English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Daoine óga: ba mhaith leis an Aire Spóirt cloisteáil uaibhse

Beidh seans ag daoine óga a dtuairimí a chur in iúl maidir le polasaí spóirt an rialtais den chéad uair

Labhróidh an tAire Spóirt Jack Chambers le daltaí meánscoile i dtaca lena rannpháirtíocht sa Spórt agus san Aclaíocht

Ba mhaith le daoine óga rochtain níos leithne a fháil ar áiseanna spóirt, deiseanna imeartha a fháil i dtimpeallachtaí nach bhfuil chomh hiomaíoch agus níos mó eiseamláirí mná a fheiceáil le cailíní a spreagadh chun a bheith rannpháirteach.

Cuireadh na tuairimí seo in iúl ag Fóram Óige a reáchtáil an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers, T.D. Tá an imeacht mar chuid de thionscnamh nua chun labhairt agus éisteacht le daoine óga a ghlacann páirt sa spórt in Éirinn.

Is é an fóram seo an chéad deis a tugadh do dhaoine óga ionchur chomh gníomhach a bheith acu i bhforbairt pholasaí spóirt an rialtais ar an mbealach seo agus tá súil ag an Aire níos mó cruinnithe a reáchtáil sa todhchaí.

Bhuail an tAire Chambers le baill chúrsa idirbhliana an FAI, lonnaithe sa Chorr Dhubh i mBaile Átha Cliath agus daltaí Snámh Éireann ó Chlub Snámha na Gaillimhe agus ó Chlub Snámha Shark ar an Déardaoin (04.03.21) i bhfóram ar líne.

Rinne an tAire Chambers plé ar réimse leathan ceisteanna agus chuir sé ceisteanna ar na réaltaí óga spóirt, ar nós: cén fáth a nglacann tú páirt sa spórt? Cén fáth a gceapann tú go n-éiríonn daoine óga as an spórt a imirt? Céard is féidir leis an rialtas a dhéanamh chun a chinntiú go nglacann daoine óga páirt sa spórt agus go mbaineann siad taitneamh as an aclaíocht?

Rinne na daltaí cur síos don Aire agus d’oifigigh spóirt ar na fáthanna nach nglacann daoine ar comhaois leo páirt sa spórt agus na rudaí ar cheart a dhéanamh chun rannpháirtíocht a spreagadh, dar leo.

Ba mhaith le daoine óga rochtain níos leithne a fháil ar áiseanna spóirt, deiseanna imeartha a fháil i dtimpeallachtaí nach bhfuil chomh hiomaíoch, níos mó eiseamláirí mná a fheiceáil le cailíní a spreagadh chun a bheith rannpháirteach agus rogha spóirt níos leithne a fháil.

Cé gur díríodh ar an sprioc fadtéarmach maidir le rannpháirtíocht a ardú go príomha sa phlé seo, ghlac na daltaí leis an deis chun a dtaithí féin le linn na paindéime a chur in iúl don Aire, mar aon leis an tionchar a bhí ag na srianta sláinte poiblí ar ghníomhaíochtaí spóirt le bliain anuas.

Cé go gcuirfear na srianta sláinte poiblí reatha i bhfeidhm go dtí an 5 Aibreán, dúirt an tAire go ndíreoidh baint agaithe na srianta ar ghníomhaíochtaí faoin aer agus ar an spórt tar éis sin, má thagann feabhas ar shainchomharthaí sláinte poiblí.

Ghlac na daltaí páirt faoi threoir Denis Hyland, Comhordaithe Cúrsa, Cúrsa Idirbhliana an FAI, agus Kate Hills, Ceann Cosanta, Eitice agus Oifigeach Forbartha Óige & Oifigeach Náisiúnta um Pháistí Snámh Éireann.

Dúirt an tAire Chambers tar éis na himeachta:

“Ar an gcéad dul síos, gabhaim buíochas le Denis agus Kate ón FAI agus ó Snámh Éireann, as daltaí a earcú chun páirt a ghlacadh sa chéad imeacht den chineál seo. Thug siad léargas tábhachtach ar an obair iontach atá ar siúl sa dá eagraíocht le daoine óga a spreagadh chun a bheith gníomhach.

“Tá a fhios agam go maith go bhfuil gá le cloisteáil le tuairimí daoine óga maidir leis na rudaí a théann i bhfeidhm ar a saolta agus go háirithe i dtaca le conas is féidir leo teacht ar an spórt agus a bheith rannpháirteach sa spórt. Caithfim

id na bealaí a fhaigheann an rialtas comhairle ó dhaoine óga ar na rudaí a théann i bhfeidhm orthu a fheabhsú. Le linn na hiarnóna, bhí plé thar a bheith dearfach againn ar na fáthanna a mbaineann siad taitneamh as as spórt, na dúshláin a bhíonn le sárú acu agus ag a gcairde agus iad ag iarraidh coinneáil aclaí agus na fáthanna a gceapann siad go n-éiríonn daoine óga as an spórt agus iad ag fás aníos.

“Thug siad léargas cumhachtach ar na dúshláin agus na constaicí atá le sárú ag daoine óga agus iad ag iarraidh páirt a ghlacadh. Tá sé soiléir gur ceist mhór í leathnú rochtana ar áiseanna spóirt chomh maith le timpeallachtaí nach bhfuil chomh hiomaíoch a chruthú sa chaoi is gur féidir le daoine óga spórt a imirt gan a bheith faoi bhrú. Léirigh Club Snámha na Gaillimhe agus Club Snámha Shark an tábhacht a bhaineann le heiseamláirí mná a bheith ag cailíní freisin.”

Dúirt sé, chomh maith:

“Chuir siad a dtaithí féin le linn na paindéime in iúl agus an tionchar a bhí ag na srianta sláinte poiblí ar ghníomhaíochtaí spóirt le bliain anuas. Tá sé éasca a thuiscint go bhfuil frustrachas agus imní orthu.

“Tá an t-ionchur agus an léargas a thug siad ar líon na rannpháirtithe an-chabhrach do mo Roinnse agus do Spórt Éireann i bhforbairt polasaithe agus clár chun leibhéil spórt agus aclaíochta a ardú i measc daoine óga. Tá sé ar intinn agam tuilleadh plé a dhéanamh ar an gceist thábhachtach seo le daoine óga i sraith cruinnithe sna míonna atá romhainn.”