English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Doláimhsithe agus Comhroinnte: an Cultúr, Oidhreacht agus Spórt chun tosaigh ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta

Doláimhsithe agus Comhroinnte: an Cultúr, Oidhreacht agus Spórt chun tosaigh ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta

Beidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i láthair ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta in 2024

Is féidir le cuairteoirí ar an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta féachaint ar thairiscint spreagúil bhríomhar san Ollphuball Cultúir, Cruthaitheachta, Nuálaíochta agus Spóirt i mbliana, atá lonnaithe ag Bloc 3, Líne 12 laistigh de Shráidbhaile Rialtas Éireann.

Beidh seastáin taispeántais ag Spórt Éireann, Fís Éireann agus Comhairle na bhForais Náisiúnta Cultúir san ollphuball, agus beidh foireann iomlán ann thar na trí lá chun fáilte a chur roimh chuairteoirí, agus an sár-obair a dhéanann siad agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil a léiriú.

Beidh Spórt Éireann ann chun deiseanna éagsúla spóirt ar fud na tíre chun cinn. Le heolas faoi Choistí Rialaithe Náisiúnta agus faoi Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt, chomh maith le taispeántais ghníomhacha, beidh foireann Spórt Éireann thar a bheith sásta comhrá a dhéanamh faoi dheiseanna le bheith gníomhach in Éirinn mar dhuine aonair nó mar bhall de chlub spóirt.

Léirítear sa taispeántas, Sochaí agus Stát – Éire trína Taifid, a chuireann an Chartlann Náisiúnta i láthair, rogha taifead ina dtugtar cuntas ar an gcaoi ar oibrigh an stát agus sochaí na hÉireann ó na 1920idí go dtí deireadh an fichiú haois. Ag ceiliúradh céad bliain de neamhspleáchas, machnamh ar chultúr na hÉireann a bhíonn ag athrú i gcónaí atá i gceist.

Beidh taispeántas Back to the Bronze Age! Bronze Age replica handling with the National Museum of Ireland ann chomh maith. Beidh deis ag cuairteoirí bualadh agus labhairt leis an bhfoireann Oideachais agus For-Rochtana ó Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus bailiúchán de dhéantúsáin mhacasamhlacha ó Éirinn na Cré-Umhaoise a fheiceáil agus a láimhseáil. Féach ar cheann tua ón gCré-umhaois Luath, ceann sleá chré-umha, roinnt coirníní ómra agus foghlaim faoi na réada a bhí á ndéanamh agus á n-úsáid ag daoine le linn na Cré-Umhaoise.

Beidh Gníomhaireacht na hUltaise/Tha Boord o’ Ulster-Scotch, a thaispeánfaidh cuid den tallann, den oidhreacht agus den éagsúlacht laistigh de phobal na hUltaise agus go háirithe san earnáil feirmeoireachta ag a dtaispeántas Mined in Scotland, Forged in Ulster, Exported Worldwide, le feiceáil san Ollphuball Cultúir, Cruthaitheachta, Seandálaíochta agus Spóirt.

Leagfaidh Aonad Beartais Chultúrtha Idirnáisiúnta na Roinne béim ar a gcuid oibre le hoidhreacht chultúrtha dholáimhsithe na hÉireann a chaomhnú agus a chumhdach trí thaispeántais phraiticiúla a dhéanamh ar phíobaireacht uileann agus ar dhéanamh feagacha, chomh maith le léirithe iontacha ar thógáil claí cloch, déanamh lása Luimnigh agus traidisiúin Lucht Siúil na hÉireann.

I measc buaicphointí eile, beidh:

Taispeántas Snaidhm an Fhómhair - tar i dteannta Rannóg Oideachais Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe agus foghlaim conas Snaidhm an Fhómhair a dhéanamh. Is éard atá i snaidhmeanna an fhómhair ná snaidhmeanna tuí fite a rinneadh mar chuid de cheiliúradh an fhómhair. Toisc go raibh gá le barr na bliana a tharraingt isteach de láimh, chuirfeadh na feirmeoirí rince ar siúl mar chomhartha buíochas ar fáil don phobal ar fad a chabhraigh le linn an ama ghnóthach seo den bhliain. De ghnáth, rinneadh dhá chineál: chaitheadh na mná bréad ilchasta leis na diasa arbhair fós ceangailte agus bréad nach raibh chomh ornáideach a rinneadh do na fir. Uaireanta mhalartaigh daoine na snaidhmeanna seo mar chomharthaí geana. Chaith mná ina gcuid gruaige iad agus cheangail fir iad le héadaí ar a gcléibh.

Léiriú RF Tumthaí

Déanfaidh Fís Éireann Léiriú RF Tumthaí do chuairteoirí ar an ollphuball. Beidh taispeántas gearr 5 nóiméad ina mbaintear úsáid as fearas cinn tiomnaithe Réaltachta Fíorúla agus rialaitheoirí braite gluaiseachta san eispéireas Réaltachta Fíorúla. Beidh deis ag rannpháirtithe na crua-earraí seo a úsáid chun raon eispéiris thumthacha a iniúchadh i dtimpeallacht chlosamhairc a ghintear go saorga.

Her Moves

Tionscnamh de chuid Spórt Éireann is ea é Her Moves ina ndírítear ar chailíní sna déaga a spreagadh lena bheith gníomhach agus páirt a ghlacadh sa spórt! Féach ar raon deiseanna spóirt a dearadh do chailíní amháin i limistéar Her Moves. Ná caill seisiún idirghníomhach Dance Pound Fit ar an stáitse, áit ar féidir leat damhsa agus fáil amach cé chomh hiontach is atá sé a bheith gníomhach. Bíodh spraoi agat agus aimsigh an ghníomhaíocht is fearr leat!

Badmantan Éireann

Beidh dhá stáisiún spleodracha ag Badmantan Éireann! Ar dtús, breathnaigh ar thaispeántas iontach ina mbeidh na himreoirí is fearr ag imirt, ag taispeáint luas agus scil dhochreidte an bhadmantain i gcluiche 10-15 nóiméad. Ansin, bain sult as sprioc-chleachtadh idirghníomhach le gearrthóga imreoirí ardfheidhmíochta. Déan do chruinneas a thástáil agus na heiteáin ag eitilt i dtreo na spriocanna agus féach cé atá in ann iad a bhaint amach. Is bealach spraíúil agus bríomhar é taithí a fháil ar an gcluiche!

Ceardlann Thaispeántas Beochana & Smeachleabhar

Tabharfaidh an seisiún praiticiúil inrochtana seo le beochantóir gairmiúil spléachadh do chuairteoirí ar an sreabhadh oibre cruthaitheach agus ar na próisis a bhaineann le cruthú na gcartún is fearr leat i scannán agus ar an teilifís. Gheobhaidh na rannpháirtithe réamhrá tapa ar phríomhphrionsabail na beochana agus ar an gcaoi a gcuireann beochantóirí líníochtaí statacha 2T ar an scáileán. Faoi threoir teagascóra, cruthóidh rannpháirtithe a gcuid smeachleabhair bheochana féin ag baint úsáide as sceitsí simplí lámhdhéanta.

Léirithe

Banna Píob Mhaighne agus Damhsóirí Garbhchríoch Mhaighne

Tá muintir Dhún na nGall thar a bheith cumasach, agus anseo léireoidh siad na píobaí agus ceann de na foirmeacha rince is ansa in Albain – Damhsa na nGarbhchríoch. Foghlaim faoin difríocht idir an rince cogaidh ársa seo agus an damhsa traidisiúnta Gaelach agus féach ar na damhsóirí iontacha seo ag léiriú rince nua-aimseartha galánta.

Cleamairí Fhine Gall

Tá traidisiún fada leanúnach na gCleamairí ag Contae Átha Cliath Thuaidh (Fine Gall). Tá a rann traidisiúnta féin ag gach carachtar. Déanfaidh Cleamairí Fhine Gall léiriú beo ar an stáitse don lucht féachana, beidh siad ag seinm ceoil agus ag damhsa agus iad gléasta agus cóirithe ina n-éidí tuí.

Andy McGregor – Píobaire de chuid na nGarbhchríoch

Ní raibh Andy McGregor ach 8 mbliana d’aois nuair a shocraigh a athair go bhfoghlaimeodh sé píb mhála na nGarbhchríoch. Mhúnlaigh an uirlis mhór seo a shaol agus thaistil sé chuig go leor tíortha lena n-áirítear an Rúis, SAM agus Dubai. Cuireadh oiliúint ar Andy i gCaisleán Dhún Éideann agus tá an-mheas air go háitiúil agus go hidirnáisiúnta. Tá sé ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna tíre Pure Blarney agus seinneann sé go rialta mar phíobaire aonair freisin.

Léireoidh Andy, agus labhróidh sé, faoi éagsúlacht na n-uirlisí a thabharfaidh sé leis.

Ag labhairt roimh an gComórtas Treabhdóireachta, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:

“Arís eile, beidh cultúr, spórt, stair agus oidhreacht na hÉireann le feiceáil ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta mar aon le raon iontach imeachtaí agus eispéireas. Beidh taibheoirí, saineolaithe agus ealaíontóirí ó go leor cúlraí agus traidisiúin éagsúla ina bhfoinse iontach siamsaíochta agus faisnéise do na mílte cuairteoirí thar thrí lá na hócáide. San Ollphobal Cultúir, Cruthaitheachta, Seandálaíochta agus Spóirt léireofar an teicneolaíocht cheannródaíoch inár dtionscal closamhairc atá ar thús cadhnaíochta ar domhan, chomh maith le traidisiún agus cultúr comhroinnte ar an oileán seo a théann an bealach ar fad siar go dtí an Chré-Umhaois.

“Molaim go háirithe do gach duine freastal ar thaispeántas an Chartlann Náisiúnta: Sochaí agus Stát: Eire trína Taifid. Chuir an taispeántas seo áthas ar os cionn 50,000 cuairteoir le linn a rith samhraidh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, agus beidh iontas ar go leor eile ag an léiriú iontach amhairc ar chéad bliain de stair na hÉireann sna laethanta amach romhainn.

Guím rath ar gach éinne atá ag taispeáint, ag léiriú, ag glacadh páirte i gceardlanna agus ag roinnt a gcuid eolais agus a gcleachtais chruthaitheacha mar chuid de chlár imeachtaí na Roinne.”

Dúirt an tAire Stáit don Ghaeltacht, don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne , TD:

“Is spreagúil an rud é clár imeachtaí na Roinne don Chomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta a fheiceáil i mbliana. Mar is gnáth, tá áthas ar leith orm a fheiceáil go mbeidh Spórt Éireann ag taispeáint a raon leathan seirbhísí agus gníomhaíochtaí agus go mbeidh siad ar fáil chun deiseanna sa spórt a chur chun cinn, agus chun eolas a sholáthar do chuairteoirí ar obair na gCoistí Rialaithe Náisiúnta agus Comhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla chomh maith le taispeántais spéisiúla faoi chláir spóirt agus aclaíochta, go háirithe do mhná agus do chailíní. Tá lúcháir orm freisin clár imeachtaí Ghníomhaireacht na hUltaise a fheiceáil, a thaispeánann traidisiún agus cultúr teanga a bhfuil stair shaibhir aige. Guím gach rath ar na daoine a ghlac páirt in ollpuball na Roinne ar feadh trí lá na hócáide.”

CRÍOCH