English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Conradh taighde aontaithe i leith ullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers, inniu go bhfuil conradh aontaithe agus sínithe ag a Roinn le hOllscoil na Gaillimhe chun tabhairt faoi thaighde a bheidh mar bhunús d’ullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge. Is ar ullmhú an Phlean seo a bheidh obair an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh níos luaithe i mbliana faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, dírithe go príomhúil as seo go lár 2024.

Is céim shuntasach chun cinn é síniú an chonartha seo, go háirithe i gcomhthéacs an scéala a bhris le déanaí, nár bhfuarthas aon tairiscint don tionscadal taighde seo tríd an bpróiseas soláthair a d’fhógair an Roinn ina leith ag deireadh mhí Lúnasa.

Is mar thoradh ar phróiseas idirbheartaíochta a aontaíodh an conradh bliana seo sa deireadh agus luach de €325,500 curtha leis. Le haontú an chonartha seo anois, beifear in ann díriú isteach ar réiteach an Phlean faoin spriocdháta sonrach atá leagtha síos ina leith san Acht, is é sin 19 Meitheamh 2024. Ag eascairt ón bPlean úd, socróidh an tAire dátaí faoina gcuirfear na seirbhísí poiblí ar fad sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge agus faoina mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.

Faoin gconradh seo, beidh Ollscoil na Gaillimhe ag déanamh léirmheas ar na gnéithe seo a leanas:

  • na bearnaí atá i soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge mar atá faoi láthair a aithint agus straitéisí a mholadh chun dul i ngleic leis sin
  • na seirbhísí poiblí a sholáthraítear i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta (LPT) a aithint agus straitéisí a mholadh chun a chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga oibre na n-oifigí sin atá lonnaithe i LPT agus go bhfuil na seirbhísí sin á soláthar trí mheán na Gaeilge
  • staid reatha maidir le leibhéal inniúlachta Gaeilge san earnáil phoiblí a aithint
  • moltaí a dhéanamh ó thaobh cúrsaí earcaíochta agus daoine le Gaeilge

Tá ullmhú an Phlean ag teacht chomh maith le cuspóir foriomlán an Achta a bhaint amach, is é sin gur daoine inniúil i nGaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030.

Bhuail an tAire Stáit isteach ag cruinniú deiridh bliana an Choiste Chomhairligh chun tréaslú leo as síniú an chonartha agus as an obair atá déanta acu agus na smaointe uile atá curtha chun cinn acu go dtí seo – roinnt mhaith díobh atá á bhfiosrú ag an Roinn mar bhearta féideartha i gcomhar leis na páirtithe leasmhara cuí.

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt an tAire Stáit Chambers:

“Beidh sé in am go luath súil siar a chaitheamh ar an méid a baineadh amach faoin Acht go dtí seo agus é beagnach bliain ar an bhfód. Dar ndóigh, beidh go leor píosaí le teacht le chéile agus le tarraingt le chéile chun a chinntiú go mbainfear amach na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha síos san Acht. Is píosa mór é aontú agus síniú an chonartha seo sna holl-iarrachtaí sin a bheidh ar bun againn. Beidh na moltaí a thiocfaidh tríd an taighde seo mar bhunús do na straitéisí a leagfaidh an Coiste Comhairleach amach do chomhlachtaí poiblí sa Phlean Náisiúnta ó thaobh an soláthar de sheirbhísí trí Ghaeilge a chuireann siad ar fáil faoi láthair a leathnú agus a fheabhsú. Anuas air sin, beidh bunlíne staitistiúil á haithint leis an taighde seo faoina mbeidh muid in ann an dul chun cinn a dhéantar sna blianta beaga amach romhainn a thomhais. Táim ag súil go mór le torthaí an taighde seo a fheiceáil agus guím gach rath orthu siúd atá ag tabhairt faoi.”

Táthar ag súil go mbeidh comórtas earcaíochta á fhógairt ag Ollscoil na Gaillimhe go luath san athbhliain chun an fhoireann taighde atá de dhíth le tabhairt faoin píosa oibre tábhachtach seo a fhostú.


Nótaí