Comhghairdeas le Foireann na hÉireann ar theacht ar ais dóibh ó Chomórtas Domhanda na gCluichí Oilimpeacha Speisialta
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 26 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin agus an tAire Stáit le haghaidh Spóirt agus Corpoideachais Thomas Byrne fáilte roimh fhoireann na hÉireann inniu (Dé Luain 26 Meitheamh 2023) agus iad ag teacht ar ais ó Chomórtas Domhanda na gCluichí Oilimpeacha a reachtáladh i mBeirlín ón 17ú go dtí an 25ú Meitheamh. Oibríonn Cluichí Oilimpeacha Speisialta Éireann chun saolta a athrú trí Spórt, trína bheith ag obair le daoine atá faoi mhíchumais intleachtúla.
Dúirt an tAire Martin:
“Tá sé an-spreagúil foireann a fheiceáil atá tréan tallainne aige ag teacht ar ais leis an mhéid ratha seo. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le baile agus le muintir Bielefield na Gearmáine as ár bhfoireann a óstáil sa tréimhse roimh na cluichí. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil fosta leis na cóitseálaithe, foirne cúlra agus na teaghlaigh a thug tacaíocht dár lúthchleasaithe agus iad ag ullmhú do na Cluichí seo. Bhí ár 73 lúthchleasaí in iomaíocht ag leibhéal is airde a spórt. Is éacht iontach é teacht ar ais le 24 bonn óir, 22 bonn airgid and 29 bonn cré-úmha i réimse leathan spórt, agus is éacht é sin atá i bhfad níos mó ná a bhfuil i gceist leis an leibhéal idirnáisiúnta seo a bhaint amach ar chóir ar bith. Ar ndóigh, ní buachan bonn amháin atá i gceist. Níl ná é. Is díol suntais fosta é an mhéid d’ár lúthchleasaithe féin a bhain sáriarrachtaí pearsanta amach, agus tá aitheantas speisialta tuilte acu. Is cinnte go dtabharfaidh a sárthaispeántais agus a rath spreagadh do na glúnta lúthchleasaithe amach romhainn chun cáiliú agus a bheith ag iomaíocht ag leibhéal domhanda.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Beagán níos mó na seachtain ó shin, bhí sé de phribhléid agam siúl amach le Foireann na hÉireann ag searmanas oscailte na gCluichí. Bhí sé go hiontach áthas agus bród na mball foirne a fheiceáil agus iad ag dul isteach leis na mílte lúthchleasaí eile ó gach cearn den domhan. Inniu, cuireann muid fáilte ar ais roimh níos mó ná 100 duine a chuaigh go Beirlín mar pháirt d’Fhoireann na hÉireann, idir lúthchleasaithe, cóitseálaithe agus oibrithe deonacha. Is ábhar bróid ag an tír go léir iad. I mbliana, tá muid ag ceiliúradh 20 bliain ó d’óstáil Éire na Cluichí agus ón am sin ar aghaidh, tá gluaiseacht na gCluichí Oilimpeacha Speisialta ag dul ó neart go neart. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na lúthchleasaithe agus na foirne ar chúl na lúthchleasaithe, a theaghlaigh dhílse agus na hoibrithe deonacha iontacha san áireamh, as ucht a n-iarrachta agus a ndúthrachta. Is ionadaithe den scoth iad ar an chóras spóirt ar mhaith linn a bhaint amach sa tír seo, ar córas é ina bhfuil an spórt do chách.”