English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cruinniú idir an Aire Byrne agus World Boxing

Bhuail an tAire Stáit le freagracht as Spórt agus Coirpeadachas, Thomas Byrne TD, an tseachtain seo le hionadaithe ó World Boxing. Bhí Boris van der Vorst, uachtarán Chumann Dornálaíochta na hÍsiltíre agus Matt Holt, príomhfheidhmeannach GB Boxing, atá beirt mar stíurthóirí ar World Boxing, ar chamchuairt go Baile Átha Cliath.

I ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tAire Byrne:

“Táim airdeallach ar na dúshláin mhóra atá roimh dhornálaithe agus cumainn dornálaíochta faoi láthair le gach rud atá ag titim amach ar bhonn geopholaitiúil. Ní ba luaithe i mbliana, thóg an IABA, cumann dornálaíochta na hÉireann, cinneadh cróga gan páirt a ghlacadh i gcraobh domhanda an IBA toisc rannpháirtíocht luthchleasaithe ón Rúis agus ón mBéalarúis in ócáidí an IBA. Measaim go raibh an cinneadh seo ceart agus molaim é.

Bhí cruinniú torthúil agam le hionadaithe ó World Boxing an tseachtain seo agus bhí áthas orm a chloisteáil go bhfuil siad ag dul chun cinn le plean chun cumann idirnáisiúnta dornálaíochta nua a bhunú. Os rud é gur í an dornálaíocht an spóirt is mó ratha dúinne sna Cluichí Oilimpeacha, measaim go bhfuil sé ríthábhachtach dornálaíocht a chuir ar ais ar an gclár Oilimpeach le haghaidh Los Angeles 2028. Tacaím go hiomlán leis na hiarrachtaí chun dornálaíocht a choimeád sa ghluaiseacht Oilimpeach agus leanfaidh mé liom ag coimeád súil ghéar ar aon dul chun cinn air seo, ag tacú leis an IABA mar aon le Spórt Éireann.”