English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn an tAire Byrne ballraíocht na hÉireann sa Pháirt-chomhaontú Méadaithe maidir le Spórt

Deimhníonn an tAire Byrne ballraíocht na hÉireann sa Pháirt-chomhaontú Méadaithe maidir le Spórt

Tá deimhnithe ag an Aire Stáit don Spórt, Corpoideachas agus an Ghaeltacht, Thomas Byrne T.D., inniu (16 Bealtaine 2024) go bhfuil ballraíocht glactha ag Éirinn sa Pháirt-chomhaontú Méadaithe maidir le Spórt (‘EPAS’), ardán de chuid Chomhairle na hEorpa le haghaidh comhair spóirt idir-rialtais.

Bunaíodh EPAS i mBealtaine 2007 chun comhoibriú ar cheisteanna spóirt Eorpacha a chothú agus a fheabhsú. Tá sé mar aidhm aige an spórt a dhéanamh níos cothroime, níos ionchuimsithe agus níos sábháilte. Beidh Éire ar an 41ú ball de EPAS, leis na baill eile lonnaithe san Eoraip agus sna réigiúin máguaird. Scríobh an tAire Byrne roimhe seo chuig Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa, Marija Pejčinović Burić, chun fógra oifigiúil a thabhairt do Chomhairle na hEorpa go raibh rún ag Éirinn dul isteach in EPAS.

Agus fáilte á cur aige roimh an fhógra, dúirt an tAire Byrne:

“Tá croí mhuintir na hÉireann istigh sa spórt, agus mar sin tá sé an-tábhachtach dúinn go gcinntíonn muid go gcloistear guth na hÉireann sa spórt, ar an leibhéal Eorpach agus idirnáisiúnta araon. Trínár mballraíocht sa Pháirt-chomhaontú Méadaithe sa Spórt, is féidir le hÉirinn leasa an spóirt a chur chun cinn, agus an deis a ghlacadh chun tairbhe a bhaint as malartú dea-chleachtais idirnáisiúnta. I measc na gceisteanna a bhfuil an-aird á tabhairt ag Comhairle na hEorpa orthu ó thaobh an spóirt, tá comhionannas inscne, frithdhópáil agus luachanna eiticiúla a chur i bhfeidhm sa spórt. Tá spéis an-domhain ag earnáil spóirt na hÉireann sna ceisteanna seo chomh maith, agus tá rún agam cinnte a dhéanamh go bhfuil guth na hÉireann le cloisteáil go soiléir sna pléite ina leith.”