English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ciste Cobhsaithe do mhná tí na gColáistí Samhraidh fógartha ag an Aire Martin agus ag an Aire Stáit Chambers

- Ciste ar fiú €2.2m bunaithe le teacht i gcabhair ar mhná tí na gcoláistí samhraidh.

Tá fógartha ag Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin T.D agus Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers T.D. (inniu Dé Céadaoin, 7 Iúil) go bhfuil ciste ar fiú €2.2m bunaithe acu chun teacht i gcabhair ar theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na gcoláistí samhraidh. Tá an chistíocht á cur ar fáil de thoradh cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht a bheith curtha ar ceal den dara samhradh as a chéile mar gheall ar COVID-19.

Rinneadh an cinneadh ar bhonn comdhearcaidh ag tús mhí Bealtaine na cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht a chur ar ceal don samhradh seo tar éis don Aire Stáit próiseas comhairliúcháin phoiblí a bhunú faoinar bhuail sé ar líne le páirtithe leasmhara atá lárnach sa chóras - lena n-áirítear lucht lóistín na gColáistí Gaeilge, chun a dtuairimí agus a moltaí faoin ábhar a chloisteáil.

Ós rud é gurb é seo an dara bhliain as a chéile arbh éigean do chóras na gColáistí Gaeilge a chur ar ceal de bharr COVID-19, tá ardú ionann le 25% thairis an méid a íocadh le teaghlaigh na scéime faoi chiste cobhsaithe a bunaíodh in 2020. De thoradh seo is íocaíocht ionann le €5 in aghaidh an fhoghaimeora a chuirfear ar fáil seachas €4 mar a cuireadh ar fáil anuraidh.

Tá obair idir lámha ag an Roinn i gcomhar le páirtithe leasmhara chun teacht i gcabhair go cuí ar lucht stiúrtha na gcoláistí samhraidh agus ar hallaí pobail na Gaeltachta atá thíos leis mar gheall ar chúrsaí Gaeilge an tsamhraidh a bheith curtha ar ceal.

Dúirt an tAire Martin: “Is céim mhór chun tosaigh go bhfuil an chistíocht seo á cur ar fáil don tuairim is 700 teaghlach sa Ghaeltacht a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na gcoláistí Gaeilge gach samhradh. Tá na teaghlaigh seo thíos go mór leis arís i mbliana mar gheall gurbh éigean na cúrsaí samhraidh a chur ar ceal. Imríonn mná agus fir tí a chuireann lóistín ar fáil do chóras na gcoláistí páirt lárnach sa chóras - a bhfuil tábhacht faoi leith leis ó thaobh na Gaeilge agus gheilleagar na Gaeltachta de. Cabhróidh an beart seo atá fógartha inniu lena chinntiú go mbeidh an earnáil cobhsaithe do 2022 oiread is féidir. Leis an dul chun cinn suntasach atá á dhéanamh le dáileadh na vaicsínse táimid uile an-dóchasach go mbeidh coláistí Gaeilge ar ais faoi lán seoil an samhradh seo chugainn.”

Dúirt an tAire Stáit Chambers: “Ach an oiread leis an Aire Martin, tá an-áthas orm a bheith in ann an ciste seo a bhunú. Tar éis an deis a bheith agam éisteacht go cúramach le hionadaíocht lucht lóistín an chórais agus le páirtithe leasmhara eile, ar ndóigh, is maith a thuigim na dúshláin ar leith atá roimh na pobail Ghaeltachta de bharr nach bhfuil na coláistí Gaeilge in ann feidhmiú den dara bhliain as a chéile. Faoin gcistíocht faoi leith seo, féachfar chuige go mbeidh teacht aniar ann don chóras sa chaoi is go mbeidh sé in ann feidhmiú go bisiúil an bhliain seo chugainn”.

Tá an chéim seo á glacadh i bhfianaise an tábhacht faoi leith a bhaineann le córas na gcoláistí Gaeilge a thugann deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe Gaeilge lasmuigh den churaclam scoile do c. 26,000 scoláire go bliantúil. Déantar é sin i bhfearann dúchais na Gaeilge – An Ghaeltacht. De thoradh na cistíochta faoi leith féachfar chuige nach bhfágfar na tithe sin ar an bhfaraor géar de thoradh gan ioncam na gcoláistí samhraidh den dara bhliain as a chéile a bheith acu”.

CRÍOCH

NÓTA EOLAIS D’EAGARTHÓIRÍ – CEISTEANNA COITIANTA

1. Cad atá beartaithe a dhéanamh ar leas mhná tí go baileach?

Faoin gciste atá beartaithe seo a leanas an méid a bheidh iníochta:

o Is é an ráta caighdeánach a bheidh iníoctha ná suas le 50% den íocaíocht laethúil €10 a bhíonn iníoctha ag an Roinn go hiondúil faoin scéim, i.e. €5 an scoláire in aghaidh na hoíche.

o Beidh iomlán na híocaíochta i leith gach teaghlach cáilithe bunaithe ar an líon iomlán scoláirí a d’fhan leis an teaghlach in 2019 agus ar íocadh deontas faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ina leith.

Mar shampla; teaghlach le 12 scoláire ar feadh 8 seachtaine in 2019

Má choinnigh teaghlach Gaeltachta 12 scoláire in aghaidh an chúrsa thar thréimhse iomlán ocht seachtaine sa ghnáthbhealach in 2019 agus €6,720 dá réir faighte acu faoi SFG in 2019, bheadh siad i dteideal 50% nó €3,360 faoin mbeart seo, ach ar ndóigh na coinníollacha éagsúla a bhaineann leis an mbeart a bheith comhlíonta acu.

2019: 12 scoláire x 7 oíche x 8 seachtaine x €10 = €6,720

2020: 12 scoláire x 7 oíche x 8 seachtaine x €10 @ 40% = €2,688

2021: 12 scoláire x 7 oíche x 8 seachtaine x €10 @ 50% = €3,360

2. Cad é an cuspóir atá bainteach leis an mbeart seo?

Is é an cuspóir ginearálta atá leis ná inmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú agus dá réir, ligean don earnáil leanúint ar aghaidh chun cur leis an iarracht chórasach atá á déanamh chun tacú leis an nGaeilge agus leis na réigiúin Ghaeltachta de réir chuspóirí uileghabhálacha mar a leagtar amach iad sa Phlean Gníomhaíochta 2018 -2022 don Ghaeilge agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030, arb ionann iad agus polasaí an Rialtais i ndáil leis an Gaeilge agus na Gaeltachta.

3. Cad é an cúlra agus cad faoi lucht stiúrtha na gcoláistí agus lucht na hallaí pobail?

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit Chambers ag tús mhí Bealtaine 2021 toradh an phróisis chuimsithigh chomhairliúcháin ar tugadh faoi le hearnáil na gColáistí Samhraidh Gaeilge.

Le linn an phróisis chomhairiliúcháin dúirt ionadaíocht na mban tí a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí agus lucht stiúrtha na gcoláistí araon go mbeadh imní shuntasach orthu faoi shláinte agus faoi shábháilteacht theaghlaigh Ghaeltachta agus phobail áitiúla i dtaca le COVID-19 dá reáchtálfaí cúrsaí samhraidh.

Rinneadh plé cuimsitheach leis na páirtithe leasmhara go léir a bhfuil ról acu i bhfeidhmiú na gcoláistí samhraidh Gaeltachta – idir ionadaíocht na mban tí, scáthghrúpa na gcoláistí Gaeilge CONCOS agus ionadaíocht hallaí pobail ábhartha na Gaeltachta.

I bhfianaise é seo, rinneadh cinneadh ar bhonn comhdhearcaidh gan leanúint ar aghaidh leis na cúrsaí Gaeilge a aithnítear faoin gcóras de ghnáth i samhradh 2021.

Tá plé déanta agus ar bun i gcónaí le scáthghrúpa lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge CONCOS, chomh maith le hionadaíocht lucht stiúrtha hallaí pobail Gaeltachta a chuireann idir chóiríocht ranga agus siamsaíochta ar fáil don chóras, ar mhaithe le teacht ar chur chuige faoina bhféadfaí teacht i gcabhair go cuí orthu siúd faoi seach.

4. Cad is fiú an infheistíocht a ndéantar sa ghnáthbhealach faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar bhonn bliantúil?

Is ionann €4.47 milliún in 2019 agus an caiteachas a dhéantar faoin scéim, rud atá éileamh-bhunaithe. Tá méadú 21.7% ar an líon daoine atá ag freastal ar na coláistí sa tréimhse 5 bliana ó 2014 go 2019. Bhíothas ag súil le tuilleadh fáis in 2020 agus go deimhin sa bhlian reatha.

5. Cad é comhthéacs an pholasaí seo trí chéile ?

Ar aon dul le cuspóirí ginearálta an Rialtais i ndáil leis an nGaeilge agus na réigiúin Ghaeltachta mar atá curtha in iúl sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 (an Straitéis), is é Sprioc na Roinne ná tacú le húsáid na Gaeilge ar fud na hÉireann agus a húsáid mar phríomhtheanga an phobail sa Ghaeltacht a neartú.

Tá gníomhartha i bPlean Gníomhaíochta 5 bliana an Rialtais don Ghaeilge (Plean Gníomhaíochta 2018–2022) – a foilsíodh tar éis ceadú ón Rialtas ag an am sin i mí an Mheithimh 2018 chun feidhmiú na straitéise uileghabhálaí a thabhairt chun tosaigh – ar gníomhartha sonracha iad (Gnímh 2.13 agus 2.15) a bhfuil sé mar aidhm acu tacú le hearnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge mar phríomhthiománaí ó thaobh leanúint le deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga i réigiúin Ghaeltachta a chur ar fáil do dhaltaí iar-bhunscoile agus do mhic léinn tríú leibhéal ó áiteanna ar fud na hÉireann araon.

I gcomhthéacs na socruithe reatha atá i bhfeidhm i ndáil le bronnadh marcanna don Ghaeilge labhartha mar chuid de Scrúduithe na hArdteistiméireachta (ina mbronntar 40% de na marcanna i leith na Gaeilge labhartha) agus in ainneoin na ndeiseanna atá ag dul i líonmhaire i gcónaí ag leibhéal na hEorpa[3] agus na seirbhíse poiblí do chéimithe le cáilíochtaí Gaeilge, ní féidir an iomarca béime a leagan ar an ionchur tábhachtach atá ag earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge do dheiseanna foghlama a chur ar fáil taobh amuigh de shuíomh traidisiúnta an tseomra ranga, go háirithe i ndáil leis an nGaeilge labhartha.

Sa chomhthéacs sin, aithníonn an Roinn an tábhacht straitéiseach a bhaineann le hidirghabháil a dhéanamh anois chun an earnáil a chobhsú ar bhealach a chuireann san áireamh comhspleáchas na dteaghlach, na gcoláistí agus hallaí pobail ábhartha na Gaeltachta ar a chéile ar mhaithe lena n-inmharthanacht.

6. Conas a sheasfar an costas?

Is ón leithdháileadh maoinithe reatha do Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) a mhaoinítear faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne (fo-mhírcheann C3) a mhaoineofar an beart éigeandála seo.

7. Cad a tharlóidh anois ?

Rachaidh an Roinn i dteagmháil go beo leis na teaghlaigh chun an próiseas a chur ar bun maidir le hiarratais a ghlacadh agus a phróiseáil faoin gciste.

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Is fiú €10 in aghaidh an lae (ionann le €220 in aghaidh an scoláire i leith cúrsa trí seachtaine) an fóirdheontas seo, a mbaineann breis agus 27,000 scoláire leas as in aghaidh na bliana fad is atá siad ag fanacht in aon cheann de na c. 700 teaghlach fud fad na Gaeltachta atá aitheanta faoin scéim. Is ionann seo agus infheistíocht stáit ar fiú breis agus €4m é san earnáil go bliantúil.

In éindí leis an gcúnamh praiticiúil seo a chuireann an Roinn ar fáil agus a riarann an Roinn, déanann an Roinn trí chiste faoi leith eile a riar faoi scáth na scéime, ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta, eadhon:

• DEIS Gaeltachta – Faoin tionscnamh seo ar cuireadh tús leis in 2019 cuirtear 50 scoláireacht ar fáil go bliantúil ar fiú c. €850 an ceann ar mhaithe le deiseanna faoi leith a chur ar fáil do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS fud fad na tíre chun freastal a dhéanamh ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht.

• ERASMUS Gaeltachta – Faoin tionscnamh seo, ar cuireadh tús leis in 2019, tá ciste bliantúil ar fiú €250,000 cruthaithe chun an deis a thabhairt do suas le 175 mac léinn tríú leibhéal cur fúthu ar feadh seimeastar ollscoile le teaghlaigh Ghaeltachta fad is atá siad ag freastal ar chúrsa cáilithe tríú leibhéal.

• ÁRAINN Gaeltachta – Faoin tionscnamh seo cuirtear ciste ar fáil ar fiú suas le €150,000 thar tréimhse 3 bliana chun gur féidir le suas le 30 scoláire iar-bhunscoile in aghaidh na bliana scoilbhliain iomlán a chaitheamh ag freastal in aon cheann de na trí iar-bhunscoil ar na hoileáin Árann.

Ina theannta sin cuirtear maoiniú reatha ar fáil don scátheagraíocht CONCOS ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí samhraidh. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh na Roinne.