English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déan Ceiliúradh ar Lá Fhéile Bríde lenár bhForais Chultúir Náisiúnta

Thug Patrick O’Donovan TD, an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, spreagadh inniu (Déardaoin 30 Eanáir) do dhaoine den phobal chun páirt a ghlacadh i gclár imeachtaí cultúir Lá Fhéile Bríde atá ag tarlú ar fud na tíre sna Forais Chultúir Náisiúnta chun an tsaoire bhainc a chomóradh.

Tá mar aidhm le saoire bhainc Lá Fhéile Bríde/Imbolc, atá anois i ndara bhliain a cheiliúrtha, aitheantas agus urraim a thabhairt do Naomh Bríd í féin, agus do ról lárnach uathúil na mban i sochaí an lae inniu, agus inár stair agus ár gcultúr chomh maith.

Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire O’Donovan:

“Is deis annamh uathúil dúinn é Lá Fhéile Bríde, agus an tsaoire bhainc nua a ghabhann leis, chun ceiliúradh a dhéanamh, ní amháin ar ár n-oidhreacht, ach ar an am i láthair agus ar an todhchaí freisin. Mar a scríobh Antoine Ó Raifteirí fadó, ‘Anois teacht an Earraigh, beidh an lá dúl chun síneadh’. Tar éis an gheimhridh fhada, tá sé in am fáilte a chur roimh na laethanta níos gile a thugann an t-earrach agus dúinne a bheith ag tnúth leis an todhchaí le dóchas."

"Mar sin, is cúis mórtais dom clár imeachtaí cultúir Lá Fhéile Bríde, atá ag tarlú fud fad na tíre, a roinnt libh, agus ba mhaith liom an deis seo a thapú le gach duine a spreagadh chun freastal ar na himeachtaí agus páirt a ghlacadh iontu."

Le fréamhacha i seanfhéile Cheilteach Imbolc, lenar comóradh teacht an Earraigh, is deis é Lá Fhéile Bríde chun ceiliúradh a dhéanamh ar an fhás, an athnuachan agus an solas. Sa mhiotaseolaíocht Cheilteach, ba bhandia triarach í Bríd – bandia an leighis, na tine, agus na filíochta. Bhí cuid de na caidrimh sin ag an naomh Chríostaí a ghlac ainm s’aici, agus a rugadh in 450 AD, mar naomhphátrún na bhfilí agus na gcnáimhseach. Mar sin, is deis faoi dhó í an tsaoire bhainc seo chun aitheantas a thabhairt do ról na mban trínar n-oidhreacht ealaíon agus cultúir.

Agus iad á spreagadh ag ár n-oidhreacht Cheilteach agus finscéal Naomh Bríde, tá clár iontach imeachtaí eagraithe ag ár bhForais Chultúir Náisiúnta don deireadh seachtaine fhada, mar aon le himeachtaí pobail ar fud na tíre.

I measc na n-imeachtaí seo, tá:

In Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin

Ceardlann Teaghlaigh Fíodóireachta Tuí leis na Armagh Rhymers 3ú Feabhra

Seó Mórthaibhseach an Earraigh leis na Armagh Rhymers 3ú Feabhra

Turais Phoiblí ar Dé Sathairn an 1ú Feabhra

Turais Phoiblí ar Dé Domhnaigh an 2ú Feabhra

In Ard-Mhúsaem na hÉireann, Páirc Thurlaigh

Turas Poiblí - Músaem, Teach agus Gairdíni 1ú Feabhra

In Ard-Mhúsaem na hÉireann, Sráid Chill Dara

Léacht Ar Líne: Léamh Eile ar Scrín Bhróg Naomh Bríde- 31ú Eanáir

Naoimh, Scoláirí agus Scríobhaithe na hÉireann! Ceardlann Láimhseála Luath-Mheánaoise 1ú Feabhra

Turas Treoraithe Naoimh agus Scoláirí na hÉireann 1ú Feabhra

Sa Leabharlann Náisiúnta, Sráid Chill Dara,

Léiriú ar Naomh Bríd i dtraidisiún na hÉireann agus na meáin chomhaimseartha - 1ú Feabhra

Chomh maith, déanfaidh Leabharlann Chester Beatty ceiliúradh ar Naomh Bríd trí cheardlann filíochta agus ealaíne

Agus trí thaispeáint scannáin atá oiriúnach do theaghlaigh: Wolfwalkers

Ag an am chéanna, i Mainistir na Búille, Co. Ros Comáin, tá Éire Ildánach ag cur fáilte romhat chuig Féile Naomh Bríde ag Úna Bhán – Ceiliúradh do Chách

Déanfaidh Músaem Hunt Luimnigh seisiúin scéalaíochta a óstáil i Seomra an Chaptaein

I gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath, déanfar óstáil ar a bhFéile Bhríde bliantúil.

Agus i gCill Dara, dúchás an Naoimh, beidh neart gníomhaíochtaí.

CRÍOCH