English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ciste Cobhsaithe €240,000 do hallaí pobail na Gaeltachta fógartha ag an Aire Stáit Chambers

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt Jack Chambers T.D inniu (Dé Céadaoin 28 Iúil) go bhfuil ciste cobhsaithe ar fiú c. €240,000 bunaithe ag a Roinn chun cabhrú le hallaí pobail ábhartha na Gaeltachta atá thíos leis de thoradh coláistí Gaeilge a bheith curtha ar ceal mar gheall ar COVID-19 den dara bhliain

Faoin gciste atá bunaithe cuirfear cúnamh airgid ar fiú suas le €7,000 ar fáil do hallaí pobail Gaeltachta a chuireann idir chóiríocht ranga, siamsaíochta agus spóirt ar fáil do na coláistí Gaeilge sa ghnáthbhealach. Faoin gciste cuirfear cúnamh ar fiú €750 in aghaidh na seachtaine ar fáil do hallaí pobail atá faoi stiúir coistí cáilithe i leith gach cúrsa samhraidh a mbeadh imeachtaí coláistí ina leith ar bun iontu de ghnáth murach COVID-19.

Is faoi réir uasíocaíocht de €7,000 i leith gach aon halla ábhartha a bheadh an socrú seo le cur i bhfeidhm, rud a chiallódh go mbeadh costas árachais, cothabhála agus teastais dóiteáin clúdaithe dóibh.

Fágfaidh sé seo go mbeidh deontas suas le €6,750 á chur ar fáil do halla faoi leith i gcás go mbeadh trí chúrsa Gaeilge faoi leith ar bun iontu de ghnáth. Tá measta go mbíonn c. 42 halla/ionaid pobail in úsáid ag córas na gcoláistí Gaeilge gach samhradh. Leagtar amach sa tábla thíos in íochtar an líon ionad de réir contae/coláiste a cheaptar a bheidh cáilithe faoin mbeart.

Tagann bunú na cistíochta seo sna sála ar an gciste €2.2m faoi leith a fógraíodh le déanaí chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí na gcoláistí Gaeltachta agus chun dul i ngleic le tionchar COVID-19 ar earnáil na gcoláistí samhraidh.

Fógraíodh an ciste agus an tAire Stáit i mbun camchuairt dhá lá ar cheantair Ghaeltachta Thuar Mhic Éadaigh agus Dhúiche Sheoigheach agus Cois Fharraige.

Tosóidh an chuairt san iarnóin i dTuar Mhic Éadaigh, áit a chasfaidh sé le Coiste Pobail Thuar Mhic Éadaigh chun léargas a fháil ar an obair atá ar siúl sa cheantar. Gheobhaidh sé blaiseadh den obair atá ar siúl ar an togra geopháirc Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair atá á fhorbairt sa limistéar.

Tabharfaidh sé cuairt ansin ar Chomharchumann Forbartha Dhúiche Sheoigheach i gCorr na Móna, áit a chasfaidh sé le foireann an Chomharchumainn agus le hOifigeach Pleanála Teanga an limistéir. Níos deireanaí an lá sin, beidh cruinniú aige sna Forbacha le hionadaithe Coláiste Lurgan i gcomhluadar feidhmeannaigh sinsearacha na Roinne agus Údarás na Gaeltachta chomh maith le cruinniú faoi leith le scátghrúpa na gcoláistí Gaeilge: CONCOS.

Dúirt an tAire Stáit Chambers: “Is údar sásamh ar leith domsa mar Aire Stáit go raibh mé ábalta an ciste faoi leith seo a chur ar fáil ar leas hallaí pobail Gaeltachta atá ag fulaingt mar gheall nach raibh na Coláistí Gaeilge in ann dul ar aghaidh den dara bhliain as a chéile. Mar chuid de phróiseas comhairliúcháin a d’eagraigh mo Roinn ag tús an tsamhraidh, tugadh an deis do na príomh-pháirtithe leasmhara i gcóras na gcoláistí Gaeilge, lena n-áirítear ionadaithe lucht stiúrtha hallaí pobail na Gaeltachta, chun a dtuairimí agus moltaí a thabhairt faoi cad go mba chóir a dhéanamh le cabhrú leo de thoradh COVID-19. Tógadh san áireamh na moltaí agus na tuairimí sin mar bhunús an chiste atá fógartha agam inniu. Céim eile is ea é seo chun cabhrú le hearnáil na gcoláistí Gaeilge atá thíos leis, den dara bhliain as a chéile de dheasca COVID-19. Bhíothas ag brath anuraidh ar na coláistí ar bhonn deonach, teacht i gcabhair ar na hallaí a mbaineann siad úsáid astu. De thoradh an bhirt seo ní bheidh aon ghá dóibh é sin a dhéanamh. Le fógairt an chiste seo agus an chiste faoi leith roimhe seo atá dírithe ar lucht lóistín an chórais, tá an Roinn ag teacht i gcabhair go céimiúil ar an earnáil.

Nóta don Eagarthóir

Ciste Cobhsaithe COVID-19 – Hallaí Pobail Gaeltachta

Tugtar léargas sa tábla a leanas ar dháileadh tíreolaíoch na hallaí pobail a d’fhéadfadh a bheith aitheanta faoin gciste ach iarratas inghlachta a bheith déanta acu ar chúnamh na Roinne.

Contae Líon hallaí Líon cúrsaí Líon seachtainí(iomlán na gcúrsaí) Caiteachas measta 2021(€500 / seachtain)
Dún na nGall 9 19 40 €30,000
Maigh Eo 3 14 28 €21,000
An Mhí 1 3 9 €6,750
Gaillimh 18 54 125 €93,750
Ciarraí 11 62 116 €87,000
Corcaigh 0 0 0 €0
Port Láirge 0 0 0 €0
Iomlán 42 152 318 €238,500

Is féidir le lucht stiúrtha na hallaí ábhartha a thagann faoi scáth an chiste fios a chur ar leathán eolais agus foirm iarratais ar chúnamh faoin gciste ach teagmháil a dhéanamh le: colaistigaeilge@tcagsm.gov.ie / 085 8813789