English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deontas €957,795 ceadaithe d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí ag an Aire Stáit Gaeltachta Thomas Byrne T.D.

Deontas €957,795 ceadaithe d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí ag an Aire Stáit Gaeltachta Thomas Byrne T.D.

Deontas reáchtála 3 bliana ceadaithe faoin gClár Tacaíochta Pobail agus Teanga

D’fhógair Thomas Byrne, T.D., Aire Stáit na Gaeltachta, inniu go bhfuil deontas suas le €957,795 (nó €319,265 go bliantúil) ceadaithe d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne (OCD) i gCo. Chiarraí chun clár oibre aontaithe a fheidhmiú don tréimhse idir Iúil 2024 agus Meitheamh 2027.

Beidh ar chumas OCD a ngníomhaíochtaí a chur chun cinn ar mhaithe leis an nGaeilge a threisiú mar theanga pobail ar leithinis Chorca Dhuibhne agus Uíbh Ráthaigh araon, go háirithe i measc daoine óga agus teaghlaigh. Cuirfidh na deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga go mór leis an bpróiseas pleanála teanga sa cheantar agus an Ghaeilge á treisiú agus á cothú mar theanga an phobail.

Leanfar leis an tacaíocht don chlár Tús Maith agus do na hEalaíona Dúchasacha chomh maith le maoiniú trí bliana do chomhordaitheoir an chláir ‘An Droichead’ i bPobalscoil Chorca Dhuibhne.

Maoineofar clár píolótach nua ‘An Cnuasach Cainte’ - togra ina ndéanfar caomhnú i bhfoirm físe agus tras-scríofa ar Ghaeilge Chorca Dhuibhne sa lá atá inniu ann, agus a bheidh ar fáil do mhúinteoirí agus do dhaltaí scoile.

Ag fógairt an mhaoinithe seo, dúirt an tAire Stáit Byrne:

“Ba mhian liom aitheantas a thabhairt don sárobair atá á déanamh ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne i ngort na Gaeilge le blianta fada. Is eagraíocht cheannródaíoch í Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcur chun cinn na Gaeilge ar leithinis Chorca Dhuibhne. Tá áthas orm go bhfuil sé ar chumas na Roinne an deontas seo de nach mór €1 milliún a cheadú i leith na ngníomhaíochtaí don chlár oibre trí bliana 2024-2027.”

Is mar thaca faoi leith d’fheidhmiú ghníomh 2.10, 5.46 agus 5.49 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge atá an maoiniú seo á chur ar fáil.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí:

Is fochomhlacht de chuid Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo. é OCD atá lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh, ar leithinis Chorca Dhuibhne agus a bunaíodh i 1980.

Cuireann OCD a chuid seirbhísí ar fáil do theaghlaigh agus phobail Limistéir Pleanála Teanga Chiarraí Thiar agus Chiarraí Theas.

I measc na gclár éagsúla a mbeidh ar chumas OCD a fheidhmiú mar gheall ar an allúntas seo, beidh;

Tús Maith – scéim ina spreagtar an Ghaeilge mar theanga bheo sa mbaile agus sa bpobal áitiúil. Eagraítear cuairteanna baile do theaghlaigh ar mian leo an Ghaeilge a bheith mar theanga baile. Neartaítear an Ghaeilge mar theanga sóisialaithe trí ghréasán imeachtaí agus spóirt.

Na hEalaíona Dúchasacha - Seisiúin amhránaíochta/ scéalaíochta/ agallaimh beirte agus lúibíní sna scoileanna chomh maith le himeachtaí agus deiseanna eile do dhaoine óga an cheantair.

Clár Píolótach Éiceolaíochta don Aos Óg - Dírithe ar na hardranganna i gceithre bhunscoil i gCorca Dhuibhne a thabharfaidh tuiscint níos leithne do scoláirí maidir le cúrsaí caomhnaithe de.

Comhordaitheoir Phobalscoil Chorca Dhuibhne - Comhordaitheoir chun an clár An Droichead a chur chun cinn sa scoil. Oibríonn an comhordaitheoir le daltaí nach bhfuil cumas sa Ghaeilge acu freastal ar an ngnáthsruth lán-Ghaeilge atá mar pholasaí sa scoil.

Breis eolasanseo

Tá an maoiniú seo ceadaithe faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga agus tá níos mó eolais faoin gclár sin ar fáil Item was unpublished or removed