Ceapachain Fhís Éireann fógartha
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 23 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ceapachain Fhís Éireann fógartha
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., gur cheap sí comhalta boird nua ar Bhord Fhís Éireann.
Is í Catherine Magee an comhalta boird nua.
Ghlac an tAire Martin le héirí as an gCathaoirleach reatha, Susan Bergin, agus chuir sí fáilte roimh cheapachán Ray Harman mar Chathaoirleach nua ar an mbord.
Ina theannta sin, chuir an tAire Martin failte roimh shíniú chonartha an phríomhfheidhmeannaigh, Désirée Finnegan, ar feadh cúig bliana eile
Ag labhairt faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:
“Gabhaim buíochas ó chroí le Susan Bergin as an obair chrua a rinne sí do thionscal scannán na hÉireann le trí bliana anuas, mar chomhalta boird agus mar chathaoirleach. Tá tionscal scannán na hÉireann ag dul ó neart go neart agus ní beag an éifeacht atá ag obair iontach Fhís Éireann air seo.
Cuirim fáilte roimh Catherine Magee chuig Bord Fhís Éireann agus tréaslaím léi as a ceapachán. Tabharfaidh Catherine taithí leathan léi sa ról seo.
Inniu ceapaim Ray Harman, comhalta atá ar an mbord faoi láthair, mar Chathaoirleach ar an mBord. Is iomaí taithí atá ag Ray agus guím gach rath air lena chuid dualgaisí nua.
Tá áthas ar leith orm go bhfanfaidh Désirée Finnegan le Fís Éireann agus leanfaidh sí ar aghaidh ag imirt príomhpháirt le ráthúlacht tionscail scannán na hÉireann. Tá obair gan stad déanta ag Désirée chun tionscal closamhairc na hÉireann a fhorbairt ina iomlán, le béim ar leith ar aitheantas agus tacaíocht a thabhairt d'ealaíontóirí agus daoine cruthaitheacha atá mar bhunchlóch earnála an scáileáin.
Ba mhian liom comhghairdeas a ghuí orthu ar fad as a gceapacháin agus mo bhuíochas a chur in iúl dóibh as a dtiomantas ar son tionscal scannán na hÉireann."
Ceapadh Catherine Magee tar éis comórtas oscailte na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.
Nótaí don Eagarthóir:
Catherine Magee
Is léiritheoir dráma agus scannán teilifíse í Catherine Magee atá lonnaithe in Éirinn agus d’oibrigh sí ar thionscadail ar nós ‘Normal People’, ‘Conversations With Friends’ agus ‘Small Things Like These’.
Ray Harman
Tá Ray Harman ag obair mar chumadóir do scannáin, teilifís, saothar beochana agus drámaíochta le breis agus 20 bliain. Ainmníodh a shaothar agus bhuaigh sé roinnt gradam lena n-áirítear dhá ghradam de chuid Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann agus an Scór Bunaidh is Fearr do shaothar uafáis Liam Gavin, A Dark Song.
Áirítear ar a shaothar teilifíse agus scannán le déanaí sraith cháiliúil Blood, The Young Offenders, Penance, Taken Down, The Farthest, Shooting the Mafia, Cigire George Gently agus Love/Hate.
Is comhalta boird de IMRO é Ray agus is iar-stiúrthóir agus duine de bhunaitheoirí Chumann Cumadóirí Físe na hÉireann.