Ceaptar beirt chomhaltaí nua ar Bhord Spórt Éireann
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 6 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, agus an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne, gur ceapadh beirt chomhaltaí nua ar Bhord Spóirt Éireann.
Seo a leanas na comhaltaí nua:
• Deirdre Mongan, a ceapadh chun post mar ionadaí míchumais a líonadh
• Kevin Hoy, a ceapadh chun post dlí a líonadh
Ag labhairt faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:
“Tá lúcháir orm gur ghlac Deirdre agus Kevin le poist ar Bhord Spórt Éireann. Rachaidh a dtaithí fhairsing agus a scileanna chun tairbhe do Spórt Éireann agus don obair leanúnach atá ar bun acu i bhforbairt spórt na hÉireann sna blianta atá romhainn.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Déanaim comhghairdeas le Deirdre agus Kevin agus guím gach rath orthu le linn a dtéarmaí ar an mBord. Líonfaidh siad poist thábhachtacha ar an mBord agus níl aon amhras orm ach go gcuirfidh a gcuid taithí le luach obair Spórt Éireann ar son spórt na hÉireann.”
Ceapadh iad tar éis glao poiblí ar iarratais ar láithreán gréasáin na mBoird Stáit agus próiseas measúnaithe a bhainistigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Is lúthchleasaí parailimpeach í Deirdre Mongan a bhfuil taithí fhairsing idirnáisiúnta agus ardfheidhmíochta aici. Rinne sí ionadaíocht ar Éirinn ag Parailimpeacha Rio 2016 agus d’éirigh léi bonn a bhaint amach i gCraobhchomórtais na hEorpa agus an Domhain. Is Oifigeach Taighde í Deirdre leis an mBord Taighde Sláinte agus tá baint ghníomhach aici le róil cheannaireachta sa spórt míchumais chomh maith lena bheith ina himreoir agus ina cóitseálaí ag leibhéal an phobail.
Is dlíodóir é Kevin Hoy a bhfuil taithí fada aige agus bhí sé ina chomhpháirtí le Mason, Hayes & Curran ar feadh breis agus 20 bliain. In 2020 rinneadh comhairleoir de, ag díriú ar oiliúint feidhmiúcháin agus forbairt tallainne laistigh den ghnólacht. Tá baint dheonach ag Kevin le spórt le blianta fada agus tá sé gníomhach san earnáil dheonach i gcoitinne.