English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhairliúchán Poiblí ar Fhorbairt na Chéad Straitéis Snámha Náisiúnta de chuid na hÉireann

• Cuir do thuairim in iúl – líon an suirbhé anseo.

• Dáta deiridh: an 7 Deireadh Fómhair 2022

Inniu sheol an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers, comhairliúchán poiblí ar fhorbairt na chéad Straitéis Snámha Náisiúnta de chuid na hÉireann.

Beidh an Straitéis Náisiúnta Snámha bunaithe ar fhís chun ‘deis a thabhairt do gach duine in Éirinn dul ag snámh’. Féachfar le gach aois agus cumas a chur san áireamh, ag aithint an acmhainneacht rannpháirtíochta a bhaineann le snámh thar shaolré iomlán. Breathnófar ar straitéisí don snámh faoin aer agus faoi dhíon mar aitheantas ar an snámh mar scil saoil agus aclaíocht a mbíonn éileamh air, chomh maith le spórt.

Sraith ceisteanna ilrogha atá sa chomairliúchán agus a thógann thart ar 10 nóiméad chun é a líonadh; is féidir teacht ar an gcomhairliúchan ag an nasc seo https://www.gov.ie/ga/feachtais/0b666-straiteis-snamha-naisiunta/

Is é an 7 Deireadh Fómhair 2022 an dáta deiridh.

Ag labhairt inniu dúirt an tAire Chambers:

“Aithníodh an snámh ar an dara spórt rannpháirtíochta is mó a bhfuil tóir air taobh thiar d’aclaíocht phearsanta, agus mar phríomhspórt do mhná agus do dhaoine faoi mhíchumas. Príomhscil saoil is ea é an snámh agus is féidir ról tábhachtach a bheith aige inár sláinte fhisiciúil agus fholláine araon, chomh maith lenár meabhairshláinte agus folláine.

Chuir na srianta sláinte a bhí riachtanach de bharr phaindéim COVID-19 le dhá bhliain anuas isteach go mór ar an earnáil snámha. Aithníodh forbairt agus cur i bhfeidhm Straitéis Náisiúnta Snámha chun deiseanna breise snámha faoi dhíon agus faoin aer a sholáthar i measc tosaíochtaí téarnaimh Covid-19 don spórt.

Tá sé ríthábhachtach go bhfaighimid freagraí chomh héagsúil agus is féidir ón gcomhairliúchán – cibé an snámhóir gníomhach rialta, snámhóir ócáideach, snámhóir saoire amháin thú, nó go deimhin mura snámhann tú ar chor ar bith, ba mhaith linn do thuairimí a chloisteáil maidir le snámh in Éirinn agus cad ba cheart a chur san áireamh sa Straitéis.

Táim ag súil le freagraí a fháil ó raon leathan de phobal na hÉireann agus na tuairimí a léiríodh a úsáid chun sinn a threorú i bhforbairt ár gcéad Straitéis Snámha Náisiúnta”.

Nótaí don Eagarthóir

Tá an Polasaí Náisiúnta Spóirt 2018 -2027 (PNS) tiomanta d’fhorbairt Straitéis Náisiúnta Snámha. D’fhoilsigh an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers, Plean Gníomhaíochta Spóirt i mí na Samhna 2021 a chlúdaíonn an tréimhse suas go 2023 agus an bhliain sin san áireamh. Tugtar léargas sa phlean ar níos mó ná 40 tionscnamh ar leith atá beartaithe chun téarnamh leanúnach na hearnála spóirt ó thionchar COVID-19 agus a forbairt sna trí bliana atá romhainn a chinntiú, agus na gníomhartha a theastaíonn chun sprioc 60% den daonra a bheith rannpháirteach sa spórt agus san aclaíocht a bhaint amach.

Aithníodh forbairt agus cur i bhfeidhm Straitéis Náisiúnta Snámha chun deiseanna breise snámha faoi dhíon agus faoin aer a sholáthar i measc tosaíochtaí téarnaimh Covid-19 faoin bplean.

Aithníonn Monatóir Spóirt Éireann (2019) go bhfuil an snámh ar an dara spórt rannpháirtíochta is mó a bhfuil tóir air taobh thiar d’aclaíocht phearsanta, agus mar phríomhspórt do mhná agus do dhaoine faoi mhíchumas.

Beidh an Straitéis Náisiúnta Snámha bunaithe ar Fhís chun ‘deis a thabhairt do gach duine in Éirinn dul ag snámh’. Sa Straitéis seo féachfar leis na hacmhainní atá riachtanach chun an fhís seo a sheachadadh, mar aon leis na baic ar sheachadadh a aithint. Aithneofar ann freisin spriocanna agus meicníochtaí is féidir a úsáid chun cur i bhfeidhm na straitéise a thomhas agus aontú ar chaighdeáin cháilíochta don tionscal snámha.

Tugtar cuireadh do bhaill den phobal páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo tríd an gceistneoir gairid seo a chomhlánú https://www.gov.ie/ga/feachtais/0b666-straiteis-snamha-naisiunta/

Is féidir aighneachtaí a sheoladh i ríomhphost freisin chuig swimmingstrategy@tcagsm.gov.ie