Cúntóirí Teanga le bheith i mbun oibre sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge de thoradh ciste atá fógartha ag an Aire Stáit Patrick O’Donovan
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 17 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 17 Feabhra 2023
- Allúntas suas le €508,640 ceadaithe aige do Ghlór na nGael chun Scéim na gCúntóirí Teanga a riar i nGaelscoileanna agus Gaelcholáistí atá suite sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge araon.
- Meastar go bhféadfadh 27 scoil atá suite i seacht mBaile Seirbhíse Gaeltachta agus i dtrí Líonra Gaeilge leas a bhaint as an scéim seo agus cruthóidh sé suas go 25 post páirtaimseartha.
D’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht Patrick O’Donovan T.D. (inniu) go bhfuil ciste ar fiú €508,640 ceadaithe aige thar tréimhse dhá bhliain chun go mbeidh scoileanna faoi leith atá suite i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga in ann cúntóir teanga a fhostú mar chuid den phróiseas pleanála teanga.
Is é an eagraíocht Glór na nGael a bheidh freagrach as an scéim a riar thar ceann na Roinne. Táthar ag súil leis go mbeidh suas le 27 scoil a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa seacht mBaile Seirbhíse Gaeltachta agus sa trí Líonra Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga in ann leas a bhaint as an mbeart seo a thosófar á chur i bhfeidhm láithreach. Meastar go bhféadfadh tuairim is 25 cúntóirí teanga a bheith fostaithe faoin scéim agus í faoin lán seoil.
Tá 134 scoil ag baint leas cheana féin as Scéim na gCúntóirí Teanga de chuid na Roinne ó cheann ceann na Gaeltachta agus 113 cúntóirí teanga i mbun oibre faoi scáth na scéime atá á riar ag an dá eagraíocht Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne thar ceann na Roinne. Is é an cuspóir a bhaineann leis an scéim ná tacú le scoileanna deiseanna breise saibhrithe agus sealbhaithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail na scoileanna i gceist.
Dúirt an tAire Stáit O’Donovan:
“Is céim mhór chun cinn é an beart seo atá á dhéanamh mar thaca breise d’fheidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga. Tá an próiseas sin - atá faoi stiúir fhoriomlán na Roinne, faoi lán seoil anois sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas. Is údar áthais dom mar Aire Stáit na Gaeltachta a bheith in ann é seo a dhéanamh. Creidim go láidir gur chóir a bheith tacú leis an Gaeilge ar an gcaoi seo.”
Dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Glór na nGael:
“Is cinnte go mbeidh tionchar dearfach ag an scéim seo ar fhorbairt na teanga sna scoileanna a bheidh rannpháirteach. Is buntáiste iontach luachmhar do na pobail sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge a bheidh ann. Tá muid ag súil go mór a bheith ag obair leis na coistí pobail, scoileanna, tuismitheoirí agus le príomhoidí sna ceantair seo. Is cuid eile den phleanáil teanga é seo a cheanglaíonn le scéimeanna eile Ghlór na nGael ar nós Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, Céimeanna, Gradaim Gnó na hÉireann, Teanga Tí agus Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael.”
Is i gcomhréir le bearta 2.13, 2.14 agus 2.17 an Phlean Gníomhaíochtaí don Ghaeilge 2018-2022 (gov.ie - Plean Gníomhaíochta 2018-2022 (www.gov.ie)) atá an ciste Roinne á cheadú faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Faoi Scéim na gCúntóirí Teanga cuirtear cúnamh airgid ar fáil chun cabhrú tuilleadh le scoileanna a thagann faoina scáth deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail na scoileanna sin.
I dteannta leis an mbeart thuasluaite, ghlac an Roinn leis na céimeanna a leanas le tamall de bhlianta beaga anuas chun barr feabhais a chur ar an scéim:
- Ceadaíodh allúntas suas le €4.039m. in iomlán thar thréimhse 3 bliana faoin Scéim do na scoileanna Gaeltachta anuraidh.
- Ceadaíodh uaireanta breise teagaisc faoin Scéim do bhunscoileanna Gaeltachta a bhfuil tinreamh níos mó ná 100 dalta acu.
- Seoladh go hoifigiúil an leabhrán: Ról an Chúntóra Teanga a bheidh mar fhoinse tagartha, faisnéise agus tacaíochta do chúntóirí teanga, lucht riartha na scéime agus d’fhoirne bainistíochta agus teagaisc scoileanna Gaeltachta.
- Ceadaíodh acmhainní breise arbh fhiú €1.02m ó thús na scoilbhliana 2018/19 le go mbeadh 32 scoil bhreise in ann leas a bhaint as an scéim – ionann le gach scoil Ghaeltachta atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantas Scoileanna Gaeltachta. De thoradh seo uile, tá 134 scoil Ghaeltachta ag baint leasa as na hathruithe seo uile le hais 104 scoil in 2017/18 agus tá 113 cúntóir fostaithe faoin scéim anois i gcomparáid le 100 in 2018/19.
Seo a leanas liosta de na scoileanna a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as an gciste breise:
Scoileanna ábhartha sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta a bhfuil plean teanga ceadaithe ina leith go dtí seo faoin bpróiseas: | |
BSG Trá Lí | Gaelscoil Mhic Easmainn |
BSG Trá Lí | Gaelcholáiste Chiarraí |
BSG Cathair na Gaillimhe | SN Fhursa |
BSG Cathair na Gaillimhe | SN Bhrighde |
BSG Cathair na Gaillimhe | SN Iognáid |
BSG Cathair na Gaillimhe | Gaelscoil Dara |
BSG Cathair na Gaillimhe | Coláiste na Coiribe |
BSG Leitir Ceanainn | Gaelscoil Adhamhnáin |
BSG Leitir Ceanainn | Coláiste Ailigh |
Scoileanna ábhartha sna Líonraí Gaeilge a bhfuil plean teanga ceadaithe ina leith: | |
LG Inis | Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg |
LG Cluain Dolcáin | Gaelscoil na Camóige |
LG Baile Locha Riach | Gaelscoil Riabhach |
Scoileanna ábhartha i mBailte Seirbhíse Gaeltachta a bheidh in ann leas a bhaint as amach anseo ach plean teanga a bheith ceadaithe ina leith: | |
BSG Cathair Chorcaí | Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa |
BSG Cathair Chorcaí | SN Gleann Maighir/Scoil na nÓg |
BSG Cathair Chorcaí | Gaelscoil Uí Ríordáin |
BSG Cathair Chorcaí | Scoil an Athair Tadhg Ó Murchú |
BSG Cathair Chorcaí | Gaelscoil Mhachan |
BSG Cathair Chorcaí | Gaelscoil Peig Sayers |
BSG Cathair Chorcaí | Gaelscoil an Ghoirt Álainn |
BSG Cathair Chorcaí | Gaelscoil Uí Dhrisceoil |
BSG Cathair Chorcaí | Gaelscoil an Chaisleáin |
BSG Cathair Chorcaí | Coláiste an Phiarsaigh |
BSG Cathair Chorcaí | Gaelcholáiste Mhuire A.G. |
BSG Cathair Chorcaí | Coláiste Daibhéid |
BSG An Uaimh | Gaelscoil Éanna |
BSG Cathair Saidhbhín | Coláiste na Sceilge |
BSG Caisleán an Bharraigh | Scoil Raifteirí |