Cruinniú óstáilte ag an Aire Byrne le feidhmeannaigh spóirt maidir le dul i ngleic leis an gciníochas agus foréigean sa spórt
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 9 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu, Dé Máirt 9 Bealtaine 2023, thionóil an tAire Stáit le freagracht as an Spórt agus Corpoideachas, Thomas Byrne TD, cruinniú le feidhmeannaigh spóirt, ag a phlé siad eachtraí ciníochais agus foréigin sa spórt.
Bhuail an tAire Byrne le hionadaithe sinsireacha ón trí eagraíocht spóirt is mó in Éireann (an Cumann Lúthchleas Gael, Cumann Peile na Éireann agus Cumann Rugbaí na hÉireann) agus bhí an Dr Una May, príomhfheidhmeannach Spórt Éireann ina dteannta.
Dúirt an tAire Byrne:
“Deis a bhí sa chruinniú inniu tuairimí a roinnt maidir le dul i ngleic le heachtraí ciníochais agus foréigin sa spórt. Táim buíoch don CLG, Cumann Peile na hÉireann agus Cumann Rugbaí na hÉireann as an ionchur luachmhar a bhí acu inniu."
“Mar phobal spóirt, tá suim againn ar fad cinntiú go bhfuil comhionnanas, caoinfhulaingt agus meas i gcroílár ár gcluichí."
“D’iarr mé ar Spórt Éireann tús áite a thabhairt d’fhorbairt teimpléid Chód Iompair náisiúnta le cur i bhfeidhm ar fud spóirt in Éirinn agus tá súil agam an teimpléad seo a fheiceáil roimh dheireadh Bhealtaine chun é a dháileadh ar gach uile Choiste Náisiúnta Rialaithe spóirt.”