Bunaítear Meitheal Ilpháirtithe Leasmhara chun Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagfhaisnéise a Fhorbairt
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 21 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 21 Feabhra 2023
D’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., roimh bhunú mheitheal il-pháirtithe leasmhara chun iarrachtaí earnála a chomhordú chun troid i gcoinne na bréagfhaisnéise agus chun cur chuige comhcheangailte a sholáthar a fhéachann le cruthú agus leathadh ábhar bréagach agus díobhálach a laghdú.
Tá sé mar aidhm ag an Meitheal an straitéis a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2023. Reáchtálfar comhairliúchán poiblí mar chuid den phróiseas. Comhlíonann bunú na Meithle moladh i dtuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán, inar iarradh cur chuige níos comhordaithe agus níos straitéisí chun dul i ngleic leis an tionchar dochrach atá ag an mbréagfhaisnéis ar shochaí agus ar dhaonlathas na hÉireann.
Comhordaíonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an Meitheal. Tá ionadaithe ón tionscal, ón saol acadúil, ón tsochaí shibhialta agus ó Ranna Rialtais sa Mheitheal.
Ainmníodh Martina Chapman, Comhordaitheoir Náisiúnta Litearthacht na Meán in Éirinn agus comhairleoir neamhspleách litearthachta sna meáin, le bheith ina cathaoirleach neamhspleách ar an Meitheal.
Leagadh amach i dTuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán aidhmeanna don Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagfhaisnéise agus léireofar na haidhmeanna sin in obair na Meithle:
- Iarrachtaí náisiúnta a chomhordú chun dul i ngleic le feachtais eagraithe chomhordaithe iomramhála úsáideoirí idirlín na hÉireann agus trédhearcacht a chinntiú faoi bheartais mhodhnóireachta ábhair a mbíonn tionchar acu ar shaoránaigh na hÉireann
- Monatóireacht fhadtéarmach éifeachtach a fhorbairt ar chur i bhfeidhm Chód Cleachtais an AE um Bréagfhaisnéis agus Acht na Seirbhísí Digiteacha in Éirinn
- Forbairt a dhéanamh i gcomhairle le gach roinn agus gníomhaireacht ábhartha, Mol EDMO na hÉireann, páirtithe leasmhara tionscail, eagraíochtaí nuachta, grúpaí sochaí sibhialta agus seiceálaithe fíricí agus taighdeoirí dífhaisnéise in Éirinn. Ba cheart go n-áireofaí sa Straitéis freisin ról do shaoránaigh na hÉireann, a d’fhéadfadh a bheith ag lorg maoirseachta ar chinntí a mbíonn tionchar acu ar úsáideoirí Éireannacha ardáin ábhair, nó ar ghearáin a dhéanann siad.
- Samplaí eile de dhea-chleachtas idirnáisiúnta a scrúdú
- Caidrimh a thógáil idir ardáin agus taighdeoirí acadúla a éascaíonn rochtain ar shonraí a dhéanfadh eolas níos fearr d’idirghabhálacha chun scaipeadh na bréagfhaisnéise a chosc
- Bearta a aithint chun tacú le nuálaíocht i seiceáil fíricí agus taighde bréagfhaisnéise agus tacaíocht a sholáthar don nuálaíocht i réimsí atá ríthábhachtach do chomhlíonadh na timpeallachta rialála nua a chruthaítear leis an Acht um Sheirbhísí Digiteacha
- Athbhreithniú a dhéanamh ar thionscnaimh litearthachta meán in Éirinn atá ann cheana féin, lena n-áirítear scrúdú ar an bhféidearthacht go mbeadh cur chuige níos comhtháite ann idir ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha rialtais maidir le tionscnaimh litearthachta meán a fhorbairt. Ba cheart go mbeadh cláir phíolótacha do litearthacht sna meáin ag eascairt ón athbhreithniú seo incháilithe do thacaíocht dhíreach faoi Chiste na Meán.
- Aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach atá ag iriseoireacht shaor, neamhspleách ar ardchaighdeán maidir le cur i gcoinne na bréagfhaisnéise, agus a ailíniú le hiarrachtaí chun soláthar faisnéise leasa phoiblí a chosaint ar an leibhéal áitiúil agus náisiúnta.
Dúirt an tAire Martin:
“Fáiltím roimh bhunú Meithle chun Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagfhaisnéise nua a fhorbairt, mar a mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán.
Tá a fhios againn go bhfuil an bhréagfhaisnéis casta agus díobhálach. Ciallaíonn sé seo nach féidir le haon chur chuige amháin é a réiteach. Sin an fáth ar bunaíodh an Meitheal seo - chun príomhpháirtithe leasmhara a thabhairt le chéile ar fud an Rialtais, an tionscail, an tsaoil acadúil agus na sochaí sibhialta chun Straitéis uileghabhálach a fhorbairt chun cur chuige comhcheangailte a chur chun cinn a bhfuil sé mar aidhm aige cruthú agus scaipeadh ábhar bréagach agus díobhálach a laghdú.
I measc rudaí eile, féachfaidh an Meitheal le hathbhreithniú a dhéanamh ar thionscnaimh litearthachta meán atá ann cheana féin, uirlisí agus meicníochtaí a aithint chun aghaidh a thabhairt ar bhréagfhaisnéis agus bealaí a aithint chun iarrachtaí náisiúnta a chomhordú níos fearr chun cur i gcoinne feachtais eagraithe ionramhála úsáideoirí idirlín in Éirinn.
Tiocfaidh an grúpa le chéile den chéad uair ar an 24 Feabhra agus tá sé i gceist go bhfoilseofar an Straitéis deiridh faoi dheireadh 2023. Mar chuid de phróiseas forbartha na Straitéise, reáchtálfar comhairliúchán poiblí.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán (anseo) go sonrach (Moladh 8.8) gur cheart Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagfhaisnéise a fhorbairt i gcomhairle leis na ranna agus na gníomhaireachtaí ábhartha go léir, lena n-áirítear mol Saineolaithe Meán Digiteach na hÉireann, páirtithe leasmhara tionscail, eagraíochtaí nuachta, grúpaí sochaí sibhialta, seiceálaithe fíricí agus taighdeoirí bréagfhaisnéise na hÉireann.
Ballraíocht
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Roinn an Taoisigh
An Roinn Dlí is Cirt
An Coimisiún Toghcháin
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide/An tIonad Náisiúnta um
Chibearshlándáil
An Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta
An Roinn Gnóthaí Eachtracha
An Roinn Sláinte
An Roinn Oideachais/Webwise
An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Comhtháthaithe agus Óige
Údarás Craolacháin na hÉireann/Coimisiún na Méan
Ombudsman an Phreasa
Litearthacht na Meán in Éirinn
Institute for Future Media, Democracy and Society (FuJo)/EDMO Ireland
Comhairle na hÉireann um Shaoirsí Sibhialta
Comhlachas Leabharlanna na hÉireann
Comhairle na nÓg
Teicneolaíocht Éireann