English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ciste €120m fógartha do Mhórinfreastruchtúr Spóirt

Ciste €120m fógartha do Mhórinfreastruchtúr Spóirt

• Osclaíonn na hAirí Martin agus Byrne babhta nua de Mhaoiniú d’Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála

• Oscailte inniu le haghaidh iarratas go dtí 1 lúil 2024 @ 3pm

• Ceanglas nua chun rochtain chomhchosúil a chinntiú do mhná agus fir ar áiseanna spóirt atá maoinithe faoin LSSIF

Tá fógartha ag Catherine Martin, T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit don Spórt, Corpoideachas agus an Ghaeltacht, go bhfuil maoiniú de €120 milliún á chur ar fáil faoin Chiste d'Infreastruchtúr Spórt ar Mhórscála (LSSIF) atá ag oscailt le haghaidh iarratas inniu (26 Aibreán 2024).

Glacfar daonra, inbhuanaitheacht, laghdú ar fhorchostais riaracháin, agus an cheist an féidir rochtain chomhchosúil a thabhairt d’fhir agus mná in áiseanna maoinithe faoin LSSIF, san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar iarratais le haghaidh maoinithe de idir €600,000 agus €30m.

Dúirt an tAire Catherine Martin: “Tá sé ríthábhachtach go leanaimid ar aghaidh ag infheistiú in áiseanna spóirt ionas gur féidir le gach duine, beag beann ar a n-aois nó a gcumas, tairbhe a bhaint astu. Caithfidh muid infheistíocht chaipitil sa Spórt a choimeád. Is cúis áthais dom, i ndiaidh dheimhniú na leithdháiltí athbhreithnithe caipitil faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, tá an Rialtas in ann níos mó cúnaimh maoinithe a chur ar fáil i leith forbartha tionscadal spórt ar mhórscála. Molaim do gach iarrthóir incháilithe le tionscadail chuí smaoineamh a dhéanamh faoi chur isteach ar an bpróiseas iomaíoch seo. D’fhéadfadh tograí nua rannpháirtíocht sa spórt a mhéadú, staid mhóra nua a thógáil nó spórt ardfheidhmíochta a fheabhsú, agus glacfar le hiarratais maidir le linnte snámha nua chomh maith.”

Dúirt an tAire Thomas Byrne: “Tá sé riachtanach go leantar ar aghaidh le hinfheistíocht in áiseanna spórt ar fud na tíre ionas gur féidir linn ár spriocanna uaillmhianacha i leith rannpháirtíochta spórt a bhaint amach, agus mar sin tá lúcháir orm fáilte a chur roimh bhabhta nua d’iarratais faoin gCiste d’Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála. Cinnteofar freisin, agus an Ceanglas um Rochtain Chomhchosúil á chur i bhfeidhm, go mbeidh an rochtain chéanna ag mná agus fir ar gach áis spórt atá maoinithe go poiblí. Bhí an-lúcháir orm cuairt a thabhairt agus páirt a ghlacadh i dtionscadail a maoiniú faoin gcéad bhabhta den LSSIF, cosúil le Rugbaí Connachta, Tionscadal an tSiúlbhealaigh Línigh sa Mhí, Céim 1 de Pháirc an Bhreathnaigh i bPort Láirge, agus an Mol Lúthchleasaíochta Réigiúnach i Luimneach. Tá béim mhór ar an inseachadtacht leis an LSSIF agus tá a’ fhios agam go mbeidh líon mór tionscadail eile críochnaithe agus ar oscailt don phobal i ndiaidh an maoiniú breise a deimhníodh an Nollaig seo caite. Le fógra an lae inniu ar bhabhta nua maoinithe, is féidir linn cur leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo faoin LSSIF agus is féidir cinnte a dhéanamh go bhfuil an deis an tionscadail ar fud na tíre na háiseanna a thabhairt i gcrích atá de dhíth ar a bpobail agus a mbainfidh siad úsáid astu sna blianta amach romhainn.”

Fógraíodh na chéad leithdháiltí faoin LSSIF in Eanáir 2020 agus bronnadh €86.4 milliún ar 33 thionscadal difriúla. Leithdháileadh maoiniú breise de €37.6 milliún ar 27 de na tionscadail seo i Nollaig 2023, rud a d’fhág gurb ionann an tsuim iomlán a bronnadh ar thionscadail a maoiníodh faoin Chiste d’Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála agus €124 milliún.

Tagann an babhta nua maoinithe seo i ndiaidh fhoilseachán an ‘Athbhreithniú ar an Chiste d’Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála (LSSIF)’ agus an ‘Ceanglas um Rochtain Chomhchosúil’ nua níos luaithe sa mhí seo. Leagadh amach san Athbhreithniú na fadhbanna a bhí os comhair thionscadail LSSIF go dtí seo agus tugtar moltaí ann maidir le babhta nua LSSIF. Tá dlús á chur le seachadadh an chéad bhabhta den LSSIF agus beidh béim láidir ar dhlús a chur faoi inseachadtacht tionscadal faoin bhabhta nua maoinithe seo.

Tá an treoir d’iarrthóirí ar fáil Item was unpublished or removed.

Nótaí chuig an Eagarthóir:

• Foráiltear i bprionsabal do bhabhta nua €120m den Chiste d’Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála le leithdháiltí athbhreithnithe caipitil faoin Phlean Forbartha Náisiúnta. Tá an babhta nua ag oscailt le haghaidh iarratas inniu.

• Deimhneofar le fógra an lae inniu ón bheirt Aire go bhfáilteofar roimh iarratais nua ar mhaoiniú le haghaidh tionscadail ina mbeidh an infheistíocht Státchiste níos mó ná an t-uasmhéid atá ceadaithe faoin Chlár Caipitil agus Trealaimh Spóirt (ina bhfuil deontas bailí de €500,000 ar an uasmhéid ar fáil le haghaidh tionscadal a meastar go mbaineann suntas réigiúnach leo).

• Foilsíodh an Beartas Náisiúnta Spórt ar an 25 Iúil 2018 agus foráladh do Chiste d’Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála (LSSIF) ann. Is é an aidhm a bheidh ag an chiste ná tacaíocht Státchiste a chur ar fáil i leith tionscadal móráiseanna spórt. Is tionscadail iad seo ina mbeadh infheistíocht an Státchiste níos mó ná an t-uasmhéid atá ar fáil faoin Chlár Clár Caipitil agus Trealaimh Spórt (CCTS). I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh gurb é príomhchuspóir an tionscadail ná rannpháirtíocht ghníomhach sa spórt a mhéadú. I gcásanna eile, d’fhéadfadh go mbeadh ionaid/staideanna ar mhórscála i gceist, le béim ar rannpháirtíocht shóisialta agus spórt ardfheidhmíochta.

• Beidh béim ar leith faoin scéim ar Choistí Náisiúnta Rialaithe Spóirt (NGBanna) agus Údaráis Áitiúla.

• Déanfar plé freisin ar thionscadail nua linnte snámha.

• Beidh gach togra tionscadail faoi réir anailíse eacnamaíche cuí.

• Cé go bhfuil an clár seo dírithe ar NGBanna agus Údaráis Áitiúla den chuid is mó, is féidir le forais, maoinitheoirí daonchairdiúla, clubanna agus eagraíochtaí deonacha eile iarratas a dhéanamh freisin ach bheadh gá le hÚdaráis Áitiúil agus/nó NGB a leithéid d’iarratais a dhéanamh, agus tús áite a thabhairt dó.

• Is féidir sonraí faoi mhaoiniú LSSIF roimhe seo a fháil Item was unpublished or removed.