Clár Caipitil & Trealaimh Spóirt 2023 fógartha chomh maith le tairseacha níos airde do thionscadail réigiúnacha agus áitiúla
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 12 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 10 Lúnasa 2023
• Ardú ó €150,00 go €200,000 tagtha ar an uasdeontas do thionscadail áitiúla
• Ardú ó €300,000 go €500,000 tagtha ar an uasdeontas do thionscadail réigiúnacha
• Béim ar leith ar ghníomhú ar son na haeráide, ar inbhuanaitheacht agus ar chomhionannas inscne
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, Catherine Martin, T.D., agus an tAire Stáit don Spórt agus Corpoideachas, Thomas Byrne T.D., inniu go mbeifear ag glacadh le hiarratais nua ón 17 Iúil do bhabhta nua den Chlár Caipitil agus Trealaimh Spóirt (CCTS). Is é an CCTS an príomhbhealach atá ag an Rialtas chun tacaíocht a chur ar fáil do chlubanna agus pobail spóirt chun bonneagar spóirt ar fud na tíre a fhorbairt.
Is féidir le hiarratasóirí a bhfuil tionscadail áitiúla acu iarratas a dhéanamh anois ar dheontas suas go €200,000, atá ardaithe ón uasdeontas €150,000 a bhí ann roimhe seo. Ag an am céanna tá ardú ó €300,000 go €500,000 tagtha ar an uasdeontas bailí atá ar fáil do thionscadail a measfar a bheith tábhachtach ó thaobh na réigiún.
Ina theannta sin, in “Treoir chun Iarratas a Dhéanamh” CCTS na bliana seo, tá béim ar ghníomhú ar son na haeráide agus ar inbhuanaitheacht den chéad uair, ar thacaíocht a chur ar fáil do chlubanna áitiúla chun céimeanna a ghlacadh chun ídiú fuinnimh a laghdú agus chun iarratas a dhéanamh ar shoilsiú níos éifeachtúla. Den chéad uair i stair an CCTS, ní dhéanfar tionscadail a mheas i gcomhair tacaíocht deontais ach amháin má dheimhnítear go mbeidh rochtain ag fir agus mná ar bhonn cothrom ar an deontas sin.
Dúirt an tAire Martin:
“Is nuacht iontach é seo d’eagraíochtaí spóirt a bhfuil pleananna acu a gcuid áiseanna a fheabhsú agus ar mian leo leas a bhaint as an tacaíocht. Tá difríocht ollmhór déanta ag an gClár cheana féin do phobail i ngach cuid den tír. Tá trealamh agus áiseanna spóirt cuí ag teastáil uainn le go mbeifear in ann an oiread daoine agus is féidir a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa spórt agus san aclaíocht. Sa bhabhta nua den Chlár, tabharfar tús áite arís d’iarratais ó cheantair atá faoi mhíbhuntáiste, iarratais a dhíríonn ar dhaoine faoi mhíchumas agus tionscadail a roinneann áiseanna le heagraíochtaí agus spóirt dhifriúla. Maidir leis na hathruithe ar an scéim, tá an-áthas orm go nglacfar le hiarratais chun feabhas a chur ar linnte snámha den chéad uair riamh. Cuirim fáilte roimh an gcinneadh go mbeidh béim ar leith den chéad uair riamh ar shaincheisteanna maidir le gníomhú ar son na haeráide agus inbhuanaitheacht sa ‘Treoir chun Iarratas a Dhéanamh” mar a foilsíodh inniu.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Chonaic mé féin an difríocht ollmhór ar féidir le deontais ón gClár Caipitil agus Trealaimh Spóirt a dhéanamh do chlubanna spóirt agus do ghrúpaí pobail ar fud na tíre. Tuigim go maith freisin an tionchar a bhí ag boilsciú tógála ar chlubanna spóirt agus ar ghrúpaí pobail na tíre le blianta beaga anuas agus tá ríméad orm a thabhairt ar aird go bhfuilimid ag ardú na n-uasdeontas atá ar fáil faoin gClár. Bím ag iarraidh a chinntiú go mbeidh comhionannas ann do gach duine sa spórt agus b’in é an tosaíocht ar leith a bhí agam ó ceapadh mé. Faoin mbabhta seo den Chlár, ní bheidh iarratasóirí, nach gcuireann rochtain ar théarmaí comhchosúla ar áiseanna ar fáil d’úsáideoirí fir agus mná, i dteideal maoiniú caipitil. Toisc gurb é ceann de chuspóirí an Chláir seo rannpháirtíocht na mban a mhéadú, measfar gach iarratas ar mhaoiniú don líon fíorbheag áiseanna do mhná amháin a bheith bailí lena mbreithniú. Aibhsítear an riachtanas nua seo sa Treoir chun Iarratas a Dhéanamh atá ar fáil le híoslódáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.”
Is é an chéad chéim chun deontas a fháil ná clárú ar chóras na Roinne ar líne agus mhol na hAirí d’aon chlub nach bhfuil cláraithe cheana féin clárú anois. Is féidir le clubanna clárú ag www.sportscapitalprogramme.ie
Nuair a bheidh an club cláraithe, ní mór gach iarratas a dhéanamh ar an láithreán gréasáin céanna. Glacfar le hiarratais ar an gcóras ón 17 Iúil go dtí an 8 Meán Fómhair.
Foilsíodh an “Treoir chun Iarratas a Dhéanamh” freisin ar láithreán gréasáin na Roinne inniu agus is féidir teacht uirthi anseo: gov.ie/sportscapital Leagtar amach téarmaí agus coinníollacha an Chláir go bunúsach sa Treoir. Foilsíodh athbhreithniú de bhabhta 2020 den Chlár i mí na Bealtaine agus tá gach ceann de na príomh-mholtaí san áireamh sa Treoir.
Nótaí d’eagarthóirí
Is é an Clár Caipitil agus Trealaimh Spóirt an príomh-mhodh tacaíochta atá ag an Rialtas chun áiseanna spóirt a fhorbairt agus trealamh spóirt neamhphearsanta a cheannach. Tá deontais ar fáil do chlubanna spóirt deonacha neamhbhrabúis, do ghrúpaí pobail, do Chomhlachtaí Rialaithe Náisiúnta spóirt agus d'údaráis áitiúla. Ní fhéadfaidh coláistí tríú leibhéal, Boird Oideachais agus Oiliúna agus scoileanna cur isteach ar mhaoiniú ach i gcomhpháirt le clubanna nó eagraíochtaí spóirt.
Is féidir teacht ar liosta mionsonraithe de na tionscadail a fhaigheann maoiniú ón gclár sa “Treoir chun Iarratas a Dhéanamh” agus áirítear inti:
• Cúirteanna, raonta agus páirceanna spóirt féir nádúrtha (draenáil páirce san áireamh)
• Tuilsoilsiú atá Tíosach ar Fhuinneamh
• Cúirteanna, raonta agus páirceanna spóirt saorga agus limistéir ilúsáide cluichí
• Fálú slándála, líontáin chun stop a chur le liathróidí agus cuaillí
• Ballaí Iomána / cúirteanna liathróide láimhe
• Leithris, cithfholcadáin agus seomraí feistis a athchóiriú nó a thógáil
• Ionaid aclaíochta agus hallaí spóirt a athchóiriú nó a thógáil
• Trealamh spóirt neamhphearsanta
• Mionathruithe ar áiseanna spóirt chun ídiú fuinnimh a laghdú
• Aon tionscadal caipitil eile a bhfuil sé soiléir gur tionscadal spóirt iad agus a mhéadóidh rannpháirtíocht sa spórt nó a fheabhsóidh imirt an spóirt
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoin gclár lena n-áirítear sonraí faoi gach leithdháileadh roimhe seo ag gov.ie/sportscapital.
Is féidir teacht ar an Athbhreithniú de Bhabhta 2020 ag https://www.gov.ie/en/publication/84105-review-of-sports-capital-and-equipment-programme-2020/.
Ní féidir iarratais a dhéanamh ach ar líne ón 9am ar an 17 Iúil go dtí 5pm ar an 8 Meán Fómhair 2023.