English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhairliúchán poiblí maidir le cur i bhfeidhm an Ghnímh Eorpaigh um Shaoirse na Meán

D’fhógair Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, inniu go seolfar comhairliúchán poiblí maidir le cur i bhfeidhm an Ghnímh Eorpaigh um Shaoirse na Meán (GESM).

Is rialachán de chuid an AE é an GESM lena gcuirtear rialacha nua i bhfeidhm chun iolrachas agus neamhspleáchas na meán a chosaint agus a fhéachann lena cinntiú gur féidir leis na meáin feidhmiú trasna theorainneacha an AE ar bhealach níos fusa. Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gceannas ar an rialachán a chur i bhfeidhm go náisiúnta agus tá sí anois ag lorg aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara chun treoir a thabhairt di san obair seo.

Déanfar eolas don chomhairliúchán seo le Nóta Míniúcháin, arna ullmhú ag an Roinn, ina leagtar amach príomhfhorálacha an GESM agus ina spreagtar roinnt ceisteanna spriocdhírithe ar ghnéithe tábhachtacha an rialacháin.

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Tá earnáil meán shaor iolraíoch ina gné bhunriachtanach don díospóireacht shláintiúil phoiblí agus tá sí mar bhonn lenár ndaonlathas. Tacaíonn Éire go hiomlán le cuspóirí an GESM agus nuair a chuirfear i bhfeidhm é ina iomlán, neartófar na cosaintí atá ann cheana do shaoirse agus iolrachas na meán in Éirinn."

“Mholfainn d’aon pháirtí leasmhar agus geallsealbhóir páirt a ghlacadh sa gcomhairliúchán seo agus a ndearcthaí a chur in iúl.”

Is féidir na sonraí faoin chomhairliúchán a fheiceáil anseo. Beidh an comhairliúchán oscailte le haghaidh aighneachtaí go dtí deireadh gnó ar an anseo.

CRÍOCH

Nótaí:

I Meán Fómhair 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a mholadh i dtaca le Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (GESM). Tá sé mar aidhm leis an GESM an margadh inmheánach do sheirbhísí meán a neartú agus iolrachas agus neamhspleáchas na meán a chosaint san AE, trí rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta éagsúla a chomhchuibhiú. I ndiaidh idirbheartaíochta, glacadh leis an togra agus tháinig sé i bhfeidhm i mBealtaine 2024. Beidh feidhm ag mórchuid fhorálacha an GESM ón 8 Lúnasa 2025.

Is rialachán fairsing é an GESM agus clúdaítear réimse ceisteanna ann a bhaineann leis na meáin. Áirítear sa GESM bearta maidir leis an mhéid seo a leanas:

• saoirse eagarthóireachta soláthróirí seirbhísí meán a chosaint ó aon bhac ón stát, lena n-áirítear foinsí iriseoireachta a chosaint;

• cosaintí do neamhspleáchas na meán seirbhíse poiblí;

• ceanglais trédhearcachta ar struchtúir úinéireachta solathróirí seirbhíse meán;

• bunú Boird nua Eorpaigh um Sheirbhísí Meán, a bheidh comhdhéanta de rialálaithe náisiúnta, chun teacht in ionad Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc;

• creat rialála nua um chomhoibriú idir rialálaithe náisiúnta meán;

• cosaintí in éadan Ardán An-Mhór Ar Líne ag baint ábhair meán aitheanta óna n-ardáin;

• measúnú ar chumaisc meán ar féidir le tionchar suntasach a bheith acu ar iolrachas meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta; agus

• ceanglais trédhearcachta maidir le córais tomhais lucht féachana agus fógraíocht stáit.

Cé gur rialachán é an GESM agus go bhfuil sé, mar sin, infheidhme go díreach ar na Ballstáit, beidh gá le cuid gnéithe a thrasuí i ndlí na hÉireann. Is é atá mar aidhm leis an chomhairliúchán seo ná léargas soiléir ar phríomhfhorálacha an GESM a chur ar fáil, agus chun dearcthaí a lorg ar chineálacha cur chuige féideartha ar an trasuíomh.

I ndiaidh dheireadh an chomhairliúcháin phoiblí, déanfaidh an Roinn athbhreithniú ar gach aighneacht, sula dtabharfar moladh i gcrích le cur faoi bhráid an Aire. Cuirfidh an tAire dréachtcheannteidil an Bhille os comhar an Rialtais lena bhformheas agus a bhfoilsiú.

Iarrann an Roinn go gcuirfear gach aighneacht faoin chomhairliúchán seo go EMFA@tcagsm.gov.ie roimh dheireadh gnó ar an 9 Deireadh Fomhair.