Fáiltíonn an tAire Martin roimh an bPlean Téarnaimh Turasóireachta
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 6 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 8 Deireadh Fómhair 2020
Inniu (an 6 Deireadh Fómhair 2020), chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, fáilte roimh fhoilsiú an Phlean Téarnaimh Turasóireachta ón Tascfhórsa Téarnaimh Turasóireachta.
Tá earnáil na turasóireachta ar cheann de na hearnálacha is mó a bhfuil tionchar ag an bpaindéim reatha uirthi. Bhí agus tá tionchar uafásach ag COVID-19 ar fhostaíocht agus ar inmharthanacht na mílte gnólacht sa turasóireacht in Éirinn. Ceapadh Tascfhórsa Téarnaimh Turasóireachta i mí na Bealtaine chun Plean Téarnaimh Turasóireachta a ullmhú, lena n-áirítear, moltaí maidir leis an mbealach is fearr le hearnáil turasóireachta na hÉireann a chur in oiriúint agus a thabhairt slán i dtimpeallacht turasóireachta a bhfuil athrú thar na bearta tagtha uirthi mar gheall ar an ngéarchéim.
Mar chuid dá gcuid oibre, thug an Tascfhórsa faoi phróiseas leathan comhairliúcháin le páirtithe leasmhara a bhí ina chúnamh mór ó thaobh smaointe a chruthú agus ionchur a sholáthar dá dtuarascáil deiridh. Tá a gcuid oibre tugtha chun críche ag an Tascfhórsa agus chuir an Cathaoirleach, Ruth Andrews, an Plean Téarnaimh faoi bhráid an Aire an tseachtain seo caite. Thug an Rialtas aitheantas don Phlean níos túisce inniu.
Tá roinnt moltaí déanta ag an Tascfhórsa, chun cuidiú lena chinntiú go dtagann gnólachtaí agus poist turasóireachta slán agus chun cuidiú leis an earnáil cobhsaíocht a bhaint amach agus a theacht chuici féin sna blianta atá romhainn. Laistigh de seo, tá líon moltaí tosaíochta aitheanta a dhíríonn ar a chinntiú go dtagann gnólachtaí agus poist turasóireachta slán i réimsí ar nós:
- deontais leanúnachais gnó agus tacaíochtaí oibríochta breise d’fhiontair
- tacaíochtaí d’fhorbairt ghairmiúil oibrithe san earnáil
- bearta leachtachta chun tacú le gnólachtaí atá goilliúnach ach inmharthana
- éascú a dhéanamh ar thús a chur arís le turasóireacht idirnáisiúnta isteach
- cur le hiomaíochas trí CBL a laghdú agus trí ghníomhartha chun costas agus soláthar árachais a ardú
- níos mó caiteachais i ndáil le margaíocht intíre agus margaíocht thar lear
Ag trácht dí ar an tuarascáil, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
"Cuirim fáilte mhór roimh an bPlean Téarnaimh a chuir an Tascfhórsa Téarnaimh Turasóireachta faoi bhráid agus gabhaim buíochas le gach aon chomhalta den Tascfhórsa as a gcuid ama, a gcuid saineolais agus as a dtiomantas ag tráth atá thar a bheith dúshlánach. Bhuail mé leis an Tascfhórsa le linn mo chéad laethanta in oifig dom agus ba mhór an díol suntais dom tiomantas na gcomhaltaí mar aon le chomh tromchúiseach is atá an méid atá i ndán don turasóireacht. Bhuail mé leis an gCathaoirleach cúpla uair ó shin agus coinníodh ar an eolas mé maidir leis an dul chun cinn.
"Cuireadh de chúram ar an Tascfhórsa teacht aníos le moltaí a d’fhéadfadh cuidiú le hearnáil na turasóireachta a theacht slán ón ngéarchéim agus a theacht chuici féin ar bhealach cobhsaí. Rachaidh an Plean Téarnaimh chun leasa go mór domsa agus do mo chuid comhghleacaithe sa Rialtas le linn dúinn a bheith ag déanamh scrúdú ar bhealaí le hearnáil na turasóireachta a thabhairt as riocht atá thar a bheith deacair. Tugaim aird ar leith ar mheasúnú an Tascfhórsa go gcaillfear 180,000 post as na 260,000 a bhí san earnáil roimh an bpaindéim nó go mbeidh na poist sin goilliúnach. Níl dul amú ar bith orm maidir le scála an dúshláin agus an iliomad tosaíochtaí iomaíocha atá i ndán don Rialtas. Mar sin féin, agus muid ag obair ar an mBuiséad agus ar Phlean Eacnamaíochta Náisiúnta, beidh gach uile iarracht á dhéanamh agam tacaíocht bhreise a fháil don earnáil sa bhreis ar na bearta a cuireadh i láthair i mí Iúil mar chuid den phacáiste leis an ngeilleagar a spreagadh."
Chuir Cathaoirleach an Tascfhórsa Téarnaimh Turasóireachta, Ruth Andrews leis an méid sin:
"Is cúis áthais dom go bhfuil a gcuid oibre tugtha chun críche agus curtha faoi bhráid an Aire ag an Tascfhórsa Téarnaimh Turasóireachta. Ní mór dom buíochas ó chroí a ghlacadh le mo chuid comhghleacaithe ar an Tascfhórsa a chuir an oiread sin ama agus iarrachta isteach le linn tréimhse a bhí thar a bheith deacair agus éiginnte. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh freisin leo siúd a chuir aighneachtaí faoi bhráid le linn na céime comhairliúcháin agus bhí tionchar suntasach acu seo go léir ar chur agus ar chúiteamh an Tascfhórsa.
"Tá an tionchar atá ag COVID-19 ar an turasóireacht eiseach, tá scrios déanta ar fhostaíocht, ar ghnólachtaí agus ar shlite maireachtála ar fud na hearnála. Mar sin féin, fiú le linn tréimhse atá thar a bheith deacair, táim féin agus mo chomhghleacaithe ar an Tascfhórsa muiníneach gur féidir le hearnáil na turasóireachta in Éirinn teacht slán agus forbairt a dhéanamh uirthi féin mar cheannaire domhanda ó thaobh cleachtais inbhuanaithe turasóireachta.
"Tá turasóireacht chomh tábhachtach céanna anois don téarnamh náisiúnta geilleagair is a bhí le linn an chúlaithe deiridh eacnamaíochta. Tá an earnáil in áit ar leith chun cur go láidir le poist a chruthú agus dífhostaíocht a iompú droim ar ais ar fud phobail na tíre agus i measc na hóige. Is deis a bheidh sa téarnamh seo chun an tionscal a neartú agus tábhacht na hearnála a athdhearbhú mar thiomántóir sa gheilleagar agus mar thionscal faoi thionchar na heaspórtála.
"Is féidir má ghlactar gníomh riachtanach anois go bhféadfaí poist a shábháil agus a thabhairt ar ais agus idirghabháil fhadtéarmach Stáit a sheachaint chun tacú leis an méid a bheidh fágtha i ndiaidh na géarchéime. Creideann an Tascfhórsa Téarnaimh Turasóireachta (TRT) go láidir má dhéantar an infheistíocht cheart agus má thugtar an tacaíocht chuí, go háirithe le linn na céime marthanais, go mbeidh ar chumas na turasóireachta acmhainneacht, scileanna agus sócmhainní straitéiseacha a choinneáil a neartóidh luas an téarnaimh, tráth a ndéanfar maolú ar shrianta le turasóireacht idirnáisiúnta a chumasú. Táimid ag tnúth go mór oibriú i gcomhar leis an Rialtas leis an méid seo a bhaint amach."
CRÍOCH
Nótaí
An Tascfhórsa Téarnaimh Turasóireachta
Tá earnáil na turasóireachta ar cheann de na hearnálacha is mó a bhfuil tionchar ag an ngéarchéim reatha uirthi. Tá tionchar rímhór ag COVID-19 ar an turasóireacht ar bhonn domhanda agus iarmhairtí ann d’earnáil turasóireachta agus fáilteachais na hÉireann nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Tá scrios déanta ag an bpaindéim agus ag na bearta sláinte poiblí iarmhartacha ar an earnáil sa tír seo agus meastar go gcaillfear 180,000 post as na 260,000 post a bhí san earnáil roimh COVID-19 nó go mbeidh siad goilliúnach.
Ceapadh Tascfhórsa Téarnaimh Turasóireachta i mí na Bealtaine chun Plean Téarnaimh Turasóireachta a ullmhú, lena n-áirítear, moltaí maidir leis an mbealach is fearr le hearnáil turasóireachta na hÉireann a chur in oiriúint agus a thabhairt slán i dtimpeallacht turasóireachta atá athraithe mar gheall ar an ngéarchéim.
Cuimsíonn an Tascfhórsa cathaoirleach neamhspleách agus 13 comhalta eile ó réimse leathan cúlraí, lena n-áirítear beartas turasóireachta, fiontraíocht turasóireachta, idirnáisiúnta, an tseirbhís phríobháideach agus phoiblí. Tá comhaltas an Tascfhórsa mar a leanas:
- Ruth Andrews, Cathaoirleach an Tascfhórsa, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ITOA Ireland agus Cathaoirleach an ITIC
- Elaina Fitzgerald Kane, Stiúrthóir, Fitzgerald’s Woodlands House Hotel and Spa, Áth Dara, Contae Luimnigh. Uachtarán an IHF ó mhí Feabhra 2020
- Eimear Killian, Bainisteoir Ginearálta na Bialainne “Brasserie on the Corner”, Gaillimh
- John Kelly, atá ag (Feidhmiú) mar Cheann Turasóireachta agus Spóirt, D/TCAGSM
- Paul Kelly, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fáilte Éireann (an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta)
- Niall Gibbons, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Turasóireacht Éireann (Gníomhaireacht Margaíochta Thar Lear)
- Stephen Kavanagh, Comhalta Boird agus iarPhríomhoifigeach Feidhmiúcháin Aer Lingus; comhalta boird reatha comhlacht léasaithe aerárthaigh CDB
- Jane Stacey, Ceann an Aonaid Turasóireachta in Ionad an OECD don Fhiontraíocht, SMEnna, Réigiúin agus Cathracha
- John Herlihy, VP EMEA agus LATAM i LinkedIn
- Pat O’Leary, cathaoirleach Chónaidhm Foirgníochta Turasóireachta Chiarraí; iar-Stiúrthóir Bainistíochta International Maritime Division, Liebherr Group
- Tom Enright, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhairle Chontae Loch Garman
- Eoghan Corry, craoltóir agus tráchtaire don tionscal taistil
- Martin Dalby, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Center Parcs
- John McLaughlin, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, North & West Coast Links Golf
Bhí an Tascfhórsa i mbun dlúthrannpháirtíochta ó bunaíodh é agus é mar phríomhaidhm acu an tuarascáil seo a chur i dtoll a chéile:
- tháinig an Tascfhórsa le chéile sé huaire déag go dtí deireadh mhí Meán Fómhair
- chuir an Tascfhórsa a Chéad Tuarascáil faoi bhráid an Aire i mí an Mheithimh inar moladh líon bearta chun cuidiú le poist agus le gnólachtaí a shábháil ar fud na hearnála turasóireachta go dtí deireadh na bliana 2020 – cuireadh faisnéis ar fáil sa tuarascáil seo lena breithniú do phacáiste mhí Iúil leis an nGeilleagar a spreagadh
- thionóil an Tascfhórsa comhairliúchán poiblí i mí an Mheithimh a mheall 813 freagra ar an iomlán chomh maith le 60 aighneacht ar leithligh ó pháirtithe leasmhara, agus chuir go leor acu sin a gcuid aighneachtaí i láthair an Tascfhórsa go díreach
- shocraigh an Tascfhórsa suas roinnt sruthanna oibre scoite faoi stiúir chomhaltaí an TRT, lena n-áirítear, saineolaithe seachtracha chun réimsí áirithe lenar bhain tábhacht a iniúchadh ó thaobh marthanachta agus théarnamh na turasóireachta. Aithníodh leis na sruthanna oibre seo líon dréacht-mholtaí a cuireadh chun cinn chuig an TRT le breithniú iomlán a dhéanamh orthu dá thuarascáil deiridh
Tá a chuid oibre tugtha chun críche ag an Tascfhórsa anois agus tá a thuarascáil curtha faoi bhráid an Aire. Déantar líon moltaí sa phlean chun cuidiú le gnólachtaí turasóireachta teacht slán ó phaindéim COVID-19, cobhsaíocht a bhaint amach agus teacht chucu féin. Leagtar amach na moltaí anseo thíos:
Achoimre ar na Moltaí atá sa Phlean Téarnaimh
Moltaí Tosaíochta d’fhonn Teacht Slán le cur i bhfeidhm láithreach
Tacú le Gnólachtaí a Thabhairt Slán
Athrú a dhéanamh ar bhearta atá ann cheana féin nó bearta nua a thabhairt isteach chun cuidiú leis na gnólachtaí turasóireachta sin atá go mór faoi thionchar beart sláinte poiblí chun teacht slán ón ngéarchéim reatha agus a bheith i riocht tús áite a thabhairt do théarnamh inbhuanaithe agus cur leis, mar a leanas:
- athrú a chur ar an Scéim Tacaíochta do Phá Fostaí ionas go mbeidh ar chumas gnólachtaí atá ag streachailt fostaithe a choinneáil leas a bhaint as rátaí fóirdheontais a bhí i bhfeidhm faoin Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá a bhí bunaithe ar scála ioncaim laghdaithe
- deontais leanúnachais gnó €120 milliún a sheachadadh le cur ar chumas príomhghnólachtaí straitéiseacha turasóireachta a theacht slán ón ngéarchéim le fócas níos mó orthu siúd a bhfuil an laghdú is mó tagtha ar a láimhdeachas sa bhliain 2020
- síneadh agus athrú €30 milliún a chur ar Chiste Oiriúnaithe COVID-19 chun solúbthacht a éascú - cur le cumas béile a ithe lasmuigh mar shampla, i gcomhthéacs an Phlean Maireachtáil le COVID-19
- €50M d’airgead an Státchiste a infheistiú san earnáil sa bhliain 2021 chomh maith le saoráid chreidmheasa €100m a bheith ar fáil ó ISIF chun scéim iasachta €150m atá sonrach don Turasóireacht a bheith ar fáil á riar ag Fáilte Ireland agus ag ISIF i gcomhar chun deis a thabhairt do ghnólachtaí turasóireachta atá inmharthana san fhadtéarma ach atá goilliúnach sa ghearrthéarma a theacht slán go dtí go mbeidh éileamh ann arís
Cur le Fostaíocht Inbhuanaithe
Clár tacaíochtaí d’fhorbairt ghairmiúil ar fiú €10 milliún é a thabhairt isteach ina bhfuil cion láidir digiteach leis chun daoine atá scaoilte chun bealaigh nó atá ag obair in earnáil na turasóireachta ar uaireanta laghdaithe a choinneáil rannpháirteach in earnáil na turasóireachta agus lena chinntiú go mbeidh oibrithe oilte ar fáil chun treallús a chur faoin téarnamh san earnáil.
Rochtain Idirnáisiúnta a Athbhunú
- éascú a dhéanamh ar thurasóireacht chun na hÉireann ó thar lear a thosú arís chomh luath is atá sé indéanta agus ag teacht le treoir sláinte poiblí trí dháta athoscailte spriocdhírithe a aithint agus é sin a fhógairt
- deireadh a chur le tréimhse ar coraintín do thurasóirí isteach agus córas cuimsitheach mearthástála, rianaithe agus aonraithe (TTI) a chur i bhfeidhm nó córas atá níos éasca don turasóireacht isteach
- ní mór don Rialtas córas ‘solas tráchta’ an AE a fhorbairt go gníomhach agus a bheith tiomanta dó - córas atá ar na bacáin a bhfuil sé mar aidhm leis taisteal idirnáisiúnta a oscailt suas ar fud na hEorpa
Infheistíocht Margaíochta a Neartú
- cur le caiteachas ar mhargaíocht sa bhaile ó €10m go €30m sa bhliain 2021 chun an t-éileamh ar shaoire sa bhaile feadh na bliana a thiomáint
- dúbailt a dhéanamh ar an gciste margaíochta turasóireachta thar lear ó €47m go €94m chun cuidiú le seasamh reatha bhranda idirnáisiúnta na hÉireann a chosaint agus tús a chur leis an téarnamh sa turasóireacht isteach. Tá fianaise ann go raibh toradh suntasach ar luath-infheistíocht agus ar infheistíocht mhéadaithe ó thaobh sciar den mhargadh a bhaint amach don tír seo
Iomaíochas a Chur Chun Cinn
- ráta CBL don earnáil turasóireachta agus fáilteachais a laghdú ó 13.5% go 9% le teacht i bhfeidhm láithreach
- reachtaíocht agus bearta rialaithe a thabhairt isteach chun cur le soláthar agus le costais árachais a laghdú. Ba chóir go n-áireofaí orthu seo, inter-alia, gnólachtaí a chosaint ó éilimh gan údar agus ó éilimh iomarcacha trí dhualgas cúraim ‘áititheoirí’ a athshainiú, treoirlínte maidir le leibhéil éileamh a leasú, agus feidhmiú go tapa ar aon mholtaí ón CCPC chun cur le hiomaíochas san earnáil
Moltaí an TRT maidir le Cobhsú agus Téarnamh
Tacú le Gnólachtaí a Thabhairt Slán
- éileamh ar an turasóireacht intíre a mhéadú agus a scaipeadh trí éagsúlú a dhéanamh ar am saoire scoile i gceantair dhifriúla chun buntáiste a bhaint as acmhainneacht
- breithniú a dhéanamh ar an bhfiúntas a bhainfeadh le lá saoire bainc breise a thabhairt isteach sa séasúr seachbhuaice
Cur le Fostaíocht Inbhuanaithe
- grúpa Maoirseachta Gairme Fáilte Éireann a neartú agus an caidreamh leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta a chur ar bhonn foirmiúil chun forbairt agus comhordú clár oideachais agus oiliúna turasóireachta a chinntiú
- geata Oideachais Turasóireachta Náisiúnta a fhorbairt mar bhealach rochtana ilfhreastail ar oideachas d’fhostaithe uile in earnáil na turasóireachta
- comhsheasmhacht a chinntiú ó thaobh caighdeán agus ábhar oideachais agus oiliúna a chuireann soláthróirí oideachais atá rannpháirteach in earnáil na turasóireachta ar fáil i gcomhairle leis an tionscal d’fhonn riachtanais agus treochtaí oiriúnaithe a chomhlíonadh
Rochtain Idirnáisiúnta a Athbhunú
- ráthaíocht intíre a chur i bhfeidhm do chaitheamh aimsire agus do ghnó isteach, le tiomantas ón tionscal éarlais a thabhairt ar ais/solúbthacht a cheadú do dhaoine atá ag athrú dátaí taistil, agus cúlstop Rialtais a sholáthar i gcás go dteipeann ar ghnólacht
- scéim Dreasachta Shealadach a thabhairt isteach láithreach ag gach aerfort agus calafort sa tír chun trácht breise a spreagadh
Infheistíocht Margaíochta a Neartú
Ciste Gníomhachtaithe Tionscail €92m a thabhairt isteach thar thréimhse trí bliana do ghníomhaíochtaí díolacháin agus margaíochta thar lear ag an tionscal, chun caiteachas atá caillte ag páirtithe leasmhara an tionscail a athsholáthar agus ‘sócmhainní straitéiseacha’ oibritheoirí isteach i gcainéil soláthair agus dáilte ríthábhachtacha a chosaint.
Cur le hInfheistíocht sa Táirge Turasóireachta
- tabhairt faoi athbhreithniú cuimsitheach ar tháirge turasóireachta na hÉireann chun láidreachtaí, bearnaí, deiseanna agus bacainní a aithint d’fhonn faisnéis a chur ar fáil d’infheistíocht amach anseo chun an méid atá á thairiscint don turasóir a fhorbairt
- infheistíocht an Rialtais a dhíriú ar thionscadail chaipitiúla turasóireachta chun caighdeán agus nuálaíocht táirgí a fheabhsú agus forbairt a dhéanamh agus feabhas a chur ar thaithí cultúir agus oidhreachta le raon leathan cuairteoirí a mhealladh go hÉirinn
- comhlacht comhordaithe a bhunú chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chuige seasmhach i leith infheistíocht in oibriú, i mbainistíocht agus i margaíocht sócmhainní cultúir agus oidhreachta na hÉireann atá faoi úinéireacht an Stáit
- mar chuid d’fhorbairt Straitéis Náisiúnta Caitheamh Aimsire Lasmuigh ní mór don Rialtas bearta nua a thabhairt isteach chun rochtain ar thailte poiblí agus príobháideacha a éascú
- infheistíocht a dhéanamh i líon beag mórfhéilte agus imeachtaí idirnáisiúnta a thiomáinfidh éileamh i dturasóireacht intíre agus thar lear ar aon
- grúpa stiúrtha faoi stiúir na Roinne a bhunú le maoirseacht a dhéanamh ar Chlár maidir le Cuireadh Domhanda a fhorbairt (Bliain an Chuiridh) chun éileamh breise idirnáisiúnta a spreagadh. Go hidéalach ní mór go gcuimseoidh an clár idir sé go deich gcinn d’imeachtaí ar mhór-scála le lucht féachana idirnáisiúnta a mhealladh
Iomaíochas a Chur Chun Cinn
- maoiniú a dhéanamh chun Cuntas Satailíte Turasóireachta a fhorbairt agus é a chur i bhfeidhm mar bheart práinne
- scéimeanna a fhorbairt le cur ar chumas earnáil na turasóireachta infheistíocht a dhéanamh sa teicneolaíocht dhigiteach, le béim faoi leith ar earnálacha ina bhfuil láithreacht íseal dhigiteach ar nós nithe is díol spéise do thurasóirí agus gníomhaíochtaí do chuairteoirí a fhorbairt
- iomaíochas idirnáisiúnta na hÉireann san Áise a neartú agus margaí a fhorbairt trí chlár tarscaoilte víosa 90 lá a thairiscint do chuairteanna saoire gearrthéarmacha agus iarratas víosa 5 bliana saor in aisce aon uaire/aon bhliain amháin a chur chun cinn chun athchuairteanna a spreagadh
- scórchárta Ualaithe Iomaíochais a fhorbairt chun cumasú a dhéanamh ar spriocanna fadréimseacha a shocrú chun tacú le seachadadh a dhéanamh ar chuspóir beartais agus ar thagarmharcáil iomaíoch
Cur le Tionscal Turasóireachta Inbhuanaithe
- ba chóir an uaillmhian a bheith ag an tír a bheith i measc ceannairí domhanda ó thaobh cleachtais turasóireachta inbhuanaithe. Ní mór don Ghrúpa Oibre Turasóireachta Inbhuanaithe sraith gníomhartha a fhorbairt chun forbairt inbhuanaithe na turasóireachta a chur chun cinn faoi dheireadh na bliana 2020, agus ba chóir sin a bheith mar bhonn taca le beartas turasóireachta inbhuanaithe a bheidh le glacadh ag an Rialtas
- ní mór scéimeanna agus tacaíochtaí a chuireann coincheap agus cás gnó chun cinn don turasóireacht inbhuanaithe a aithint ag leibhéal fiontraíochta agus ag leibhéal tomhaltóra araon lena gcur i bhfeidhm le linn na céime inbhuanaitheachta agus téarnaimh, m.sh. Origin Green
Maoirseacht a dhéanamh ar Chur i bhFeidhm an Phlean
Grúpa Maoirseachta Téarnaimh faoi chathaoirleacht neamhspleách a bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú mholtaí na tuarascála seo agus le monatóireacht a dhéanamh ar théarnamh na hearnála.