Ciste €250m don infheistíocht is mó riamh sa Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 29 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 30 Meán Fómhair 2024
• Timpeall €250m ar fáil d’áiseanna spóirt ar fud na tíre
• Is méadú 50% é an figiúr seo ar an mhaoiniú i gcomparáid leis an bhabhta roimhe seo in 2020
• Leithdháiltí le fógairt san Fhómhar
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., agus an tAire Stáit don Spórt, Corpoideachas agus an Ghaeltacht, Thomas Byrne T.D., agus an tAire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D., go gcuirfear €250m ar a laghad ar fáil faoin bhabhta is déanaí den Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt.
D’éascaíodh an infheistíocht seo, arb í an infheistíocht is mó riamh in áiseanna spóirt ar fud na tíre í, faoin Phlean Forbartha Náisiúnta a socraíodh le déanaí agus a dheimnigh an tAire Donohoe, T.D.
Is méadú de 50% é an maoiniú a chuirfear ar fáil ar an mhaoiniú a leithdháileadh go luath in 2022 faoi bhabhta 2020 den Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt. Ba cheart go mbeidh cinntí leithdháilte dearfacha ann do gach iarratas bailí faoi Chlár 2023 mar gheall air seo.
Bhain níos mó ná 13,000 tionscadal tairbhe as maoiniú caipitiúil spóirt ó bhí 1998 ann, agus is ionann iomlán na leithdháiltí san am sin agus timpeall €1.15 billiún. Glactar leis go forleathan go bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar thírdhreach spóirt na hÉireann de bharr an Chláir um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt, le feabhsuithe ar cháilíocht agus cáinníocht na n-áiseanna spóirt i mbeagnach gach sráidbhaile, baile agus cathair.
Tagann fógra an lae inniu i ndiaidh an deimhnithe a rinne na hAirí Martin agus Byrne níos luaithe sa mhí seo go mbronnadh níos mó ná €26m i ndeontais treallaimh-amháin ar níos mó ná 900 grúpa spórt. Ba é seo an leithdháileadh is mó riamh i leith deontas trealaimh-amháin faoin Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt go dtí seo, a rachaidh chun sochar praiticiúil an iliomad eagraíochtaí spórt, a mball agus lúthchleasaithe ar fud na hÉireann.
Dúirt an tAire Martin:
“Tá áthas orm go bhfuil an leithdháileadh is mó riamh don Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt á fhógairt inniu. Is nuacht iontach í seo d’eagraíochtaí spóirt ar fud na tíre, dá mbaill agus do lúthchleasaithe. Mar Rialtas táimid tiomanta 60% rannpháirtíocht iomlán a bhaint amach faoi 2027. Tógann fógra an lae inniu níos faide sa treo sin sinn, le maoiniú deimhnithe, ina measc €26m ar threalamh spóirt a fógraíodh ní ba luaithe an mhí seo, a chabhróidh le rannpháirtíocht a chur chun cinn i raon leathan spórt. Agus na Cluichí Oilimpeacha os ár gcomhair, is léiriú tábhachtach é fógra an lae inniu ar thiomantas an Rialtais don earnáil spóirt agus na pobail a bhainfidh leas as na háiseanna a maoineofar. Táim ag tnúth le fógra a dhéanamh amach anseo ar na clubanna agus eagraíochtaí spóirt ar a mbronnfar an maoiniú seo.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Tá a fhios agam go maith go bhfuil gach uile club agus eagraíocht spóirt a chur isteach ar bhabhta 2023 den Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt ar bís ag fanacht ar dheimhniú maidir lena gcuid iarratas. Ní ba luaithe an mhí seo bhí áthas orm na deontais trealaimh a fhógairt le níos mó ná caoga spórt agus gníomhaíocht. Fógrófar leithdháiltí aonair eile, ina measc obair chaiptiúil agus obair chaipitiúil le gné trealaimh, san Fhómhair. Is ionann an maoiniú a fógraíodh inniu agus méadú 50% ar an maoiniú a fógraíodh faoi bhabhta 2020 den Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt agus ba chóir go gciallódh sé go mbeidh cinneadh leithdháilte dearfach ar gach aon iarratas bailí faoi chlár reatha 2023. Táim ag tnúth go mór na leithdháiltí aonair a fhógairt níos déanaí sa bhliain.”
Dúirt an tAire Donohoe:
“Léiríonn an méadú suntasach ar mhaoiniú atá ar fáil faoin mbabhta seo den Deontas Caipitiúil Spóirt tiomantas an Rialtais seo chun glacadh le gach cineál spóirt a spreagadh agus an feachtas leanúnach chun rannpháirtíocht sa spórt a chur chun cinn ar fud na tíre. Mar iar-Aire sa Roinn Spóirt, tá an tionchar atá ag an Deontas Caipitiúil Spóirt ar shaol ár saoránach feicthe agam féin, agus freisin ar an éileamh atá ar an deontas. Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil an spéis sa bhabhta seo chomh láidir agus a bhí riamh. Ní féidir an iomarca béime a chur ar bhuntáistí an spóirt, ag aois ar bith, go meabhrach agus go fisiciúil. Tá spiorad iontach pobail ann freisin a thagann as rannpháirtíocht sa spórt agus na heagraíochtaí a bhaineann leis an spórt. Tá sé ríthábhachtach a chinntiú go bhfuil an trealamh ceart i bhfeidhm againn agus go gcuirtear áiseanna oiriúnacha ar fáil chun tacú le daoine de gach cumas a bheith rannpháirteach agus fanacht rannpháirteach. Bhí áthas orm go bhféadfadh an Plean Forbartha Náisiúnta a socraíodh le déanaí foráil a dhéanamh dó seo, an infheistíocht is mó riamh in áiseanna spóirt ar fud na tíre. Táim ag tnúth leis an maoiniú seo a fheiceáil i bhfeidhm.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
• Tá an Beartas Náisiúnta Spóirt 2018-2027 fós ag leagan amach an treoir straitéiseach i leith soláthair infreastruchtúir spóirt amach anseo, lena n-áirítear tríd an CCTS.
• Is é an Clár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt an príomh-mhodh tacaíochta Rialtais maidir le háiseanna spóirt agus áineasa a fhorbairt agus maidir le trealamh spóirt neamhphearsanta a cheannach ar fud na tíre.
• Léirítear in iniúchadh a rinneadh ar na hiarratais a cuireadh isteach go bhfuil líon an-mhór iarratas cruthaithe arís ag Clár 2023. Fuarthas an líon is mó iarratas riamh (3,210), níos mó ná an líon a fuarthas faoin bhabhta dheireanach in 2020, arbh é sin an líon is mó a fuarthas go dtí sin. Is ionann an maoiniú iomlán a rinneadh iarratais ina leith agus €359 milliún, arb ionann sin agus méadú de 80% ar an mhéid a iarradh faoi CCTS 2020.
• Táthar i mbun oibre ar mheasúnú a dhéanamh ar na hiarratais “chaipitil”, agus fógrófar na leithdháiltí san Fhómhar. Déanfar measúnú ar roinnt iarratais trealaimh freisin atá fite fuaite le hiarratais caipitil.
• Is féidir teacht ar shonraí, a foilsíodh cheana féin, faoi gach iarratas a fuarthas ar bhonn contae ar shuíomh gréasáin na Roinne ag https://www.gov.ie/en/publication/1c0f6-scep-2023-applications-received/
• Tá maoiniú faighte ag raon leathan áiseanna faoi sheanbhabhtaí den Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt, ina measc páirceanna spóirt féir nádúrtha, tuilsoilse, páirceanna saorga, raoin reatha, cúirteanna agus limistéir chluíchí il- úsáide, líontáin stoptha liathróide, ballaí iomána, cúirteanna laithróid láimhe, seomraí feistis, ceatha agus leithris, hallaí spóirt agus ionaid aclaíochta.
• Dhún babhta 2023 den CCTS d’iarratais ar 8 Meán Fómhair 2023. Bhí roinnt athrú idir babhta 2023 agus babhtaí roimhe. I measc na n-athruithe a leag an “Treoir Iarratas a Dhéanamh” agus “Lámhleabhar Scórála agus Measúnaithe” amach bhí:
• Méadú ar thairseacha do dheontais chaipitiúla ag an leibhéal áitiúil agus réigiúnach go €200,000 agus €500,000 de réir a chéile. Bhí na tairseacha ag €150,000 agus €300,000 roimhe seo.
• Cúiteamh ar leith a thabhairt do thograí le hoiriúnú do dhaoine faoi mhíchumas.
• Tosaíocht a thabhairt d’iarratais ó áiteanna le fás suntasach sa daonra.
• Cúiteamh a thabhairt do thograí le gníomhaíochtaí aeráide mar chuid den iarratas.
• Cúram an CCTS a leathnú amach chun iarratais ar uasghrádú linnet snámha a chur san áireamh.
• Idirnascadh níos láidre idir an méid maoinithe ón iarrthóir féin atá in úsáid don togra molta agus an méid leithdháilte.
• Déanann an Treoir Iarratas a Dhéanamh soiléir go dtabharfar dul chun cinn an Choiste Náisiúnta Spóirt cuí i leith cothromaíocht inscne 40% ar an mbord san áireamh agus leithdháiltí aonair á mheas.
• Déanadh athruithe chomh maith le cinntiú go mbeadh rochtain chosúil idir fhir agus mná ar fail in aon áis molta.