Ceadaíonn an tAire Martin maoiniú níos airde ná €69,000 do Scéim na bhFéilte agus Scoileanna Samhraidh ar Scála Beag 2024
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 20 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 20 Lúnasa 2024
Ceadaíonn an tAire Martin maoiniú níos airde ná €69,000 do Scéim na bhFéilte agus Scoileanna Samhraidh ar Scála Beag 2024
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leithdháileadh maoinithe €69,945 inniu do 16 imeacht chun tacú le Féilte agus Scoileanna Samhraidh ar Scála Beag a reáchtálfar ar fud na hÉireann in 2024.
Dearadh an scéim chun cabhrú le himeachtaí cultúrtha áitiúla nach mbeadh incháilithe faoi chritéir mhaoinithe d’imeachtaí níos mó cosúil leo siúd a dtacaíonn Fáilte Éireann, an Chomhairle Ealaíon agus comhlachtaí cosúil leo. Glacfar le hiarratais go dtí 1 i.n. ar an 26 Aibreán 2024. Leithdháileadh maoiniú tar éis phróiseas iomaíoch iarratais, agus tá uasdeontas €5,000 ar fáil.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Cuireann an cultúr agus na healaíona go mór lenár saolta agus lenár bpobail agus cuireann siad i gcuimhne dúinn ár gcomhluachanna, ár dtraidisiúin agus an tábhacht a bhaineann le teacht le chéile mar phobal.
Tacaíonn obair ríthábhachtach mo Roinne le féilte áitiúla agus le scoileanna samhraidh timpeall na hÉireann ag soláthar deiseanna do dhaoine ó chultúir agus ó chúlraí éagsúla bualadh le chéile, sóisialú agus caidrimh a thógáil bunaithe ar na heispéiris a roinneann siad.
Cruthaíonn féilte cultúrtha deiseanna do dhaoine foghlaim faoin éagsúlacht atá thart orthu agus tuiscint a bheith acu uirthi, ag foghlaim seantraidisiún agus cinn nua, nósanna agus cleachtais chultúrtha phobail éagsúla, na ngrúpaí eitneacha agus na réanna éagsúla freisin.
Cuireann na tionscadail iontacha seo go mór le forbairt agus le cur chun cinn thairiscint turasóireachta cultúrtha na hÉireann, ag tabhairt blaiste dár nósanna, miotais, dár gcultúir agus dár gceol. An t-iliomad léirithe clúdaithe i bpacáiste samhlaíoch a oireann do gach blas cultúrtha. Guím gach rath ar na daoine ar fad a oibríonn go dian dícheallach taobh thiar de na himeachtaí seo; agus tá súil agam go mbainfidh an pobal sult as an iliomad clár agus imeachtaí ar fud na tíre sna míonna amach romhainn.”
Nótaí don Eagarthóir:
Miondealú Leithdháiltí 2024