English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceadaíonn an tAire Martin maoiniú níos mó ná €165,000 don Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2024

Ceadaíonn an tAire Martin maoiniú níos mó ná €165,000 don Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2024

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sraith deontas faoi Scéim na Roinne um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann. Cheadaigh an tAire leithdháiltí €167,752 chun tacú le tionscadail chultúrtha a bhfuil gnéithe suntasacha trasteorann acu.

Tá sé mar aidhm ag tionscadail bheaga neamhspleácha a mhaoinítear faoin Scéim feabhas a chur ar, ceiliúradh nó comóradh a dhéanamh ar ealaín, ar chultúr, ar cheol, ar scannáin nó ar oidhreacht Oileán na hÉireann ar bhonn Thuaidh/Theas.

Cuireadh fáilte roimh iarratais le haghaidh tionscadal a chabhraigh le cur chun cinn:

• Comhoibriú agus comhthionscnaimh idir eagraíochtaí agus institiúidí ar bhonn Thuaidh/Theas;

• Turasóireacht chultúrtha ar bhonn Thuaidh/Theas;

• Soláthar chláir chultúrtha for-rochtana ar bhonn Thuaidh/Theas.

D'éirigh le ceithre thionscadal déag agus gheobhaidh siad maoiniú suas go huasmhéid €15,000. Beidh taispeántais, féilte agus léirithe damhsa i measc na dtionscadal agus beidh comhlachtaí ar dhá thaobh na teorann ag comhoibriú i gcomhthéacs cultúrtha. I measc na dtionscadal tá tionscadal Northern Lights, ina ndéanfar ceiliúradh ar an gceol nua dána agus tarraingteach atá á chruthú in Éirinn faoi láthair; agus Muintir na Tíre Mhísil ina ndírítear ar naisc pobail nua a dhéanamh feadh Chosán Oilithrigh Shlí Cholmcille mar a leanann sé i rian coise Naomh Colmcille óna áit bhreithe in aice le Míseal, Co. Cheatharlach go Beannchar Co. an Dúin.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Tacaíonn an Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann le tionscadail luachmhara a bhfuil gnéithe cultúrtha acu ar an dá thaobh den teorainn. Ceadaítear malartú smaointe agus tugtar pobail le chéile inti i gcomhair cuspóra chomhroinnte. Spreagtar daoine aonair agus grúpaí sa Scéim chun comhspéis a chruthú agus buanna agus cairdeas nua a chruthú ar an mbealach.

“D’fhéadfadh go leor buntáistí a bheith ag baint le comhroinnt ár gcultúir lena n-áirítear caidrimh a chothú & muinín a bhunú, agus is féidir leis seo ar a sheal eagla agus scoiteacht a laghdú agus mothú aontachta a chothú i measc pobal.

Is cúis áthais dom maoiniú €167,752 a fhógairt inniu do na healaíona, tacaíochtaí ina ndéantar ceiliúradh ar chultúir trasteorann agus ina scaiptear saibhreas tallainne ar fud oileán na hÉireann ar fad. ”

Nótaí don Eagarthóir:

Miondealú Leithdháiltí 2024
Amharc amharc