English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cainéal Teilifíse Gaeilge nua ag dul ar an aer inniu

Cainéal teilifíse Gaeilge do pháistí Cúla4 á sheoladh ar Saorview, Virgin, Sky agus Eir

Sheol an tAire Catherine Martin TD an tseirbhís teilifíse Ghaeilge nua do pháistí agus daoine óga de chuid TG4, Cúla 4, go hoifigiúil inniu (Dé hAoine 8 Meán Fómhair).

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Tá an-áthas orm a bheith i nGaillimh inniu chun an chéad chainéal Gaeilge riamh atá tiomanta do pháistí a sheoladh.

“Le seoladh cainéil Ghaeilge atá tiomanta do pháistí, tá an deis ag TG4 seirbhís níos fearr a dhéanamh do lucht féachana Éireannach níos óige. Tá mé an-sásta an meascán de nuacht atá dírithe ar pháistí, agus ábhar oideachasúil agus siamsaíochta, a fheiceáil sa sceideal. Cuirim fáilte roimh an straitéis chun an t-ábhar a chur ar fáil go digiteach, rud a chinntíonn gur féidir le rochtain a fháil ar an ábhar ar bhonn il-ardáin, agus a chinntíonn go mbeidh Cúla4 ar fáil do pháistí cibé áit ina bhfuil siad. Do chainteoirí neamhdhúchasacha, tógann sé seo an teanga amach ón timpeallacht scoile agus cuireann sé isteach ina mbailte í.”

Beidh an stáisiún nua ar an aer ar feadh 14 uaire go laethúil, ó 6rn go dtí 8in, seacht lá in aghaidh na seachtaine. Tacófar le Cúla4 ar líne tríd an seinnteoir, Cula4.com agus Aip Cúla4, mar aitheantas ar an treocht bhreithnithe neamhlínigh atá ag méadú.

Dírítear an ábhar ar pháistí idir 0-12 bhliana d’aois, agus beidh seirbhís nuachta do pháistí, ábhar siamsaíochta, drámaíocht atá déanta in Éirinn agus beochan san áireamh leis. Is príomhaidhm de chuid Cúla4 é léiriú a dhéanamh ar chúlraí éagsúla páistí atá cónaí orthu ar fud na hÉireann, ach go háirithe iad siúd sa Ghaeltacht agus i bpobal labhartha na Gaeilge. Leanfaidh Cúla4 ar aghaidh ag cur ábhair Ghaeilge ar fáil do Bhunscoileanna.

Chomh maith, dúirt an tAire Martin: “Bhí mé an-sásta maoiniú ciste de €3.3m a fháil i mBuiséad 2023 chun tacú le forbairt agus seoladh Cúla4. Leis an mhaoiniú seo cuirtear tacaíocht agus infheistíocht leanúnach ar fáil dár gcomhlachtaí léirithe neamhspleácha réigiúnacha, go háirithe iad siúd i gceantair Ghaeltachta, agus iad ag obair go dlúth le TG4 chun ábhar Gaeilge do pháistí d’ardchaighdeán a chur ar fáil.”

CRÍOCH

Nótaí chuig an Eagarthóir

I Meán Fómhair 2022, thug an tAire cead faoi Alt 103 an Achta Chraolacháin le haghaidh cainéil Ghaeilge nua do pháistí, tar éis measúnaithe luacha phoiblí a thug an Roinn faoi agus measúnú tionchair earnála a tugadh faoi ag Údarás Craolacháin na hÉireann (Coimisiún na Meán anois). Bhí torthaí na measúnuithe seo an-dearfach i dtéarmaí an luacha bhreise a chuirfeadh a leithéid de chainéal le craolachán na hÉireann, soláthar ábhair do dhaoine óga agus forbairt teanga. Tá sonraí faoi na measúnuithe sin ar fáil anseo.

Is é TG4 an craoltóir seirbhíse Poiblí Gaeilge a bhfuil a chuid oibleagáidí seirbhíse poiblí leagtha amach in Alt 118 den Acht Craolacháin 2009. Is tríd an Státchiste den chuid is mó a mhaoinítear é chomh maith le roinnt ioncam tráchtála a fháil. Fuair an tAire Martin maoiniú breise de €7.3m i mBuiséad 2023, an méadú bliantúil maoinithe is mó a fuarthas riamh do TG4. Cuireadh €3.3m den mhaoiniú i leataobh chun tacú le forbairt agus seoladh Cúla4, ábhar a choimisiúnófar ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha ina measc.