Ceapacháin ar Bhord Spórt Éireann
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 22 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, agus an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers go gceapfar na comhaltaí seo a leanas ar Bhord Spórt Éireann:
1. Michelle Tanner
2. Deirdre Ryan
3. Miriam O’Callaghan
4. Páraic Duffy
Dúirt an tAire Martin:
“Tá ríméad orm an ceathrar ball nua seo a cheapadh ar Bhord Spórt Éireann. Léirigh siad go léir go bhfuil na scileanna agus an saineolas acu a rachaidh chun leasa obair Spórt Éireann chun spórt a thacú agus a fhorbairt in Éirinn. Guím gach rath orthu ina róil."
Dúirt an tAire Chambers:
“Is tréimhse thábhachtach í seo d’earnáil an spóirt agus muid ag leanúint ar aghaidh ag filleadh ar ghníomhaíochtaí spóirt tar éis tréimhse thar a bheith dúshlánach. Creidim go gcuirfidh gach ceann den cheathrar ball nua go mór le hobair an bhoird chun a chinntiú go gcoinneoimid earnáil láidir bhríomhar agus muid ag teacht amach as an bpaindéim. Guím gach rath ar gach ball nua ina gcuid oibre don spórt in Éirinn sa todhchaí."
Tagann na ceapacháin nua seo tar éis phróiseas iarratais agus gearrliosta a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí níos luaithe i mbliana.
Baill nua-cheaptha an Bhoird
Michelle Tanner
Oibríonn Michelle mar Cheann Spóirt agus Fóillíochta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Cuimsíonn a cuid oibre forbairt straitéiseach, próifíl, bainistíocht, soláthar foirne, acmhainní agus cur chun cinn spóirt, tionscadail bhonneagair, ionadaíocht, rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus pleanáil.
Tá sí freagrach as 67 acra de spóirt faoin aer & 13,000 méadar cearnach d’áiseanna spóirt faoi dhíon. Tá taithí aici ar a bheith i gceannas ar thionscadail ó thús deiridh ar scálaí éagsúla, ar a áirítear ceannach, dearadh agus forbairt príomháiseanna spóirt i gColáiste na Tríonóide.
Is ball gníomhach den Bhord agus den choiste í, agus bhí poist oifigigh aici laistigh de Spórt Éireann a mhair tréimhse 16 bliana agus bhí baint aici le hEitpheil Éireann i gcáil chomhairleoir. Tá sí ina ball reatha de Ghrúpa Oibre Comhionannais Inscne Chónaidhm Dhomhanda Spóirt Ollscoile agus ba í an chéad Uachtarán Éireannach agus an chéad bhean ar Líonra Eorpach na Seirbhísí Spóirt Acadúla. Bhí sí ina ball de 3 Ghrúpa Saineolaithe an Aontais Eorpaigh (AE), ag cur Phlean Oibre an AE do Spórt i bhfeidhm, agus d’fhreastail sí agus rinne sí cur i láthair ag go leor fóraim bhliantúla Spóirt de chuid an AE agus imeachtaí gaolmhara. Bhain sí cáilíocht iarchéime amach sa Rialachas le déanaí agus tá MBA i mBainistíocht Spóirt aici chomh maith.
Is iar-imreoir idirnáisiúnta eitpheile í Michelle le Foireann Shinsearach na hÉireann.
Deirdre Ryan
Tá Deirdre ina Stiúrthóir Inbhuanaitheachta agus Dearbhaithe Cáilíochta (Origin Green) i mBord Bia áit a bhfuil sí freagrach as bainistíocht agus forbairt chláir Dearbhú Cáilíochta Bhord Bia le 54,000 ball feirmeora agus táirgeora agus 300 ball comhlachta Origin Green. Mar bhall d’Fhoireann Shinsearach Ceannaireachta Bhord Bia, cuireann sí le rialachas corparáideach leanúnach agus bainistíocht buiséadach na heagraíochta, le béim ar leith ar an mBord Dearbhaithe Cáilíochta. Roimh 2020 bhí sí ina Ceann ar Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach le Lidl Éireann agus Thuaisceart Éireann agus ina Ceann Eatramhach Cumarsáide.
Léimneoir ard idirnáisiúnta ab ea í Deirdre le taithí 13 bliana san iomaíocht ar an stáitse sinsearach idirnáisiúnta spóirt. Ba Oilimpeach de chuid na hÉireann í i Londain 2012 agus bhí sí san iomaíocht i gCraobhchomórtais Eorpacha agus Domhanda iomadúla, ag críochnú sa 5ú háit i gCraobh an Domhain 2011 i Daegu. Is aicise atá an churiarracht Éireannach is airde de 1.95cm.
Miriam O’Callaghan
Is Feidhmeannach Sinsearach Acmhainní Daonna agus Bainisteoir Tionscadail í Miriam le FSS le taithí os cionn 30 bliain sna seirbhísí sláinte ag leibhéal sinsearach oibríochta agus thar ghnéithe éagsúla d’acmhainní daonna, de bhainistíocht tionscadail & de bhainistíocht seirbhísí. Cuimsíonn a saineolas Bainistíocht Seirbhísí Ospidéil agus Pobail, Caidreamh le Fostaithe, Pinsin, Earcaíocht agus Bainistíocht Tionscadal.
Bhí sí ina ball de roinnt bord stáit - an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta, an Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin, Údarás Náisiúnta Campais Spóirt na hÉireann - agus faoi láthair tá sí ag fónamh ar Bhord Clárúcháin Fisiteiripeoirí CORU.
Ghlac Miriam páirt shuntasach sa spórt thar bhlianta fada mar imreoir, riarthóir, réiteoir agus cóitseálaí. Bhí ról lárnach aici i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm phleananna straitéiseacha náisiúnta an Chumainn Chamógaíochta agus bhí sí ina hUachtarán Náisiúnta ó 2003-2006. Faoi láthair tá sí ina ball de Bhord Chomhpháirtíocht Spóirt Uíbh Fhailí agus bhí sí ina Cathaoirleach ó 2010 go 2020.
Páraic Duffy
Chaith Páraic a shaol sa spórt, mar riarthóir agus mar rannpháirtí. Ó 2008 go 2018 bhí sé ina Ard-Stiúrthóir ar an gCLG. Mar Ard-Stiúrthóir chuir sé peirspictíocht straitéiseach agus anailíseach ar fáil agus d’fhorbair sé beartais faoi réimse leathan saincheisteanna don Chumann.
I measc na ról atá aige faoi láthair i spórt in Éirinn tá sé ina Uachtarán ar CLG Scoileanna Uladh; tá sé ina bhall neamhspleách de bhord CLG Uladh; tá sé ina bhall den Údarás um Réiteach Díospóidí agus tá sé ina Chathaoirleach ar an bPainéal Breithiúna do ‘Ghradaim Saorálaithe Spóirt’ Chónaidhm Spórt na hÉireann. Tá sé ina Oifigeach Cóitseála ina chlub CLG áitiúil, Baile na hAlban.
Tá taithí fhairsing boird agus chorparáideach ag Páraic agus tá sé ina bhall reatha d’Institiúid na Stiúrthóirí. Faoi láthair tá sé ina stiúrthóir ar Fhiontar Mhuineacháin agus ina Chathaoirleach ar a Choiste Straitéise. Tá sé ina stiúrthóir ar DAC Áiseanna Spórt Éireann.