English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an Grúpa Maoirseachta Téarnaimh don turasóireacht a chéad tuairisc faoi bhráid an Aire Martin

Chuir an Grúpa Maoirseachta Téarnaimh a chéad tuairisc faoi bhráid an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, TD, inniu. Chuir an tAire an Grúpa Maoirseachta Téarnaimh ar bun i mí na Nollag chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Plean Téarnaimh na Turasóireachta agus chun monatóireacht a dhéanamh ar théarnamh na hearnála ó phaindéim COVID-19. Bhí bunú an ghrúpa ar cheann de na príomh-mholtaí a rinneadh sa Phlean Téarnaimh a chuir Tascfhórsa Téarnaimh na Turasóireachta faoi bhráid an Aire i mí Mheán Fómhair.

Sna chéad chruinnithe, dhírigh an Grúpa Maoirseachta ar phlé a dhéanamh ar chúrsaí turasóireachta i dtréimhse reatha na paindéime, an chéim mhaireachtála, le súil ar ullmhú don téarnamh. Chuir an Grúpa fáilte roimh an dul chun cinn atá déanta go dtí seo i gcur i bhfeidhm an Phlean Téarnaimh agus thug siad faoi deara gur chabhraigh na bearta tacaíochta a cuireadh i bhfeidhm, mar aon le bearta a cuireadh i bhfeidhm mar chuid de phacáiste spreagtha mhí Iúil níos luaithe sa bhliain, go mór le gnóthaí maireachtáil agus poist a choinneáil in earnáil na turasóireachta. Sa tuairisc a cuireadh faoi bhráid an Aire, léirigh an Grúpa na réimsí a chreideann siad gur cheart don Aire agus dá comhghleacaithe sa Rialtas díriú orthu. Tá siad ag díriú ar na réimsí seo chun maireachtáil gnólachtaí agus poist turasóireachta a chinntiú agus chun ullmhú don téarnamh.

Tar éis don ghrúpa anailís a dhéanamh ar chúrsaí san earnáil, creideann an Grúpa Maoirseachta Téarnaimh gur cheart don Aire agus a comhghleacaithe sa Rialtas díriú ar na réimsí seo a leanas:

Tá an earnáil i modh maireachtála fós. Ba cheart gnólachtaí agus poist turasóireachta a choinneáil ann go dtí go bhfuil cúinsí maith go leor chun téarnamh inbhuanaithe a thosú:

1. An Scéim Fóirdheontais Pá a choinneáil mar atá i comhair na ngnólachtaí go léir go dtí deireadh dhara ráithe na bliana 2021 ar a luaithe, do ghnólachtaí a bhfuil láimhdeachas tagartha laghdaithe 50% nó níos mó go dtí deireadh na bliana, ag cinntiú go mbaineann iad siúd is measa atá buailte an leas is mó as.

2. Scéim Tacaíochta Sriantaí COVID a choinneáil mar atá go dtí deireadh 2021, agus a chinntiú go bhfaigheann tacaíochtaí earnáil na turasóireachta, cosúil leis na scéimeanna leanúnachais gnó a chuireann Fáilte Ireland ar fáil, go leor maoinithe chun gnólachtaí a choinneáil beo go dtí go dtagann an téarnamh.

3. Critéir shoiléire a aithint i gcomthéacs an Phlean Leasaithe Maireachtála le COVID a shocrófar cathain a bheidh earnáil na turasóireachta in ann athoscailt, rochtain idirnáisiúnta agus turasóireacht isteach san áireamh, agus cumarsáid shoiléir agus sheasmhach ón Rialtas maidir leis seo a chinntiú chun cinnteacht atá ag teastáil go géar a sholáthar don tionscal agus do thomhaltóirí.

4. Fad a chur le Tarscaoileadh Rátaí na nÚdarás Áitiúil go dtí deireadh 2021 do ghnólachtaí turasóireachta agus fáilteachais.

Caitear na céimeanna breise seo a leanas a thógáil anois chun ligean don earnáil pleanáil agus buiséadú don téarnamh:

5. An ráta CBL a choinneáil ag 9% go dtí 2025 chun cinnteacht a sholáthar do ghnólachtaí i dtimpeallacht turasóireachta a d'fhéadfadh a bheith thar a bheith iomaíoch nuair a thosaíonn taisteal idirnáisiúnta arís.

6. Luas an dul chun cinn a ghéarú maidir le cur i bhfeidhm Phlean Gníomhaíochta an Rialtais um Leasú Árachais agus scrúdú a dhéanamh ar fhadhbanna faoi leith a chuireann isteach ar earnáil na turasóireachta sa chomhthéacs seo ar bhonn práinneach.

7. Athbhreithniú a dhéanamh ar an Scéim Fan agus Caith chun é a dhéanamh níos oiriúnaí do thomhaltóirí agus fad a chur leis an tréimhse cháilithe go dtí deireadh 2021.

Ag trácht ar an tuairisc, dúirt an tAire Catherine Martin:

“Ba mhór an cuidiú é an Plean Téarnaimh domsa agus do mo chomhghleacaithe sa Rialtas agus muid ag déanamh machnaimh ar na bearta chun tacú leis an earnáil i mBuiséad 2021. Chuir mé an Grúpa Maoirseachta Téarnaimh ar bun i mí na Nollag chun mé a choinneáil ar an eolas faoi fhorbairtí maidir le cur i bhfeidhm an Phlean agus faoi earnáil na turasóireachta go ginearálta.

“Cuirim fáilte roimh an tuairisc seo a chuir an Grúpa Maoirseachta Téarnaimh faoi mo bhráid inniu agus molaim an Grúpa Maoirseachta Téarnaimh agus Cathaoirleach an Ghrúpa, Nóirín Hegarty, as an obair atá déanta go dtí seo. Tugaim na réimsí a bhfuil an Grúpa ag díriú orthu faoi deara agus déanfaidh mé féin agus mo chomhghleacaithe machnamh ar na pointí seo. Tá an chomh-aireacht an-dírithe ar réimse na dtacaíochtaí gnó, go háirithe. Labhair mé ag comhdháil fhíoriúil Chónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann an tseachtain seo caite, agus mar sin tuigim na dúshláin leanúnacha atá roimh an earnáil. Cuirfidh mé Tuarascáil an Ghrúpa Maoirseachta Téarnaimh faoi bhráid Fhóram an Fháilteachais agus na Turasóireachta ag an gcéad chruinniú eile.

“Cé go bhfuil luas an téarnaimh neamhchinnte, le tacaíochtaí cuí, táim cinnte gur féidir le hearnáil na turasóireachta filleadh ar fhostaíocht inbhuanaithe a sholáthar agus ioncam a chruthú don gheilleagar.”

Dúirt Cathaoirleach an Ghrúpa Maoirseachta Téarnaimh, Nóirín Hegarty:

“I mBuiséad 2021, chuir an tAire Martin roinnt príomhbhearta i bhfeidhm a moladh i bPlean Téarnaimh na Turasóireachta chun maireachtáil Earnáil na Turasóireachta a chinntiú. Cé gur chuir an tionscal fáilte roimh na bearta seo agus gur mhór an cuidiú iad, tá drochbhail ar earnáil na turasóireachta mar gheall ar fhorbairt na paindéime agus na bearta sláinte poiblí a cuireadh i bhfeidhm mar thoradh. Caithfimid a chinntiú go gcuirfear nó go gcoinneofar bearta maireachtála i bhfeidhm, de réir mar is cuí, agus muid ag leanúint ar phleanáil an téarnaimh.

“Bhí trí chruinniú ag an nGrúpa Maoirseachta Téarnaimh ó cuireadh ar bun é i mí na Nollag 2020. Rinne an Grúpa plé ar chúrsaí turasóireachta faoi láthair agus tionchar na paindéime orthu. I bhfianaise anailís an Ghrúpa ar chúrsaí san earnáil, léiríomar na réimsí a chreidimid gur cheart don Aire agus dá comhghleacaithe sa Rialtas díriú orthu.

“Creidimid gur tháinig méadú ar na rioscaí eiseacha do go leor codanna dár n-earnáil ó cuireadh an Plean Téarnaimh i dtoll a chéile. Cé go bhfuil sé dosheachanta, ar an drochuair, nach dtiocfaidh roinnt gnólachtaí slán ón bpaindéim, bheadh iarmhairtí móra ag leibhéal suntasach cliseadh gnó don téarnamh agus d’inbhuanaitheacht shóisialta agus eacnamaíochta in go leor ceantar ina bhfuil beagán roghanna fostaíochta eile.”

CRÍOCH

Tá Tuairisic an Ghrúpa Maoirseachta Téarnaimh ar fáil ar Item was unpublished or removed