Ceapacháin chuig Bord Spórt Éireann fógartha ag an Aire Martin agus ag an Aire Chambers
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 16 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin agus an tAire Stáit Jack Chambers inniu go bhfuil sé comhaontaithe acu an tUasal Kieran Mulvey a cheapadh arís ina Chathaoirleach ar Bhord Spórt Éireann go ceann 2 bhliain eile go dtí an 30 Meán Fómhair 2022. Tá cead tugtha acu don Bhord chomh maith síneadh a chur le conradh an Phríomhfheidhmeannaigh an tUasal John Treacy go dtí an 31 Nollaig 2021.
Dúirt an tAire Martin "Ní raibh oiread tábhachta riamh is atá san am i láthair le ról Spórt Éireann maidir le tacú leis an earnáil spóirt agus ceannasaíocht a ghlacadh ar fhorbairt spóirt. Tá sé léirithe ag Spórt Éireann le seacht mí anuas gur gníomhaireacht í a bhfuil teacht aniar inti, shofhreagrúil agus fhreagrúil í, agus is léiriú é sin ar cheannaireacht na gníomhaireachta. Mheas mé go raibh sé tábhachtach go gcoinneofaí an taithí agus an saineolas atá ag an Uasal Mulvey ina Chathaoirleach agus ag an Uasal Treacy ina Phríomhfheidhmeannach d'fhonn tacú leis an earnáil trí ghéarchéim Covid-19."
Dúirt an tAire Chambers "Tá athruithe tábhachtacha stiúrtha ag an Uasal Mulvey ina Chathaoirleach agus ag an Uasal Treacy ina Phríomhfheidhmeannach ar rialachas spóirt in Éirinn chomh maith le tacú leis an earnáil roinnt ratha a bhaint amach agus an méid daoine a bhíonn páirteach i spórt a mhéadú. Tá siad ag leanúint de thacaíochtaí ríthábhachtacha a chur ar fáil d'earnáil an spóirt trí thréimhse atá fíordhúshlánach, de bharr phaindéim COVID-19, a leanfaidh go dtí amach sa bhliain 2021. Táim ag súil le bheith ag obair go dlúth leo agus muid ag iarraidh an bealach a dhéanamh tríd an tréimhse dheacair seo".
Tá ceapachán na gcomhaltaí Boird seo a leanas ceadaithe chomh maith ag na hAirí:
• Olive Loughnane Uasal agus an tUasal Roger O’Connor, a bhfuil an bheirt acu á gceapadh arís le haghaidh téarma eile
• An tUasal Iognáid Ó Muircheartaigh, ar ceapacháin nua chuig an mbord agus atá mar thoradh ar phróiseas PAS a cuireadh chun críche níos luaithe i mbliana.
Chuir na hAirí a mbuíochas in iúl do na comhaltaí Boird go léir as tabhairt faoi na róil seo agus as a gcuid scileanna agus saineolais a chur ar fáil don Bhord. Ghabh siad buíochas chomh maith le comhaltaí Boird a bhfuil a gcuid téarmaí imithe in éag, as an obair mhór atá déanta acu le roinnt blianta anuas, obair a chur leis an rath atá ar Spórt Éireann agus ar an líon mór gníomhaíochtaí spóirt a dtacaíonn sí leo.
Tá iarrtha ag na hAirí ar oifigigh tús a chur le próiseas PAS nua chun folúntais eile ar an mBord a líonadh ar bhonn práinne.