English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cultúr 2025 - Creatbheartas Náisiúnta Cultúir go dtí an bhliain 2025 foilsithe ag an Aire Madigan, an chéad Chreatbheartas Náisiúnta Cultúir ag Éirinn

Tá Cultúr 2025 - Creatbheartas Náisiúnta Cultúir go dtí an bhliain 2025 fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD inniu (Dé hAoine), an chéad chreatbheartas náisiúnta cultúir a foilsíodh in Éirinn riamh.

Leagtar amach in Cultúr 2025 an treo do bheartas an Rialtais ar fud earnáil an chultúir, lena n-áirítear na healaíona, an Ghaeilge agus na hearnála cruthaitheachta, oidhreachta agus closamhairc. Leagtar amach ann aidhmeanna an Rialtais i ndáil leis na réimsí sin, agus mar is féidir iad a bhaint amach. Is féidir an beartas a léamh anseo: A National Cultural Policy Framework to 2025

Tá aitheantas d'fhiúntas an chultúir don duine agus don tsochaí ina ghné lárnach ag Cultúr 2025, an gá bonn treise a chur faoi shaothrú na cruthaitheachta agus faoi rannpháirtíocht i gcúrsaí cultúir agus gealltanas a thabhairt go mbeidh meas ar oidhreacht chultúir na hÉireann.

Tá na cuspóirí a bhaineann le Cultúr 2025 á gcur chun cinn thrí thionscnaimh de chuid an Rialtais lena n-áirítear, Cláir Éire Ildánach, Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge, Éire Dhomhanda 2025, an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht agus an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc. Cuireann an infheistíocht chaipitiúil €1.2 billiún don chultúr, don oidhreacht agus don Ghaeltacht tacaíocht ar fáil do Chultúr 2025 chomh maith faoi Thionscadal Éireann 2040. Faoi Chultúr 2025, cinnteofar go mbeidh aon chur chuige comhleanúnach amháin i gceist maidir leis an mbeartas cultúir seo ar fud an Rialtais agus maidir leis an bpleanáil agus an soláthar ar fud earnáil an chultúir.

Áirítear mar phríomhghníomhaíochtaí laistigh de Chultúr 2025:

Teacht níos mó a bheith ar na healaíona agus ar dheiseanna a bheith rannpháirteach iontu agus borradh a chur faoi thionscail cruthaitheachta na hÉireann;

Ag obair as lámh a chéile le cumas cruthaitheachta leanaí agus dhaoine óga uile na tíre a chothú;

Infheistíocht a dhéanamh sa Ghaeltacht agus tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge.

Tacaíocht a thabhairt do chultúr traidisiúnta agus aitheantas ar fud an domhain a bhaint amach do chultúir thraidisiúnta na hÉireann;

Agus gnáthóga nádúrtha agus bithéagsúlacht na hÉireann a chosaint agus a chur chun cinn;

Mar bhonn agus mar thaca ag Cultúr 2025 tá gealltanas athnuaite an Rialtais dúbailt ar an gcistíocht phoiblí do chúrsaí ealaíne agus cultúir sa bhliain 2017 a thabhairt i gcrích faoin mbliain 2025, ó €288m go dtí €576m.

Inniu dúirt an tAire Madigan:

"Is é cultúr na hÉireann, ar a shainiúla agus a iléagsúla atá, a thugann féiniúlachta dúinn mar dhaoine. Bíonn léiriú ar a bhfuil caite ann, múnlú ar a bhfuil faoi láthair agus tuar a mbeidh i ndán. Céad bliain ón tráth ar tharla an t-athbheochan cultúir a ghabh le gluaiseacht na réabhlóidíochta agus a bhí ina spreagadh le gluaiseacht na saoirse, is tráthúil anois, an aisling maidir lena bhfuil i ndán don chultúr a leagan amach.

"Cultúr 2025 amach aisling fhor-réiseach agus an creatchóras don am atá romhainn agus tugtar cuntas achoimre ann ar phleananna gníomhaíochta. Mar bhonn agus mar thaca aige tá gealltanas an Rialtais leanúint den mhaoiniú atá ar fáil do chultúr, d'oidhreacht agus don Ghaeltacht a mhéadú, é a dhúbailt go €576m faoi 2025. Cuireann seo leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ar ionann sin agus méadú 24% ar mhaoiniú don chultúr ó 2017.

"Cuirfidh sé seo ar ár gcumas tacaíocht a thabhairt do chultúr na hÉireann ar fud an domhain agus infheistíocht shuntasach a dhéanamh i seirbhísí pobail sna healaíona, ó thaobh na Gaeilge de, agus na hearnála cruthaitheachta, oidhreachta agus closamhairc.

"Tá go leor bainte amach san earnáil cultúir le blianta beaga anuas ach is léir go bhfuil go leor fós le déanamh. Leagadh, le Cultúr 2025, plean oibre leathan amach ar an méid atá muid ag iarraidh a bhaint amach agus ar an méid atá le déanamh againn len é sin a dhéanamh. Is aitheantas ríthábhachtach é seo ón Rialtas ar an tábhacht a bhaineann le cultúr i saol phobal na tíre agus ar thiomantas an Rialtais tacaíocht a thabhairt d'earnáil an chultúir agus é a chur chun cinn sna blianta amach romhainn."