Comhaltaí Boird an Fhorais Teanga Ceaptha
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 13 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 13 Meán Fómhair 2024
Comhaltaí Boird an Fhorais Teanga Ceaptha
Tionóladh an tríú Cruinniú Institiúideach déag den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath inniu, Dé hAoine an 13ú Meán Fómhair, 2024.
Cheadaigh an Chomhairle ceapacháin Chomhaltaí Boird den Fhoras Teanga, beirt atá ainmnithe ag Rialtas na hÉireann san áireamh. Ceapadh Gemma Ní Chionnaith agus Mairéad Ní Ghabháin mar chomhaltaí de Bhord Fhoras na Gaeilge, áisíneacht de chuid an Fhorais Teanga Thuaidh Theas, ar feadh téarma cheithre bliana.
Ag labhairt dóibh faoi na ceapacháin seo inniu, dúirt an tAire Catherine Martin agus tAire Stáit Thomas Byrne go raibh áthas orthu comhaltaí nua le scileanna éagsúla a bheith ceaptha go dtí Bord an Fhoras Teanga Thuaidh Theas, Bord Fhoras na Gaeilge agus go raibh súil acu go bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh agus cruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas á reáchtáil an athuair.
Táthar ag súil go mbeidh an chéad chruinniú eile ag earnáil na dteangacha de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas ar siúl amach san fhómhar.
CRÍOCH
Nóta beathaisnéise - Ainmniúchán ar Bhord Fhoras na Gaeilge
Gemma Ní Chionnaith
Is as Indreabhán i nGaeltacht Chonamara do Gemma Ní Chionnaith. Tá staidéar déanta ag Gemma ar chúrsaí éagsúla in Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Luimnigh, 6 bliana daoibh sin caite ag staidéar trí mheán na Gaeilge.
Is é an cúlra acadúil láidir seo a mhúnlaigh a gairm bheatha, agus í ag obair mar chraoltóir Gaeilge le breis agus 20 bliain anuas. Le linn an ama seo, tá Gemma tar éis réimse clár éagsúla a chur i láthair don teilifís agus don raidió, lena n-áirítear Rugbaí Beo agus Seó Spóirt ar TG4.
Mar aitheantas ar an obair shuntasach atá déanta aici sa réimse raidió, bronnadh gradam Pearsa Raidió na Bliana de chuid Oireachtas na Gaeilge uirthi as a cuid oibre ar Géill Slí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tá Gemma paiseanta faoi fhás agus fhorbairt na Gaeilge, agus í ag súil lena cuid taithí fairsing agus saineolas in oideachas agus i gcraoltóireacht na Gaeilge a úsáid le misean Fhoras na Gaeilge a chur chun cinn.
Mairéad Ní Ghabháin
Is aturnae í Mairéad agus tá sí ina páirtí sa chomhlacht dlíodóirí Matheson LLP. Bhain sí amach céim bhaitsiléara sa dlí shibhialta agus céim mháistreachta sa dlí tráchtála i gColáiste na Ollscoile Baile Átha Cliath sular cháiligh sí mar aturnae i 2011.
Is í Mairéad an t-ionadaí don phobal teanga lasmuigh den Ghaeltacht ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge a bunaíodh i 2022, faoi réir Alt 18A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Bhain sí amach Ard-Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil i 2011 ó Óstaí an Rí. Tá blianta caite aici mar theagascóir agus scrúdaitheoir ar chúrsaí Gaeilge Dlí Chumann na hÉireann. In 2014, ceapadh í chuig an gCoiste Comhairlitheach um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge mar ionadaí Dlí Chumann na hÉireann. Bhí sí ar dhuine de bhaill bunaithe Borradh, pobal do chinnirí gnó ag iarraidh an Ghaeilge a chur i gcroílár a saoil proifisiúnta.
Is as an gCeathrú Rua i gConamara í agus tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath.