English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cultúr agus Cruthaitheacht na hÉireann i Lár an Aonaigh ag an gComórtas Treabhdóireachta

Beidh taispeántas ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2022. Beidh an t-imeacht, a mbeidh na céadta míle duine ag freastal air, ar siúl arís i mbliana i Ráithín an Uisce ón 20 go dtí an 22 Meán Fómhair.

Beidh taispeántas spreagúil bríomhar ag an Roinn i mbliana san Ollphuball Cultúir, Cruthaitheachta agus Nuálaíochta, atá lonnaithe i mBloc 308-310 laistigh de Shráidbhaile Rialtas Éireann.

I measc na mbuaicphointí beidh taispeántas an Chartlann Náisiúnta faoi Chonradh 1921, taispeántas éagsúil de chleachtais chultúrtha, thraidisiúin oidhreachta agus raon leathan de thionscadail chruthaitheacha óige.

Beidh oifigigh ón gClár um Chaipiteal & Trealamh Spóirt i láthair freisin chun comhairle a chur ar iarratasóirí ionchasacha agus chun na tairbhí a thug an clár do phobail tuaithe ar fud na tíre a thaispeáint.

I measc na mbuaicphointí eile, beidh:

  • Comhráite faoi Ghníomhú ar son na hAeráide/Balla Cruthaitheach: Thar na trí lá seolfaidh an t-ealaíontóir Lisa Fingleton tionscadal idirghníomhach líníochta ar scála mór (2.4m x 33m) a fhreagróidh beo do na réitigh ar athrú aeráide a thabharfaidh feirmeoirí. Le 6 mhí anuas tá Lisa ag obair le deich dteaghlach feirmeoireachta ar Leithinis an Daingin ar Chorca Dhuibhne Inbhuanaithe: Samhlú Cruthaitheach, tionscadal cruthaitheach gníomhaíochta ar son na haeráide. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal bealaí a aithint ina bhféadfadh feirmeoirí éagsúlú agus oiriúnú a dhéanamh i bhfianaise an athraithe aeráide
  • Ceol Traidisiúnta na hÉireann: Taibhiú bríomhar agus taispeántas idirghníomhach d'amhránaíocht ar an sean-nós, seinm bodhráin agus fidle
  • Junk Kouture: Clár meánscoile a thugann a ndúshlán daltaí faisean couture a chruthú ó ábhair 100% athchúrsáilte, agus a saothar a thaispeáint do lucht féachana domhanda
  • Taibhiú Cleamairí: Athchruthaíonn cleamairí an lae inniu, feistithe ina gceannbhearta tuí sainiúla, traidisiún na gcleamairí
  • Sráidbhailte Oibrithe: Samhlaítear sna sráidbhailte seo todhchaí níos inbhuanaithe do thrí shráidbhaile de chuid Bhord na Móna a dhear Frank Gibney
  • Malartú Páirce: Sraith imeachtaí bunaithe ar an bhfeirm a thacaíonn le feirmeoirí cleachtais talmhaíochta a chur i bhfeidhm chun troid i gcoinne athrú aeráide
  • Taispeántas agus Ceardlanna Snaidhm an Fhómhair: Léireoidh Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe conas cineálacha éagsúla de na snaidhmeanna fite traidisiúnta seo a dhéanamh, agus spreagfar an lucht féachana chun a Snaidhm Fhómhair féin a dhéanamh
  • Déanamh Lása Áth Cinn: Foghlaim faoi bhunú agus faoi chleachtadh déanta lása Áth Cinn lena n-áirítear an deis páirt a ghlacadh i gceardlann idirghníomhach déanta lása
  • Tochailt Lánta: Taispeántas de thochailt lánta agus seisiún eolais ó Chumann Lánta na hÉireann
  • Pórú Eallach Dúchasach na hÉireann: Foghlaim faoi Phórú Eallach Dúchasach na hÉireann, atá ar Fhardal Oidhreacht Dholáimhsithe Náisiúnta na hÉireann
  • Priontáil Bhrúchló: Glac páirt i gceardlann idirghníomhach priontála brúchló a óstálfaidh an Músaem Náisiúnta Cló

Ag labhairt roimh an gComórtas Treabhdóireachta, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:

"Is imeacht suntasach náisiúnta é an Comórtas Treabhdóireachta, a fhásann gach bliain ó thaobh scála agus tábhacht chultúrtha de. Taispeánfaidh mo Roinnse nósanna agus traidisiúin éagsúla ó gach cearn den tír, agus déanfar ceiliúradh ar roinnt dár dtionscadail iontacha óige a thugann deiseanna do dhaoine óga a gcumas cruthaitheach a fhiosrú. Molaim do gach duine a thugann cuairt ar an gComórtas Treabhadóireachta i mblana freastal ar Thaispeántas an Chonartha 1921 – Taifid ón gCartlann agus níos mó a fhoghlaim faoin am ríthábhachtach sin inár gcuid staire. Guím gach rath ar gach éinne atá ag taispeáint, ag léiriú, ag glacadh páirte i gceardlanna agus ag roinnt a gcuid eolais agus a gcleachtais chruthaitheacha mar chuid de chlár imeachtaí na Roinne. Guím gach rath ar lucht eagraithe an Chomórtais Treabhdóireachta, agus tá a fhios agam gur ócáid den chéad scoth a bheidh inti."

Dúirt tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers:

"Is iontach an rud é an Comórtas Treabhadóireachta a fheiceáil ar siúl arís tar éis dhá bhliain. Tá lúcháir orm go mbeidh an Clár um Chaipiteal & Trealamh Spóirt ina chuid thábhachtach de thairiscint ollphubaill na Roinne i mbliana, a thabharfaidh deis do lucht freastail an Chomórtais Treabhdóireachta labhairt go díreach le hoifigigh faoin gclár. Tá an Clár um Chaipiteal & Trealamh Spóirt thar a bheith tairbheach do phobail tuaithe, agus maonaíodh na mílte tionscadal i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na hÉireann ó cuireadh tús leis. Guím gach rath ar an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta agus táimid ag tnúth le tinreamh ard a fheiceáil ar ócáid a bheidh thar a bheith taitneamhach do chách."