí don Ghaeltacht:

  • Leithroinnt breis is €85.6m d'earnáil na Gaeltachta agus na Gaeilge - sin méadú €7m ar an leithroinnt a rinneadh in 2021
  • Maoiniú breise €1.4m d'Údarás na Gaeltachta, a thabharfaidh maoiniú iomlán go dtí €33.3m
  • €1m breise don Chlár Tacaíochtaí Pobail Ghaeltachta agus Teanga, a thabharfaidh maoiniú iomlán go dtí €11.2m
  • €2.3m breise do Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, a thabharfaidh maoiniú iomlán go dtí €9.95m
  • €800k breise don Phróiseas Pleanála Teanga, a thabharfaidh maoiniú iomlán go dtí €5.8m
  • €700k breise don Fhoras Teanga
  • Méadú €4.2m ar mhaoiniú TG4

De réir gealltanas a tugadh i gClár an Rialtais, chuir an tAire Martin agus an tAire Stáit Chambers araon fáilte roimh an bhfógra go gcuirfear maoiniú breise ar fiú €7m é ar fáil don Ghaeltacht agus d'earnáil na Gaeilge an bhliain seo chugainn, a thabharfaidh go dtí €85.6m an leithdháileadh maoinithe atá acu. Ina theannta sin, faoi leithdháileadh na Roinne do na Meáin, tá méadú €4.2m á chur ar mhaoiniú TG4 chun é a thabhairt suas go dtí €44.933m - an méadú is mó riamh ar mhaoiniú na heagraíochta. D'fhéadfadh ioncam fógraíochta suntasach breise ón earnáil phoiblí a bheith ar fáil do TG4 an bhliain seo chugainn chomh maith, a thiocfaidh chun cinn ó fhorálacha Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) atá le hachtú go luath.

Tá maoiniú breise ar fiú €1.5m san iomlán é á chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta a chuideoidh tuilleadh leis an Údarás fiontraíocht a fhorbairt sna réigiúin Ghaeltachta agus a Straitéis 5 bliana a chur i bhfeidhm. Áirítear air seo €1m breise sa bhliain 2022 i leith forbairt pobail agus earnáil thurasóireacht na Gaeltachta, a buaileadh go dona, ag cur le méaduithe a cuireadh ar fáil sna trí Bhuiséad dheireanacha. Tá an méadú €14.45m ar leithdháileadh caipitil an Údaráis don bhliain 2021 á choinneáil don bhliain 2022.

Rachaidh leithdháiltí méadaithe don phróiseas pleanála teanga reachtúil agus do thacaíochtaí pobail agus teanga chun tairbhe na Gaeltachta freisin, ar aon dul le straitéis an Rialtais - Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Cuirfear maoiniú breise os cionn €0.7m ar fáil freisin don comhlacht teanga trasteorann, An Foras Teanga, a chuirfidh leis an méadú suntasach a áiríodh sa Bhuiséad deireanach.

Dúirt an tAire Chambers:

"Cuireann sé an-áthas orm a bheith in ann leithdháileadh breise €2.3m a chur ar fáil do Scéimeanna Tacaíochta Teanga mo Roinne lasmuigh den Ghaeltacht mar aon le leithdháileadh breise €1m do Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne sna réigiúin Ghaeltachta. Chuir na scéimeanna agus tionscnaimh éagsúla a fheidhmítear faoin gclár go mór le tacaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm leanúnach an phróisis pleanála teanga agus chuspóirí foriomlána an Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge, 2018-2022. Cuideoidh an maoiniú breise a chuirfear ar fáil faoi leithdháileadh Gaeltachta mo Roinne, mar aon leis an méadú suntasach do TG4, chun tacú le cur i bhfeidhm leanúnach an Phlean Gníomhaíochta.

Dúirt an tAire Chambers chomh maith go gcabhródh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), nuair a achtófar é, le cinnte a dhéanamh go mbeadh seirbhísí ar fáil do chainteoirí Gaeilge ina dteanga dúchais, ach anuas air sin, go gcuirfeadh sé an iliomad deiseanna fostaíochta nua ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge, agus go gcuirfeadh sé leis an méid ioncaim fógraíochta seirbhíse poiblí a bheadh ar fáil do na meáin Ghaeilge, TG4 ina measc.

Spórt

Tá d'aidhm ag clár spóirt an Rialtais cur le sochaí atá níos folláine agus níos gníomhaí trí rannpháirtíocht sa spórt a chur chun cinn agus trí thacaíocht a thabhairt do spórt ardfheidhmíochta agus do shaoráidí a chur ar fáil.

Faoin gclár seo, cuirfear leithdháileadh 2022 ar chumas na Roinne an méid seo a leanas a chur ar fáil:

  • Tacaíocht mhéadaithe do Spórt Éireann
  • Leithdháiltí nua faoin gClár Caipitil agus Trealaimh Spóirt
  • Maoiniú méadaithe do Bhearta Spóirt trí Chiste na gCuntas Díomhaoin
  • Maoiniú méadaithe i leith tionscnamh chun mórimeachtaí spóirt a mhealladh chun na hÉireann

Áirítear ar na buaicphointí maidir le Spórt:

  • Maoiniú reatha €96.2m do Spórt Éireann, méadú €4.3m. Cinnteofar leis seo go mbeidh Spórt Éireann in ann leanúint de thacaíocht a thabhairt d'earnáil spóirt na hÉireann, a bhfuil an-tábhacht léi, agus áireofar ann bearta amhail:
  • Maoiniú breise i leith spórt ardfheidhmíochta mar chuid d'ullmhúchán Fhoireann na hÉireann i dtreo Pháras 2024, i gcomhréir le ruthag aidhmeanna, chuspóirí agus mhaoiniú an Bheartais Náisiúnta Spóirt 2018 - 2027 agus na Straitéise Ardfheidhmíochta 2021-2032
  • Comhionannas maidir le maoiniú deontas d'imreoirí peile Gaelaí, idir mhná agus fhir
  • Leanúint de thacaíocht a chur ar fáil don earnáil spóirt sa bhliain 2022 de réir mar a thagann sí amach as na srianta Covid-19

Maidir le tacaíocht chaipitil do thionscadail spóirt, clúdófar faoi mhaoiniú breise na bliana seo chugainn gach gealltanas atá ann cheana mar aon le leithdháiltí suntasacha nua faoin gClár Caipitil agus Trealaimh Spóirt. Fógrófar na leithdháiltí nua sna míonna atá amach romhainn. Tá maoiniú suntasach curtha ar fáil don bhliain seo chugainn chun tionscadail ábhartha faoin gCiste Bonneagair Spóirt ar Scála Mór a chur chun cinn.

Tá aontaithe ag an Rialtas méadú eile ar mhaoiniú Cuntas Díomhaoin don spórt ar fiú €2m é, a thabharfaidh an leithdháileadh iomlán go dtí €12m. Beidh an maoiniú, atá os cionn a dhá oiread níos airde ná leibhéal roinnt blianta ó shin, á dhíriú ar phobail a mbíonn sé deacair teacht orthu trí thionscadail nuálacha chun rannpháirtíocht i spórt agus i ngníomhaíocht fhisiciúil a chur chun cinn agus a choinneáil ag gabháil do chách.

Athdhearbhaíodh gealltanas an Rialtais i mBuiséad 2022 chomh maith, maidir le Campas Spóirt Éireann i mBaile Bhlainséir a fhorbairt, le leithdháileadh caipitil €9.6m don bhliain 2022.

Dúirt an tAire Chambers:

"Déanfar infheistíocht shuntasach i spórt le Buiséad 2022, a chuirfidh leis an bpacáiste fairsing tacaíochta a cuireadh ar fáil chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhain le COVID-19 do NGBanna agus do chlubanna in 2020 agus in 2021. Tagann an maoiniú go maith leis an bpacáiste maoinithe spóirt ar luach €65m a fógraíodh an tseachtain seo caite, agus cuirfidh sé ar chumas Spórt Éireann leanúint de thacaíocht a thabhairt d'fhorais spóirt na tíre agus teacht chun cinn earnála spóirt i ndiaidh Covid atá láidir agus bríomhar a chinntiú. Tacóidh sé chomh maith le cur i bhfeidhm na Straitéise Ardfheidhmíochta a cheadaigh an Rialtas i mí an Mheithimh agus raoin clár rannpháirtíochta lena chinntiú go mbeidh deiseanna ag gach uile duine páirt a ghlacadh i spórt. Tá comhionannas maidir le maoiniú deontais d'imreoirí peile Gaelaí, idir mhná agus fhir, ina phríomhthosaíocht domsa agus don Aire Martin, agus tá lúcháir orainn go rabhamar in ann é sin a bhaint amach."

Na Meáin

Is é cuspóir chlár Meán an Rialtais tacaíocht agus cosaint a thabhairt d'earnáil ilchineálach agus iolraíoch na meán agus í a chur chun cinn, lena n-áirítear trí rialtóir nua a bhunú, Coimisiún na Meán a thacóidh le craolachán seirbhíse poiblí d'ardchaighdeán a chur ar fáil agus a dhéanfaidh maoirseacht ar rialáil éifeachtach ar líne.

Faoin gclár seo, cuirfear leithdháileadh Bhuiséad 2022 ar chumas na Roinne seo an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • An rialtóir nua, Coimisiún na Meán, a bhunú
  • Tacaíocht mhéadaithe a chur ar fáil do TG4

Áirítear ar na buaicphointí maidir le Meáin:

  • Maoiniú €5.5m i leith Coimisiún nua na Meán a bhunú, lena n-áirítear Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne a cheapadh in 2022
  • An méadú is mó riamh, méadú €4.2m, ar mhaoiniú TG4, a thabharfaidh a mhaoiniú bliantúil don bhliain 2022 go dtí €44.933m.

Dúirt an tAire Martin:

“Tá an-áthas orm maoiniú €5.5m a fháil chun Coimisiún na Meán a bhunú in 2022. Bainfear úsáid as an maoiniú go príomha chun bunú foirimiúil Choimisiún na Meán a éascú, chun acmhainn, struchtúir agus saineolas rialála a fhorbairt maidir le Sábháilteacht ar Líne agus rialáil na meán a thiocfaidh faoi chúram an Choimisiúin. Cuirfidh sé sin ar chumas Choimisiún na Meán Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne a earcú, obair a thosú go luath agus tús maith a dhéanamh tar éis achtú an Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne in 2022."

Chuir an tAire fáilte roimh an méadú suntasach ar mhaoiniú TG4 chomh maith, atá ar an méadú is mó a tháinig ar mhaoiniú TG4 go dtí seo:

“Tá Straitéis uaillmhianach iar-Covid ag TG4; Tá ríméad orm go gcuirfidh an maoiniú breise a fuair mé ar a chumas na pleananna atá aige tús áite a thabhairt d'ábhar nuachta agus do lucht féachana níos óige a chur i gcrích. Tuigim chomh maith go dtacaíonn clár TG4 le réimse leathan d'ábhar nuálach ó earnáil na léiriúchán neamhspleách réigiúnach. Spreagfaidh an maoiniú breise léiriú ábhair agus cuirfidh foinse luachmhar fostaíochta ar fáil chomh maith sa Ghaeltacht agus in Iarthar na hÉireann. In éineacht leis an ioncam níos mó a bhfuiltear ag súil leis ó na bearta i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), creidim go leanfaidh TG4 de na seirbhísí sárluachmhara a chuireann siad ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge agus pobail eile a fhás.”

Tá sé i gceist ag TG4 infheistíocht a dhéanamh sna comhéadain dhigiteacha atá acu don lucht féachana óg agus nuacht agus ábhar atá dírithe ar dhaoine óga a fhorbairt. Cuirfidh siad leis an rath a bhí ar Cúla 4 ar Scoil, a chuir tacaíochtaí oideachais ar fáil le linn na paindéime don scolaíocht bhaile. Tá sé i gceist ag TG4 chomh maith maoiniú breise a infheistiú in earnáil na léiriúchán neamhspleách réigiúnach, lena n-áirítear ábhar do leanaí níos óige a léiriú. Tá sin ag teacht leis an straitéis atá acu tacú le forbairt réigiúnach an tionscail closamhairc.


Trácht Foriomlán

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Martin:

"Tá an tír seo ag tosú ag teacht chuici féin anois ón bpaindéim is measa le céad bliain agus ceann de ghéarchéimeanna is mó ár linne. Bhí na hearnálacha atá faoi choimirce na Roinne seo ar chuid de na hearnálacha is measa a buaileadh, agus beidh siad ar chuid de na hearnálacha deiridh a thiocfaidh chucu féin arís. Tá oibrithe go crua agam, i mbun plé le hionadaithe earnála, le hoifigigh mo Roinne, agus le comhghleacaithe sa Rialtas chun an clár láidir beart agus tacaíochtaí a fógraíodh inniu a fhorbairt, lena chinntiú go mbeidh muintir na hÉireann ábalta a bheith rannpháirteach san obair thar a bheith tábhachtach a ndéanaimid maoirseacht uirthi, agus sásamh a bhaint aisti, i gcónaí.

Dúirt an tAire Chambers:

Bhí droch-thionchar ach go háirithe ag COVID-19 ar an earnáil spóirt agus ar phobail Ghaeltachta. Cuireadh tacaíochtaí láidre ar fáil i mbuiséad na bliana seo caite a thug cúnamh do na hearnálacha sin teacht slán. Táthar ag iarraidh cur a thuilleadh le fás na n-earnálacha agus le rath na n-earnálacha sin le Buiséad 2022, chun rannpháirtíocht níos leithne agus níos doimhne i bpobail na tíre a fhorbairt."