English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cathaoirleach nua d’Údarás na Gaeltachta fógartha ag an Aire Martin agus an Aire Stáit Byrne

Siobhán Ní Ghadhra ceaptha ina Cathaoirleach

Tá fógartha ag Catherine Martin T.D., Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne, T.D., Aire Stáit naGhaeltachta, go bhfuil Siobhán Ní Ghadhra ceaptha acu mar Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta.

Beidh Siobhán Ní Ghadhra mar Chathaoirleach ar an mbord go dtí deireadh na bliana seo.

Is léiritheoir teilifíse í Siobhán Ní Ghadhra a bhfuil gradaim bainte amach aici, dhá ghradam Emmy ina measc, i réimse na teilifíse, na beochana agus sa chraoladh beo. Chuir sí tús lena saol gairmiúil i stiuideo an déantóra scannán Roger Corman i gConamara agus ceapadh í mar Phríomhoifigeach Oibriúcháin le Telegael in 2012. Sa bhliain 2015, bhunaigh sí Danú Media.

Ba chomhalta í tráth d’Údarás Craolacháin na hÉireann idir 2010 agus 2015, den Blue Teapot Theatre Company agus de Bhord Straitéise Seachtraí Ollscoil na Gaillimh chomh maith. Is comhalta í faoi láthair de bhoird TG4 agus Deasc Eoraip Chruthaitheach i nGaillimh.

Tá taithí fhada fhairsing ag Siobhan Ní Ghadhra sa tionscal gnó agus teilifíse agus cur chun cinn na dtionscal sin sa Ghaeltacht.

Dúirt an an tAire Martin:

“Tá áthas orainn an ceapachán seo a fhógairt. Tugann Siobhán Ní Ghadhra taithí fhairsing shaibhir do ról an Chathaoirligh agus ba mhaith liom gach rath a ghuí uirthi agus í ag tabhairt faoina dualgais ar bhord an Údaráis – eagraíocht atá lárnach i saol phobal na Gaeltachta.”

Dúirt an tAire Stáit Byrne:

“Fáiltím roimh cheapachán Shiobháin Ní Ghadhra mar Chathaoirleach nua ar Údarás na Gaeltachta. Is mór a rachaidh na scileanna straitéiseacha, eagraíochtúla agus ceannaireachta atá ar a dtoil aici chun leasa an Údaráis agus í ag feidhmiú mar Chathaoirleach.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Faoi réir Acht na Gaeltachta 2012, is bord de dhá dhuine dhéag atá ag Údarás na Gaeltachta. Ceapann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán seachtar de na comhaltaí, an Cathaoirleach san áireamh.

Maidir leis na cúigear comhaltaí eile, ainmníonn na húdaráis áitiúla, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, na cúigear comhaltaí sin don Aire i gcomhair ceapacháin.

Ag eascairt as cinneadh an Rialtais ar 13 Nollaig 2022, is tréimhse suas go deireadh 2024 a bheidh ag an mbord reatha sa chaoi is go mbeidh an deis chuí ann leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht reatha faoina gceaptar Bord an Údaráis.

Faoin socrú reatha, i gcás chomhaltaí atá ainmnithe i leith na gceantar is lú Gaeltachta eadhon: Comhairlí Contae na Mí, Phort Láirge agus Chorcaí, is tréimhse dhá bhliain a bhíonn ag na comhaltaí sin ar bhonn róta eatarthu san ord: An Mhí, Corcaigh agus Port Láirge de réir Alt 16 2a(vi) den Acht. Thosaigh tréimhse fheidhmithe ainmniúchán Chomhairle Chontae Phort Láirge ar 1 Márta 2023.

Beatháisnéis: Siobhán Ní Ghadhra

Tá dhá dhuais EMMY buaite ag Siobhán Ní Ghadhra agus tá go leor creidiúintí eile aici as léiriúcháin beochana agus drámaíochta le linn a gairme.

Tar éis na scoile, bhain sí amach B.A sa Ghaeilge agus san Eacnamaíocht as Ollscoil na Gallimhe, mar aon le hArd Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach. Bhain sí amach céim LL.B sa bhliain 2007.

Thosaigh sí a saol oibre ag stiúideonna scannán Roger Corman i nGaillimh i 1998. Ceapadh ina dhiaidh sin í mar Cheannasaí Léiriúcháin le Telegael agus ina dhiaidh sin mar Phríomhoifigeach Oibriúcháin sular fhág sí chun Danú Media a bhunú in 2015. Faoi láthair tá sí ina Léiritheoir Feidhmiúcháin ar Ros na Rún, ceann de na sraitheanna drámaíochta teilifíse is fadbhunaithe a chraoltar in Éireann. I measc na gcreidiúintí eile a fuarthas le déanaí bhí sí mar Léiritheoir Feidhmiúcháin ar Fir Bolg do TG4. Bhí sí ina Léiritheoir Feidhmiúcháin freisin ar an bhfadscannán “Sanctuary”, a bhuaigh an duais don Ghné-Scannán Éireannach is fearr ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i 2018. Bhí sí mar Léiritheoir ar an sraith drámaíochta iomráiteach do dhéagóirí “Saol Ella” a craoladh ar TG4 i 2023 agus tá sí mar Léiritheoir ar an bhfadscannán Cine4 “Báite” a bhí i mbun taifeadadh i nGaillimh i 2024.

Tá sí ina ball reatha de Bhord TG4, Ardán agus Deasc Eoraip Chruthaitheach i nGaillimh. San am atá caite, bhí Siobhán ar bhord an Blue Teapot Theatre Company agus an Bhoird Straitéise Seachtraí do NUIG. Bhí Siobhán ina comhalta Boird d’Údarás Craolacháin na hÉireann ó 2010 - 2015. Bronnadh gradam Alumni Ollscoil na Gaillimhe uirth i 2016. Rugadh agus tógadh í sna Forbacha i gCois Fharraige. Tá sí ina cónaí ina Indreabhán lena fear céile agus ceathrar clainne.