Cuirfear €16.6m ar fáil do threalamh spóirt faoin gClár um Chaipiteal agus Threalamh Spóirt
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 6 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., agus an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers, T.D., €16.6 milliún i ndeontais trealaimh faoin mbabhta is déanaí den Chlár um Chaipiteal agus Threalamh Spóirt inniu (an 6 Lúnasa).
“Dea-scéala atá agam inniu do na céadta eagraíocht spóirt ar fud na tíre,” a dúirt an tAire Martin. “Is léiriú é an maoiniú Caipitil agus Trealaimh Spóirt ar an gcabhair atá á tabhairt ag an Rialtas don phobal spóirt sa tréimhse dhúshlánach seo; ag tacú le clubanna agus eagraíochtaí chun áiseanna riachtanacha a sholáthar chun ár gcuspóirí maidir le rannpháirtíocht mhéadaithe sa spórt a bhaint amach; agus ag cuidiú leis na buntáistí iontacha a d’fhéadfadh gníomhaíocht choirp a chruthú inár saolta. Cuideoidh deontais an lae inniu le clubanna spóirt agus le Coistí Náisiúnta Rialaithe Spóirt trealamh spóirt a cheannach chun ár laochra spóirt agus Oilimpigh a fhorbairt sa todhchaí.
“Maidir le roghnú na dtionscadal a raibh rath orthu, foilsíodh an nós imeachta measúnaithe agus an córas scórála ina n-iomláine roimh ré. Tugadh tosaíocht do thionscadail a mhéadóidh an rannpháirtíocht, atá lonnaithe i gceantair le leibhéil níos airde míbhuntáiste socheacnamaíoch agus d’eagraíochtaí nach bhfuair maoiniú suntasach faoin gClár roimhe seo. Maidir leis an gcaoi ar scóráladh iarratais, tá áthas ar leith orm gur cuireadh níos mó béime ar rannpháirtíocht na mban a mhéadú sa spóort. Táimid tiomanta i gcónaí d’infheistíocht chaipitil bhreise sa spórt agus cé go mbaineann deontais an lae inniu le ceannacháin trealaimh atá cuibheasach beag go príomha, fógróimid leithdháileadh deontas níos déanaí i mbliana do thionscadail chaipitil faoin gClár."
Chuir an tAire Stáit atá freagrach as an Spórt, Jack Chambers T.D., béim ar éagsúlacht na dtionscadal atá á maoiniú:
“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na hiarratasóirí rathúla go léir a fuair maoiniú deontais inniu agus go háirithe na hoibrithe deonacha ag leibhéal an chlub a rinne na hiarratais agus a oibríonn i gcroílár na gclubanna agus na n-eagraíochtaí spóirt ar fud na tíre. Faoi chlár na bliana seo, tá maoiniú á leithdháileadh ar na clubanna, na scoileanna agus na heagraíochtaí a fhreastalaíonn ar an bpobal ar fad agus ar na grúpaí sin go háirithe a mbíonn leibhéil rannpháirtíochta níos ísle acu go traidisiúnta. Cuirtear béim faoi leith chomh maith ar leibhéil rannpháirtíochta ban a chur chun cinn agus a mhéadú i ngach spórt dá gcuidse.
Seachas an tainteamh a bhainimid go léir as a bheith ag breathnú ar ócáid cosúil leis na Cluichí Oilimpeacha, tá fianaise láidir ann maidir leis na buntáistí sláinte a bhaineann le rannpháirtíocht spóirt agus ba mhaith linn gach deis a thabhairt do dhaoine páirt a ghlacadh ann. Chomh maith le hiarratais ó chlubanna spóirt áitiúla, tá lúcháir orm go gcuirfear os cionn €2m ar fáil do threalamh spóirt do Choistí Náisiúnta Rialaithe Spóirt. I measc na n-eagraíochtaí a bhainfidh leas as deontais an lae inniu tá an Cumann Peile na hÉireann, Rámhaíocht Éireann, Snámh Éireann, Cumann Parailimpeach na hÉireann agus Cluichí Oilimpeacha Speisialta Éireann. Tá áthas orm chomh maith go gcuirimid €1.4m ar fáil do thionscadail a mheastar a bheith suntasach “go réigiúnach”. I measc na ndeontaithe sin tá roinnt cumainn pheil ban contae, Lúthchleasaíocht Laighean agus Sraitheanna Sráide Éireann do Dhaoine gan Dídean."
Tá sonraí iomlána na leithdháiltí uile a fógraíodh inniu leagtha amach ar shuíomh gréasáin na Roinne ar https://www.gov.ie/en/collection/471ed5-sports-capital-allocations/
Nótaí
Dúnadh babhta 2020 den Chlár um Chaipiteal agus Threalamh Spóirt d’iarratais Dé Luain, 1 Márta 2021. Faoin spriocdháta sin, cuireadh an líon is mó riamh, 3,100 iarratas isteach ag lorg maoiniú €200m ar an iomlán. Rinneadh na hiarratais ar threalamh amháin a mheas ar dtús agus is iad na hiarratasóirí rathúla faoin ngné seo den scéim atá á bhfógairt inniu. Leithdháileadh €16.6m. Bronnadh deontas ar an 95% is fearr d’iarratais áitiúla de réir scór. Ríomhadh na leithdháiltí deontais aonair le súil ar an méid a bhí ar fáil don chontae áirithe sin (bunaithe ar dháileadh per capita agus na leibhéil éilimh don chontae sin), an méid a bhí á lorg don tionscadal agus an scór a fuarthas tar éis an mheasúnaithe.