English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ciste Lasmuigh Pobal Páirteach seolta ag an Aire Byrne

Maoiniú ar fáil chun infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar spóirt gan bhacainn

Ciste dírithe ar rannpháirtíocht a mhéadú i dtimpeallachtaí áitiúla pobail

Glacfar le hiarratais ó líonra na gComhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt ar fud na tíre ón lá inniu go dtí Dé hAoine 21 Meithimh

Tá ciste nua infheistíochta spóirt seolta ag an Aire Stáit Spóirt, Corpoideachais agus Gaeltachta, Thomas Byrne T.D. inniu (Dé hAoine an 3 Bealtaine), ‘Ciste Lasmuigh Pobal Páirteach’, chun trealamh spóirt buan, ar trealamh é is féidir a chur ar thalamh poiblí lena úsáid ag an bpobal, a cheannach agus a shuiteáil.

Ag teacht le sprioc Chlár an Rialtais, rannpháirtíocht iomlán 60% a bhaint amach i spórt faoin mbliain 2027, tá an ciste leagtha amach chun aclaíocht a spreagadh i dtimpeallachtaí áitiúla pobail trí thacú le Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt tionscadail spóirt a fhorbairt ar thalamh a bhfuil teacht ag an bpobal air.

An Roinn a dhéanfaidh maoirseacht ar an gciste agus Spórt Éireann a dhéanfaidh é a riar agus glacfar le hiarratais ón líonra de 29 Comhpháirtíocht Áitiúil Spóirt (‘LSP’). Beidh íosmhéid de €70,000 ar fáil do gach LSP ar mhaithe le bonneagar spóirt gan bhacainní a shuiteáil ar thalamh atá inrochtana don phobal.

Dúirt an tAire Byrne:

“Tá sé de cheart ag gach duine, beag beann ar a gcumas, páirt a ghlacadh i spórt agus in aclaíocht. D’fhógair mé maoiniú suas le €120m an tseachtain seo caite faoi bhabhta nua den Chiste Bonneagair Spóirt ar Mhórscála agus tá an-ríméad orm an tseachtain seo an Ciste Lasmuigh Pobal Páirteach nua a fhógairt. Cibé más infheistíocht ar scála beag nó infheistíocht ar scála mór .atáthar a dhéanamh i spórt ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh díbhinn rannpháirtíochta i gceist. Tá an ciste spóirt nua atá á fhógairt agam inniu fíorthábhachtach mar go gcuirfidh sé deis ar fáil do phobail agus do dhaoine aonair a bheith níos gníomhaí i dtimpeallachtaí faoin spéir gan bhacainn. Cuideoidh an ciste spóirt seo linn an iomaí tairbhe shóisialta agus shláinte a bhaineann le páirt a ghlacadh i spórt agus in aclaíocht a thabhairt chun fíre agus táim ag súil go mór soláthar na dtionscadal spóirt seo a fheiceáil ar fud na tíre.”

Ba cheart aon cheist maidir leis an gciste a chur chuig participation@sportireland.ie

Nóta d'Eagarthóirí:

• Cuirfidh an ciste nua a fógraíodh inniu leis an gClár Caipitil agus Trealaimh Spóirt agus leis an gCiste Spóirt ar Mhórscála.

• Cuirfidh an ciste nascacht leis an dúlra chun cinn freisin le fócas ar leith ar thacú le bithéagsúlacht na timpeallachta mórthimpeall ar an talamh atá in úsáid do na tionscadail seo. Deimhneofar tuilleadh sonraí faoin ngné seo go luath amach anseo.

• Sa liosta thíos, nach liosta cuimsitheach é ach liosta táscach, leagtar amach tionscadail spóirt/modhanna aclaíochta a mheastar a chomhlíonann cuspóir an chiste.

- Saoráidí Boxup a shuiteáil

- Coimeádáin stórála do spóirt uisce amhail cadhcáil, canúáil

- Cróice, Búlaí, tacaíochtaí i ndáil le snámh leis an gcósta/spóirt uisce (e.g. lámhráillí/dréimire ar mhaithe le rochtain)

- Boird leadóige boird

- Cúirteanna cispheile 3x3

- Tionscadail Ilúsáide – e.g., Gníomhaíochtaí Aeir agus Cúrsaí sa Rothaíocht Sléibhe

- Eangacha eitpheile buana

- Galf (plásóga amasaithe)