Cuireann an tAire Martin agus Byrne fáilte roimh Fhoireann na hÉireann tar éis an líon bonn is airde riamh a bhuachan sna Cluichí Oilimpeacha
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 12 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, Thomas Byrne TD fáilte inniu roimh na 133 lúthchleasaí a bhí san iomaíocht ar son na hÉireann i gCluiche Oilimpeacha Pháras 2024. Bhí an 64 bean agus 69 fear san iomaíocht ar fud 14 spórt, agus bhuaigh siad 7 bonn, ag baint sáriarrachtaí pearsanta agus séasúracha amach in go leor cásanna chomh maith le dul chun cinn ina gcomórtais aonair.
Dúirt an tAire Martin:
“Cuireann Foireann na hÉireann bród ar an náisiún, an fhoireann is rathúla a bhí againn riamh sna Cluichí Oilimpeacha. Le cúpla seachtain anuas, thaistil na mílte tacaithe de chuid na hÉireann go dtí an Fhrainc agus ba léir go raibh ár lúthchleasaithe an-bhuíoch as an tacaíocht seo. Ar ais sa bhaile in Éirinn, tugadh tacaíocht iontach dár lúthchleasaithe gach céim den bhealach freisin. Déanaim chomhghairdeas le gach duine a ghlac páirt san iarracht seo, ó na lúthchleasaithe go dtí na cóitseálaithe, na coistí spóirt, an Chónaidhm Oilimpeach, Institiúid Spórt Éireann agus eile.
Ba mhór an chreidiúint é an rath seo do thiomantas ár lúthchleasaithe, agus do thacaíocht a dteaghlach, a n-oiliúnóirí agus a bpobail. Léiríonn an t-éacht iontach seo freisin an luach a bhaineann leis an infheistíocht leanúnach isteach inár gcóras spóirt. Rinneamar infheistíocht ag gach leibhéal, ón gcóras ardfheidhmíochta ar aghaidh síos go dtí leibhéal an phobail agus leanfaimid ag tógáil ar an infheistíocht sin sna blianta amach romhainn, chun an tacaíocht atá tuillte acu a sholáthar dár lúthchleasaithe.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Is iad seo na Cluichí Oilimpeacha is rathúla d’Éirinn. Chuireamar ár bhfoireann is mó riamh go dtí na Cluichí i bPáras, agus tá siad tar éis filleadh leis an líon is airde bonn a bhí againn riamh agus ba mhaith liom comhghairdeas a chur in iúl do ghach uile bhall d’fhoireann na hÉireann. Chonaiceamar taifid náisiúnta i gcúrsaí spóirt mar lúthchleasaíocht agus snámh. Tá na cluichí ceannais agus na céimeanna deiridh bainte amach againn i gcúrsaí spóirt agus disciplíní nach raibh muid riamh in iomaíocht dháiríre iontu. Cluichí Oilimpeacha iontacha a bhí anseo d’Éirinn. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil le muintir na Fraince as a bheith mar óstach do Chluichí iontacha.
Léiríonn an méid atá feicthe againn i bPáras an chuid is fearr de chóras láidir spóirt na hÉireann atá ag seachadadh thar éagsúlacht spóirt. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an bhfoireann taobh thiar d’Fhoireann Éireann, ó bhaill teaghlaigh agus chairde, go oibrithe deonacha agus lucht tacaíochta, chomh maith le go leor eile. Ba mhaith liom freisin aitheantas agus moladh a thabhairt do Chónaidhm Oilimpeach na hÉireann, Spórt Éireann agus mo Roinn as an obair thiomanta atá déanta acu ag tacú lenár lúthchleasaithe ardfheidhmíochta agus lenár bpobal spóirt.”
CRÍOCH