Deontais os cionn €208k ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne TD, do Chumainn CLG i nGaeltachtaí na Mí agus na Gaillimhe
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 16 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Deontais os cionn €208k ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne TD, do Chumainn CLG i nGaeltachtaí na Mí agus na Gaillimhe
- €208,523 do CLG Bhulf Tón/Coiste Halla Bhaile Ghib
- €29,520 do CLG Micheál Breathnach i nGaeltacht na Gaillimhe
Tá fógartha ag Thomas Byrne TD, Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil deontas €179,273 ceadaithe aige do CLG Bhulf Tón/Coiste Halla Bhaile Ghib i nGaeltacht na Mí chun obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar an gcarrchlós atá le taobh Pháirc agus Naíonra Bhaile Ghib. Tá an deontas seo ceadaithe chun obair dhraenála agus obair riachtanach eile a dhéanamh ar an gcarrchlós ag an bpáirc agus timpeall Halla Bhaile Ghib agus chun dromchla nua a chur air.
Chomh maith leis seo, tá deontas €29,520 ceadaithe ag an Aire Stáit Byrne do Chumann Mícheál Breathnach in Indreabhán, Co. na Gaillimhe chun comhairleoir a fhostú ar mhaithe le plean a chur le chéile do na forbairtí atá beartaithe a dhéanamh ar an gcarrchlós ag an bpáirc ar an gCnoc in Indreabhán.
Agus é ag labhairt faoin deontas inniu, dúirt an tAire Stáit Byrne:
“Tá na cumainn seo gníomhach le pobal a gceantar agus iad ag cur cúrsaí spóirt chun cinn d’fhoirne faoi aois agus d’fhoirne d’fhir agus mná. Baineann baill an dá chumann seo sásamh agus sult as na cluichí Gaelacha a bhíonn ar bun iontu agus tá lúcháir orm na deontais seo a cheadú dóibh, dá réir. Tagann an tacaíocht atá ceadaithe agam do Bhaile Ghib le sprioc mo Roinne tacú le seirbhísí luathbhlianta a fhorbairt sna ceantair Gaeltachta chomh maith.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Tá an maoiniú seo ceadaithe faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga. Tá níos mó eolais faoin gclár sin ar fáil ag gov.ie - An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga (www.gov.ie)