Dul chun cinn suntasach ar athchóirithe an FAI: foilsíonn na hAirí tuarascáil ar chur i bhfeidhm mheabhrán tuisceana le Spórt Éireann
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 30 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhoilsigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., agus an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne T.D., tuarascáil inniu (Eanáir 30) ar an dul chun cinn a rinne Cumann Peile na hÉireann/Football Association of Ireland (FAI) i gcur i bhfeidhm na n-athchóirithe a leagtar amach sa Mheabhrán Tuisceana a comhaontaíodh leis an Rialtas i mí Eanáir 2020.
San iomlán, leagadh amach 163 moladh i dTuarascáil an Ghrúpa um Athbhreithniú Rialachais (GAR) 2019, iniúchadh KOSI 2019 agus sa Mheabhrán Tuisceana 2020.
Deirtear sa Tuarascáil gur cuireadh 159 as 163 mír (98%) i gcrích nó tá Céim 1 den mhír i gcrích. Níor cuireadh na 4 mhírthogra eile i gcrích laistigh de na hamlínte bunaidh a comhaontaíodh. Tá na míreanna seo, a bhaineann le cothromaíocht inscne agus le cur i bhfeidhm iomlán mholtaí GAR agus KOSI, á gcur chun cinn agus deirtear sa tuarascáil gur féidir leis an FAI iad a chur i gcrích, laistigh d’amlíne níos faide.
Go sonrach, is iad na 4 mhír atá fós le cur i bhfeidhm ná:
(i) Moladh Thuarascáil GAR gur cheart go mbeadh cothromaíocht inscne 33.3% ar Bhord an FAI laistigh de 12 mhí, i.e. faoi mhí Mheithimh 2020.
(ii) Moladh Thuarascáil GAR gur cheart cothromaíocht inscne 33% a bheith i gceist ag leibhéal na Comhairle, an Choiste agus CGB laistigh de thrí bliana, i.e. faoi mhí Mheithimh 2022.
(iii) Ceanglas an Mheabhráin Tuisceana go gcuirfidh an FAI moltaí GAR 2019 i bhfeidhm go hiomlán faoi dheireadh 2020.
(iv) Ceanglas an Mheabhráin Tuisceana go gcuirfidh an FAI gach moladh iniúchta KOSI i bhfeidhm go hiomlán faoi dheireadh 2020.
Inniu foilsíonn an Roinn tuarascáil rianúcháin chomh maith ar na moltaí ó Thuarascáil an Ghrúpa um Athbhreithniú Rialachais 2019 agus ó Mheabhrán Tuisceana 2020 idir an Rialtas agus an FAI, a d’ullmhaigh Spórt Éireann.
Maidir le moltaí Iniúchta KOSI 2019, níl an Roinn in ann na moltaí sin a chur san áireamh sa tuarascáil rianúcháin le foilsiú, mar gheall ar an imscrúdú leanúnach atá ar bun ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach ar chúrsaí san FAI san am a chuaigh thart.
Dúirt an tAire Catherine Martin:
“Rinne an FAI dul chun cinn suntasach maidir le hathchóirithe ríthábhachtacha agus riachtanacha a chur i bhfeidhm ó comhaontaíodh an Meabhrán Tuisceana in 2020. Chuir an dul chun cinn seo ar chumas an Rialtais, trí Spórt Éireann, leanúint le maoiniú méadaithe a sholáthar don Chumann chun peil a fhorbairt in Éirinn. Tá sé tábhachtach go leanann an FAI leis na leasuithe a chur chun cinn, lena n-áirítear riachtanais chothromaíochta inscne, chun Cumann níos láidre a chinntiú do pheil na hÉireann amach anseo.”
Dúirt an tAire Thomas Byrne:
“Bhí an Meabhrán Tuisceana leis an FAI ina ghné ríthábhachtach de thacaíocht airgeadais an Rialtais don FAI ag am a raibh an Cumann i mbaol. Thar thréimhse 4 bliana an Mheabhráin, d’oibrigh an FAI chun na hathchóirithe riachtanacha a sheachadadh atá ríthábhachtach chun dea-rialachas a chinntiú sa Chumann agus, mar a leagtar amach sa Tuarascáil, tugadh aghaidh anois ar 98% de na moltaí. Leanfaidh Spórt Éireann ag obair leis an FAI chun a chinntiú go gcuirfear na cleachtais rialachais is fearr i bhfeidhm agus go gcoimeádtar iad ar mhaithe le gach duine a bhfuil baint acu leis an bpeil in Éirinn. Cuireadh i bhfeidhm na moltaí seo chun sacar in Éirinn a chosaint agus chun leasa phobail na hÉireann. Beidh mo Roinn i dteagmháil le Spórt Éireann chun an gá le tuilleadh tacaíochta don FAI thar théarma an Mheabhráin Tuisceana a mheas."
Nótaí d’Eagarthóirí:
Leis an Meabhrán Tuisceana idir an Rialtas agus an FAI, a comhaontaíodh i mí Eanáir 2020, bunaíodh an creat chun maoiniú a athbhunú agus chun maoiniú breise a sholáthar don FAI thar an tréimhse 2020 go 2023.
D’ullmhaigh Spórt Éireann tuarascáil ar dhul chun cinn an FAI maidir le cur i bhfeidhm na n-athchóirithe a leagtar amach sa Mheabhrán Tuisceana agus tá sí ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Tá sé seo á fhoilsiú le tuarascáil rianúcháin ar na moltaí ó Thuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe Rialachais (GAR) 2019, agus ó Mheabhrán Tuisceana 2020 idir an Rialtas agus an FAI. Ní áirítear sa tuarascáil rianúcháin seo moltaí iniúchta KOSI 2019 mar gheall ar phróiseas leanúnach an Údaráis Fhorfheidhmithe Chorparáidigh maidir le hábhair san FAI san am a chuaigh thart.
Is féidir an tuarascáil agus an tuarascáil rianúchán a fheiceáil anseo: