English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Dáta agus suíomh Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir don bhliain seo fógartha ag an Aire O’Donovan

D’fhógair Patrick O’Donovan T.D., an tAire Ealaíon, Cultúir, Cumarsáide, Meán agus Spóirt, agus Cathaoirleach Choiste Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir, inniu, 5 Márta 2025, go dtarlóidh Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir i gCill Mocheallóg, Co. Luimnigh, i mbliana ar Dé Sathairn, 17 Bealtaine 2025.

Beidh an searmanas poiblí, a chraolfar ar chainéal RTÉ News Now, ina dheis do mhuintir Chontae Luimnigh agus na contaetha máguaird ómós a thabhairt dóibh siúd a fuair bás nó a chuaigh ar imirce mar gheall ar an Ghorta Mhór. Tarlóidh an t-imeacht i bPáirc Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir, Cill Mocheallóg, atá suite laistigh de choimpléacs Theach Bocht Chill Mocheallóg.

Is é seo an chéad uair a tharla an Comóradh Stáit i gContae Luimnigh. Mar a tharla roimhe, beidh onóracha míleata mar chuid de, sula gcríochnóidh sé le searmanas leagan bláthfhleisce i gcuimhne orthu siúd go léir a d’fhulaing nó a fuair bás de bharr an Ghorta Mhóir.

Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire O’Donovan:

“Is le sollúntacht agus bród a fhógraím inniu gur roghnaíodh Cill Mocheallóg, Contae Luimnigh, mar shuíomh do Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir i mbliana."

"Beidh an baile stairiúil seo, lena oidhreacht shaibhir agus a anam buan, ina chúlra oiriúnach chun machnamh a dhéanamh ar cheann de na caibidil is cinniúnaí agus is pianmhaire i stair ár dtíre. Ní amháin gur athraigh an Gorta tírdhreach na hÉireann ó bhonn, ach d’fhág sé smál ar chroí agus ar intinn na nglúnta. Agus sinn ag teacht le chéile i mbliana, ní amháin go bhfuil muid ag cuimhniú orthu siúd a cailleadh, ach táimid ag tabhairt ómós don acmhainneacht, don chomhbhá agus don neart atá léirithe ag ár ndaoine i gcónaí in ainneoin an chruatain.”

Lean sé ar aghaidh:

“Is deis é Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir don phobal óstach chun pobail in Éirinn agus thar lear a thabhairt chun machnaimh ar cheann de na himeachtaí is tragóidí agus is mó tionchair i stair na hÉireann. Trína bheith ag obair le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh chun scéal a mbaile a roinnt, is féidir fulaingt an náisiúin a chur i gcomhthéacs."

"Tá Páirc Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir, Cill Mocheallóg, suíomh Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir i mbliana, tógtha ar an reilig chéanna inar cuireadh íospartaigh an ghorta in olluaigheanna."

"Creidtear go bhfuil an iliomad daoine curtha anseo, agus is léiriú é an suíomh ar chaillteanas, fulaingt agus acmhainneacht an phobail seo. Trí Chill Mocheallóg a roghnú, tá muid ag léiriú ómós dóibh siúd a fuair bás anseo, agus athdhearbhaíonn muid ár ngealltanas chun cinnte a dhéanamh nach ndéantar dearmad ar a scéal choíche.”

Thug an tAire O’Donovan aitheantas agus buíochas d’obair Choiste Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir, a bhfuil an taithí agus an saineolas acu chun cinnte a dhéanamh go ndéantar cuimhniú cuí ar imeachtaí tragóideacha an Ghorta Mhóir. Chomh maith leis sin, éascaíonn siad deiseanna chun ceangail leanúnacha na hÉireann leis an Diaspora a léiriú, agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí iad siúd a chuaigh ar imirce, agus a sliochtaigh thar lear.

CRÍOCH