Cainéal Teilifíse nua Gaeilge do Leanaí ceadaithe
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 28 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá cead reachtúil tugtha inniu (Dé Céadaoin an 28 Meán Fómhair 2022 ) ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, do TG4 cainéal teilifíse nua Gaeilge do Leanaí bhunú.
Bhí an soláthar €3.3m don chainéal san áireamh mar chuid de leithdháileadh Bhuiséad 2023 do TG4 a fuair méadú €7.3m ar a mhaoiniú, an méadú bliantúil is mó fós atá faighte ag an gcraoltóir.
Dúirt an tAire Martin inniu:
“Tá ríméad orm a fhógairt go bhfuil mo thoiliú tugtha agam do TG4 cainéal nua tiomnaithe Gaeilge do leanaí, Cúla4, a bhunú.
“Cé go ndéanfaidh TG4 sonraí iomlána an chainéil nua a fhógairt in am trátha, beidh seirbhís nuachta do leanaí, ábhar oideachais siamsaíochta, cláracha drámaíochta, ábhar beochana Gaeilge mar chuid de, agus tabharfaidh sé léargas ar na cúlraí iléagsúla go léir atá ag leanaí atá ina gcónaí ar fud na hÉireann, go háirithe sa Ghaeltacht agus i bpobail ina labhraítear Gaeilge.
Tugadh an cead i ndiaidh measúnaithe tionchair earnála agus fiúntais phoiblí, mar a éilítear faoin Acht Craolacháin, 2009, a bheith tugtha chun críche. Bhí toradh thar a bheith dearfach ar na measúnaithe sin maidir leis an bhfiúntas breise a bheadh i gceist le cainéal dá leithéid i gcraoltóireacht na hÉireann, i soláthar ábhair do dhaoine óga agus i bhforbairt na teanga.
Is éard a dúirt an tAire Martin agus í ag trácht ar mhéadú foriomlán TG4:
“Tá an méadú seo thar a bheith suntasach, ní hamháin i dtaobh cláracha Gaeilge, ach i dtaobh an róil atá ag TG4 Straitéis 20 Bliain na Gaeilge an Rialtais a sheachadadh, agus cuirfidh sé ar chumas TG4 freastal níos fearr a dhéanamh ar na pobail sin a labhraíonn Gaeilge, agus tacaíocht níos mó a chur ar fáil do na comhlachtaí cruthaitheachta réigiúnacha atá againn.”
Nóta d'Eagarthóirí:
Is é TG4 an craoltóir seirbhíse Poiblí Gaeilge a bhfuil a chuid oibleagáidí seirbhíse poiblí leagtha amach in Alt 118 den Acht Craolacháin 2009. Is tríd an Státchiste den chuid is mó a mhaoinítear é chomh maith le roinnt ioncam tráchtála a fháil. Cuideoidh an maoiniú breise €7.3m leis an gcraoltóir a chuid oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh. Tá sé i gceist ag TG4 an cainéal nua leanaí Cúla4 a bhunú in 2023 agus fógrófar tuilleadh sonraí faoin seo níos gaire don dáta seolta. Bainfear úsáid as an maoiniú breise €3.3m chun an tseirbhís nua a shocrú, ábhar a choimisiúnú ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha ina measc.
Éilítear faoi Alt 103 den Acht Craolacháin nach mór toiliú an Aire a bheith faighte i dtaobh seirbhísí a athrú, cainéil eile a bhunú ina measc. Éilítear ann chomh maith go dtabharfadh Údarás Craolacháin na hÉireann faoi mheasúnú tionchair earnála agus go dtabharfadh an Roinn faoi mheasúnú fiúntais phoiblí. Tá na measúnaithe sin tugtha chun críche agus foilseofar iad ar láithreán gréasáin na Roinne in éineacht le cinneadh an Aire sna laethanta amach romhainn.