English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Martin agus Chambers fáilte roimh infheistíocht chaipitiúil do thodhchaí na hearnála Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Inniu chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Jack Chambers TD, an tAire Stáit le freagracht as an Spórt agus as an nGaeltacht, fáilte roimh sheoladh an Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030, tar éis athbhreithniú cuimsitheach.

Tá infheistíocht phoiblí €165 billiún ar an iomlán sa phlean athbhreithnithe thar an tréimhse idir 2021 agus 2030. Tabharfaidh sé seo infheistíocht phoiblí suas go 5% den ollioncam náisiúnta*, i bhfad os cionn mheán AE a fógraíodh le déanaí de 3% den olltáirgeacht intíre. Áireofar leis seo pacáiste suntasach os cionn €1bn d’infheistíocht chaipitiúil ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sa tréimhse idir 2021 agus 2025.

Seachadfaidh infheistíocht chaipitiúil na Roinne na cuspóirí ardleibhéil seo a leanas d’earnálacha na Roinne:

- Téarnamh agus Teacht Aniar Eacnamaíoch a chur chun cinn

- Tacú le Folláine agus Comhtháthú Sóisialta

- Inbhuanaitheacht a fheabhsú ina gcuid earnálacha agus Caomhnóireacht a dhéanamh ar ár n-oidhreacht uathúil chultúrtha, teanga agus spóirt.

Dúirt an tAire Martin:

Tá an-áthas orm na tosaíochtaí infheistíochta caipitil seo a fhógairt do mo Roinn, a thacóidh le téarnamh agus teacht aniar eacnamaíoch sna hearnálacha Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus folláine an duine aonair agus an phobail a fheabhsú agus inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil a chur chun cinn chun ár n-oidhreacht uathúil chultúrtha, teanga agus spóirt a chosaint do na glúnta atá le teacht.

"Táim ag tnúth le seachadadh tionscadal a thacóidh le hearnáil turasóireachta inbhuanaithe, straitéis Ardáin le Fás Fháilte Éireann san áireamh. Tá sé seo tábhachtach go háirithe agus na dúhláin a bhaineann le paindéim COVID-19 á sárú againn, a raibh tionchar tubaisteach acu ar earnáil na Turasóireachta. Ní mór dúinn an earnáil Turasóireachta a atógáil ar bhealach a chuidíonn lenár dtéarnamh eacnamaíoch, ag soláthar fostaíocht inbhuanaithe ar fud na hÉireann, ár réigiúin Gaeltachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin san áireamh, ar bhealach a chosnaíonn ár dtimpeallacht uathúil.

"Táim ar bís freisin faoin infheistíocht atá á déanamh againn chun inbhuanaitheacht ár mbonneagair chultúrtha náisiúnta agus réigiúnach a athfhorbairt agus a fheabhsú. Táim ag tnúth go háirithe le tionscadail chaipitiúla shuntasacha a sheachadadh inár gcuid Forais Náisiúnta Cultúir, cosúil leis an athfhorbairt uaillmhianach i nGailearaí Ealaíne Crawford i gCorcaigh chun ár mBailiúcháin Náisiúnta a oscailt do níos mó daoine, chun eispéireas chuairteoirí an ghailearaí a fheabhsú agus inbhuanaitheacht an fhoirgnimh stairiúil seo i gcroílár na cathrach a chosaint agus a fheabhsú."

Dúirt an tAire Stáit le freagracht as an Spórt agus as an nGaeltacht, Jack Chambers:

"Tá an-áthas orm infheistíocht chaipitiúil i dtochdhaí an spóirt a chinntiú, a thacóidh le sprioc an Pholasaí Náisiúnta Spóirt chun sláinte agus folláine an náisiúin a fheabhsú. Leanfaidh an Ciste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór agus an Clár um Chaipiteal agus Threalamh Spóirt ag tacú le clubanna agus eagraíochtaí ar fud na tíre chun rannpháirtíocht sa spórt a mhéadú, agus beidh tionchar dearfach ag seachadadh tionscadal cosúil leis an Veileadróm Náisiúnta agus Ionad Badmantain ar ár bhfeidhmíocht idirnáisiúnta sa todhchaí i rothaíocht agus i mbadmantan.

"Cuideoidh infheistíocht leanúnach trí Údarás na Gaeltachta le todhchaí gheilleagrach ár bpobal Gaeltachta a chinntiú, agus cuideoidh infheistíocht i Scéimeanna Caipitil na Roinne um Thacú leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus a chothú laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht."

I measc phríomhthosaíochtaí na Roinne tá:

Turasóireacht

- Aistriú earnáil na Turasóireachta go múnla atá inbhuanaithe ó thaobh na timpeallachta de, ó thaobh na heacnamaíochta de agus go sóisialta a chur chun cinn.

- Áiseanna feabhsaithe a sholáthar trí infheistíocht i bhForbairt Táirgí Turasóireachta, Ardáin le Fás san áireamh – straitéis infheistíocht chaipitiúil Fháilte Éireann chun díriú ar chatagóirí tionscadail a bhfuil an cumas is mó acu turasóireacht inbhuanaithe a fhás agus a chothú.

- Tacú le turasóireacht i bpobail tuaithe agus í a fhás, infheistíocht sa Chiste Margaíochta Turasóireachta san áireamh.

Na hEalaíona, an Cultúr agus na Meáin

- Clú na hÉireann mar cheannaire sa réimse cultúrtha a neartú trí líonra bonneagair chultúrtha inbhuanaithe den scoth a fhorbairt trí Chlár Infheistíochta na bhForais Náisiúnta Cultúir.

- Tacú le déanamh áiteanna trí infheistíocht i mBonneagar Cultúrtha Réigiúnach, le fócas ar infheistíocht bhonneagair inbhuanaithe atá tíosach ar fhuinneamh.

- Tionscail Chruthaitheacha agus Earnáil Léiriúchán na Meán agus Closamhairc a fhorbairt go beoga trí infheistíocht i bhFís Éireann agus i gCoimisiún na Meán (atá le teacht in áit Údarás Craolacháin na hÉireann).

- Ár n-oidhreacht chultúrtha thábhachtach a chosaint trí Dhigitiú na mBailiúcháin Náisiúnta, a sholáthróidh bealaí nua chun idirghníomhú lenár mbailiúchán saibhir saothair ealaíne agus déantúsáin stairiúla tábhachtacha, chomh maith le deiseanna méadaithe a sholáthar chun rochtain a fháil ar na bailiúcháin.

Spórt

- Cuspóirí an Chreata Pleanála Náisiúnta a bhaint amach agus tacú le folláine an duine aonair agus an phobail trí infheistíocht a dhéanamh in áiseanna spóirt ar fud na hÉireann faoin gClár um Chaipiteal agus Threalamh Spóirt.

- Mórfhorbairt bonneagair spóirt tríd an gCiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór.

- Bonneagar tábhachtach a sholáthar chun tacú le forbairt áiseanna spóirt den scoth ar Champas Spórt Éireann.

An Ghaeltacht

- Todhchaí eacnamaíoch phobail na Gaeltachta a chothú trí infheistíocht Údarás na Gaeltachta i gcruthú post agus i dtionscnaimh forbartha fiontraíochta.

- Líonra d’áiteanna turasóireachta a fhorbairt bunaithe ar acmhainní teanga, cultúrtha agus nádúrtha na Gaeltachta d’fhonn an tionchar eacnamaíoch atá ag Bealach an Atlantaigh Fhiáin i réigiúin na Gaeltachta a uasmhéadú.

- Úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre trí líonra Ionad Cultúir agus Teanga a fhorbairt.

Feicfear infheistíocht chaipitiúil na Roinne sna hearnálacha ríthábhachtacha seo ar fud na réigiún go léir trí fhorbairt Turasóireachta, trí infheistíocht inár bpobail Gaeltachta, trí infheistíocht inbhuanaithe inár mbonneagar cultúrtha agus teanga náisiúnta agus réigiúnach, agus trí infheistíocht leanúnach i mbonneagar spóirt ar fud na hÉireann.

Is féidir le hinfheistíocht chaipitiúil poiblí spriocdhírithe inár gcuid áiseanna turasóireachta, cultúir agus spóirt a fhorbairt, chomh maith le hinfheistíocht inár n-acmhainní teanga agus meáin bheoga áitiúla tionchar claochlaitheach a imirt ar dheiseanna fostaíochta, ar fhorbairt eacnamaíoch agus ar fhás réigiúnach, agus is féidir léi inmharthanacht na pobail uirbeacha agus tuaithe araon a fheabhsú trí dhéanamh áite.

Chuir athbhreithniú an Phlean deis ar fáil chun na deiseanna agus na dúshláin mhóra ar féidir aghaidh a thabhairt orthu trí infheistíocht phoiblí a chur san áireamh faoi Thionscadal Éire 2040, lena n-áirítear COVID-19, an Breatimeacht, daonra a mheastar a fhásfaidh aon mhilliún duine idir 2016 agus 2040 agus, go ríthábhachtach, gníomhú ar son na haeráide.

Tá an géarghá le gníomhú ar son na haeráide mar bhonn faoi chinntí infheistíochta an Phlean nua. Tá measúnú aeráide agus comhshaoil ar Athbhreithniú an Phlean sa Phlean nua agus cur síos ar conas a leithdháilfear an maoiniú a eascróidh as na méaduithe ar an gcáin charbóin. Faoin bPlean athbhreithnithe oibreoidh an Roinn chun a cuid gníomhaíochtaí cosúil le scéimeanna caipitiúla a athdhíriú chun na spriocanna fáis sa Chreat Pleanála Náisiúnta a bhaint amach chomh maith le spriocanna an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide. Tá an Roinn tiomanta freisin d’earnáil Turasóireachta inbhuanaithe a fhorbairt in Éirinn.