English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Martin fáilte roimh athoscailt earnáil na turasóireachta agus an fháilteachais

Borradh €1 billiún curtha faoin ngeilleagar

Inniu, chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., fáilte roimh an tús atá curtha le hathoscailt earnáil na turasóireachta agus an fháilteachais, atosú lóistín turasóireachta san áireamh. Cuirfidh athoscailt bhialanna óstáin agus sheirbhísí óstáin €1 billiún sa bhreis leis an ngeilleagar.

Bhí tionchar ollmhór ag an bpaindéim agus na srianta riachtanacha sláinte poiblí ar an earnáil turasóireachta, agus, níos tábhachtaí ná aon rud eile, ar na daoine a oibríonn san earnáil turasóireachta. Le linn mhí an Mheithimh agus mhí Iúil, áfach, osclóidh na mílte gnólacht a gcuid doirse d’aíonna agus cuirfidh siad fáilte roimh a gcuid foirne a thosóidh ina bpoist arís. Measann Fáilte Éireann go gcuirfidh an athoscailt méid suntasach airgid ar fáil don gheilleagar.

De réir anailís eacnamaíochta a chuir Fáilte Éireann ar fáil, nuair a baineadh srianta an samhradh seo caite, chaith muintir na hÉireann €843 milliún ar shaoirí in Éirinn sa tríú ceathrú den bhliain (suas 52% ón tréimhse chéanna in 2019). Bunaithe air seo, dá n-athosclófaí an earnáil ag pointe níos luaithe agus ar feadh tréimhse níos faide, agus dá mbainfí níos mó srianta san earnáil turasóireachta agus fáilteachais i mbliana, d’fhéadfaí €1bn a shaothrú don gheilleagar sna míonna atá romhainn.

Dúirt an tAire Martin:

“Tá údar dóchais againn anois agus luas an chlár vacsaínithe ag géarú. Is céim thábhachtach chun cinn í athoscailt earnáil na turasóireachta agus an fháilteachais i bPlean Teacht Aniar agus Téarnaimh COVID-19. Beidh seirbhísí lóistín agus bialainne mar aon le tithe tábhairne agus beáir in ann a gcuid doirse a oscailt arís tar éis na tréimhse dúshlánaí seo nuair a tugadh orthu doirse a dhúnadh. Tá a fhios agam go gcuirfidh gach gnólacht turasóireachta agus fáilteachais Céad Míle Fáilte roimh a gcuid aíonna agus molaim do dhaoine dul chun áiteanna áille na tíre seo a fheiceáil. Méadóidh sé seo líon na gcuairteoirí áitiúla agus líon na dturasoirí a úsáideann gnólachtaí fáilteachais go leanúnach agus iad ag athoscailt sna seachtainí atá romhainn, rud atá ag teastáil go géar.

Is maith a thuigim an tábhacht a bhaineann le cuairteoirí idirnáisiúnta agus táimid ag súil le tús a chur leis an taisteal idirnáisiúnta arís i mí Iúil. Tá an Rialtas tiomanta do thacú leis an turasóireacht agus foilsíodh an Plean Téarnaimh Eacnamaíochta Náisiúnta chun léargas a thabhairt ar conas a chabhróidh an Rialtas le daoine filleadh ar an obair agus conas a thacóidh an Rialtas le hearnálacha a raibh tionchar díréireach ag an bpaindéim orthu, turasóireacht san áireamh.

Is féidir le hóstáin, seirbhísí leapa agus bricfeasta, brúnna, tithe lóistín agus lóistín turasóireachta eile a gcuid doirse a oscailt ó inniu agus tosóidh seirbhísí bia faoin aer do bhialanna, do chaiféanna agus do thithe tábhairne arís ón Luan, 7 Meitheamh.

Dúirt Paul Kelly, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fháilte Éireann:

“Cuirfidh athoscailt shábháilte leanúnach earnáil na turasóireachta agus an fháilteachais in Éirinn an tseachtain seo borradh faoin ngeilleagar náisiúnta atá ag teastáil go géar. Léiríonn ár n-anailís eacnamaíochta gur tháinig méadú ar an turasóireacht intíre le linn 2020 nuair a baineadh na srianta. Arís eile i mbliana, beidh ról ríthábhachtach ag an taisteal intíre i soláthar brabúis agus tá Fáilte Éireann tiomanta do shaoirí in Éirinn a chur chun cinn trína feachtas margaíochta ‘Coinnigh ort ag Aimsiú’. Atógfaidh an feachtas seo an turasóireacht, le go bhfaighidh Éireannaigh poist agus ioncam arís chomh luath agus is féidir.”