Ceaptar comhalta nua ar Bhord Spórt Éireann
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 11 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 11 Deireadh Fómhair 2024
Ceaptar comhalta nua ar Bhord Spórt Éireann
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, agus an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, Thomas Byrne, gur ceapadh comhalta nua, Liz Joyce, ar Bhord Spórt Éireann.
Ag labhairt faoin gceapachán, dúirt an tAire Martin:
“Tá lúcháir orm Liz a cheapadh ar Bhord Spórt Éireann. Rachaidh a taithí leathan agus a scileanna chun tairbhe Spórt Éireann agus a obair leanúnach i bhforbairt spórt na hÉireann sna blianta amach romhainn.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Déanaim comhghairdeas le Liz faoina ceapachán agus guím gach rath uirthi dá téarma ar an mBord. Tá post tábhachtach á líonadh aici ar an mBord agus níl aon amhras orm ach go gcuirfidh a taithí le luach obair Spórt Éireann i bhforbairt spórt na hÉireann.”
Ceapadh í tar éis glao poiblí ar iarratais ar láithreán gréasáin na mBoird Stáit agus próiseas measúnaithe a bhainistigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin agus Cóitseálaí Feidhmiúcháin a bhfuil an-taithí aici is ea í Liz Joyce a bhfuil cumas lárnach aici maidir le héifeachtúlacht agus forbairt eagraíochtúil, ceannaireacht daoine agus cultúir, rialachas, agus claochlú. Bhí róil shinsearacha cheannaireachta nó boird aici i FMCG, Bonneagar, Seirbhísí Airgeadais, Baincéireacht Cheannais/Rialáil Airgeadais, Próiseáil Bia, san earnáil idirnáisiúnta agus náisiúnta ENR agus i mórchoiste náisiúnta rialaithe spóirt. Tá sí ina Stiúrthóir Cairte agus le déanaí freisin ceapadh í ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ar Líonraí Gáis Éireann.