Coiste comhairleach nua chun díriú ar mhná agus ar scéalta ban sna bailiúcháin náisiúnta chultúrtha
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 8 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 27 Meitheamh 2024
Coiste comhairleach nua chun díriú ar mhná agus ar scéalta ban sna bailiúcháin náisiúnta chultúrtha
Fógraíonn an tAire Martin go ndéanfar plé ar Mhúsaem Náisiúnta na mBan mar pháirt d’obair an Choiste
Inniu, d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin T.D. ceapachán chomhaltaí an Choiste Chomhairligh um Ionadaíocht na mBan agus Scéalta Ban laistigh de na Forais Chultúrtha Náisiúnta.
Le blianta beaga anuas tá aitheantas méadaithe ann go gcaithfear dul i ngleic leis an tearcionadaíocht atá ag an mhéid atá curtha ag mná le stair pholaitiúil, eolaíoch, shóisialta agus chultúrtha an Stáit. Sa chomhthéacs seo, chuir an tAire an coiste ar bun chun gníomhaíochtaí a mholadh lena gcuirfear béim ar éachtaí ban laistigh de na Forais Chultúrtha Náisiúnta agus an Bailiúchán Náisiúnta.
Mar pháirt dá obair, déanfaidh an coiste plé chomh maith ar an fhéidearthacht cur i láthair tiomanta a chruthú do scéalta ban trí raon roghanna. D’fhéadfadh músaem na mban, athshamhlú ar an Bhailiúchán Náisiúnta nó tionscnaimh eile a mheasann an coiste gurb iomchuí iad a bheith i measc na roghanna seo.
Déanfaidh an Dr Sandra Collins cathaoirleacht ar an choiste chomhairleach. Is Leabharlannaí na hOllscoile i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus iarStiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann í. Mar pháirt den choiste chomhairleach tá baill ó fhorais chultúrtha náisiúnta in Éirinn agus thar lear, staraithe, saineolaithe i staidéar inscní agus staidéar comhionannais, ionadaithe ó Chomhairle Náisiúnta na mBan agus ó ranna Rialtais ábhartha, agus iad siúd le raon taithí agus saineolais eile.
Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Tá Clár an Rialtais bunaithe ar phrionsabal an chomhionannais chomh maith le cinnte a dhéanamh gur féidir le gach saoránach barr a gcumas a bhaint amach, agus le fógra an lae inniu glacaimid céim eile i dtreo aitheantas iomlán a thabhairt don mhéid atá curtha ag mná le sochaí na hÉireann. Roghnaíodh comhaltaí an choiste go cúramach agus a dtaithí agus saineolas á dtabhairt san áireamh. Tá cuid mhór de ghairm Chathaoirleach an Choiste, an Dr Sandra Collins, caite aici ag obair ar son ár bhForas Cultúrtha Náisiúnta agus tá dalladh saineolais agus eolais aici a bheidh sárluachmhar agus treoir á tabhairt d’obair an choiste. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil le grúpa Abhcóideachta Mhúsaem na mBan as a n-obair, agus a dtacaíocht, agus na moltaí seo á dtabhairt chun cinn.
“Cé nach bhfuil ach tús curtha againn leis an aistear seo, tá mé cinnte go gcabhróidh obair an choiste seo chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchothroime atá fós ann i léiriú scéalta ban. D’iarr mé ar an gcoiste éagsúlacht shaol na mban a thabhairt san áireamh agus guthanna mná a imeallaíodh go stairiúil a thabhairt chun tosaigh. Tá muinín agam go gcabhróidh an tionscnamh seo chun comhrá a thosú faoin mbealach a dhéanann muid taifead agus ionadaíocht ar scéalta ban inár stair, agus an tionchar a imríonn an gannionadaíocht sin ar ár ndearcadh orainn féin ar leibhéal an duine agus na sochaí araon.”
Dúirt cathaoirleach an choiste comhairligh, an Dr Sandra Collins:
“Is mór an onóir dom a bheith ceaptha don ról seo ag an Aire Martin, agus tá mé ag súil go mór le hobair a dhéanamh le gach comhalta an Bhoird chun moltaí fiúntacha a dhéanamh maidir le hionadaíocht na mban agus scéalta ban.”
Nótaí chuig an Eagarthóir:
Is iad comhaltaí an Choiste Chomhairligh ná:
• An Dr Sandra Collins, Leabharlannaí na hOllscoile, COBÁC
• An Dr Mary McAuliffe, Stiúrthóir Staidéir Inscní COBÁC
• Áine Kerr, fiontraí agus duine a bhí riamh i bhfách le ceannaireacht ban
• Lynn Scarff, Stiúrthóir Mhúsaem Náisiúnta na hÉireann
• Annie Fletcher, Stiúrthóir Áras Nua-Ealaíne na hÉireann
• Sara Lammens, Ard-Stiúrthóir, Leabharlann Ríoga na Beilge (KBR)
• Dr Zélie Asava, Scríbhneoir agus Saineolaí ar Chine, Inscne agus Ionadaíocht
• Oein DeBhairduin, Oifigeach Forbartha Bhailiúchán Cultúir an Luchta Siúil de chuid Mhúsaem Náisiúnta na hÉireann
• Chandrika Narayanan-Mohan, Scríbhneoir & Comhairleoir Cultúir
• Colm O’Callaghan, Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Amharclann an Gheata
• Dr. Síobhra Aiken, Roinn na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
• Sinéad Copeland, Príomhoifigeach, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
• Deimhneofar comhaltaí eile sa seachtain amach romhainn, le comhaltaí ó Chomhairle Náisiúnta na mBan agus Ranna Rialtais ábhartha san áireamh.