English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire O’Donovan roimh Fhoilsiú na Straitéise Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise

Inniu d’fháiltigh an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, roimh fhoilsiú an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise, atá ar fáil anois le híoslódáil anseo

Mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise a fhorbairt. Aithnítear sa tuarascáil gur dúshlán casta í an bhréagaisnéis agus mar sin moltar gur cheart straitéis a fhorbairt chun iarrachtaí náisiúnta a chomhordú agus ina theannta sin, nár cheart go mbeadh sé ag brath go hiomlán ar rialáil ach go nglacfadh speictream leathan de shochaí na hÉireann páirt in idirphlé le tionscal digiteach na hÉireann.

Sin an fáth a d'fhorbair meitheal na Straitéise ar a raibh meascán éagsúil d'ionadaithe ón tionscal, ón saol acadúil, ón tsochaí shibhialta agus Ranna Rialtais, agus an comhairleoir i Litearthacht sna Meáin, Martina Chapman, ag feidhmiú mar Chathaoirleach Neamhspleách.

Déantar iniúchadh sa Straitéis ar dhúshlán na bréagaisnéise in Éirinn, ar a héifeachtaí díobhálacha ar an tsochaí agus ar a castacht mar cheist bheartais. Déantar iarracht a aithint inti conas is féidir aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le dul i ngleic le bréagaisnéis. Níl i gceist leis an Straitéis seo cinneadh a dhéanamh ar cad is bréagaisnéis ann, ach in áit sin leagtar amach gníomhartha inti lenar féidir cur i gcoinne na bréagaisnéise.

Ag cur fáilte roimh fhoilsiú na Straitéise, dúirt an tAire O'Donovan:

“Dúshlán tromchúiseach is í an bhréagaisnéis agus ní féidir dul ngleic léi ach trí fhreagra uile-sochaí. Is céim tosaigh í an straitéis seo i dtreo cuma an fhreagra sin a leagan amach. Cuirtear caighdeán faisnéise níos fearr ar fáil do dhaoine trí iolracht na meán agus saoirse na meán a chur chun cinn, mar shampla. Trí thacú le litearthacht sna meáin, ar feadh ár saol inár bpobail, cothaítear acmhainneacht agus muinín, lenar féidir le daoine an bhréagaisnéis a aithint. Cuideofar le hardáin a thabhairt chun cuntais trí rialtóirí neamhspleácha reachtaíochta agus rialacháin a bheith ag cur an straitéis chun feidhme go héifeachtúil. Agus trí chomhordú agus comhar le geallsealbhóirí, le taighde agus nuálaíocht san áireamh, cuideofar linn chun tionchair dhíobhálacha na bréagaisnéise a aithint ionas gur féidir linn feabhas a chur ar dhearadh ár bhfreagraí. Ní amháin go gcuirtear i gcoinne na bréagaisnéise leis na gníomhartha seo uile, ach cosnaítear saoirse tuairimíochta agus tacaítear le sláine faisnéise. Anois le foilsiú na Straitéise, aistrítear an fócas go dtí maoirsiú agus monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm. Agus é sin san áireamh, bunófar Grúpa Maoirseachta agus tabharfaidh siad tosaíocht do phlean feidhmithe. Táim ag tnúth le dul chun cinn maith a fheiceáil maidir leis an Straitéis seo.”

Tá an Straitéis Náisiúnta Fhrith-Bhréagaisnéise bunaithe ar chúig phrionsabal:

  • Prionsabal A: Cuir in aghaidh bréagaisnéise, agus saoirse cainte a chosaint ag úsáid cur chuige bunaithe ar chearta
  • Prionsabal B: Cuir in aghaidh bréagaisnéise trí acmhainneacht agus muinín a chothú ag leibhéil aonair agus sochaíocha
  • Prionsabal C: Cuir in aghaidh bréagaisnéise trí chomhoibriú agus comhordú méadaithe
  • Prionsabal D: Cuir in aghaidh bréagaisnéise trí chuntasacht chorparáideach agus forfheidhmiú rialála
  • Prionsabal E: Frith-Bhréagaisnéis trí fhaisnéis a roinnt ar bhealach ní b'fhearr agus frithbhearta agus idirghabhálacha atá bunaithe ar fhianaise a fhorbairt

Chun tacú leis na prionsabail seo, d'aontaigh an meitheal le naoi dtiomantas a fhaigheann tacaíocht ó 36 ghníomh. Tá cuid de na gníomhartha ar siúl agus tá cinn eile nua agus le tosú.

Dúirt Martina Chapman, Cathaoirleach Neamhspleách ar Mheitheal an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise:

“Tá an straitéis seo mar bhunús le plean fadtéarmach, comhoibríoch chun dul i ngleic le bréagaisnéis. Tá cur chuige comhordaithe, bunaithe ar chomhar agus ar urraim don tsaoirse cainte riachtanach. Leagtar béim sna gealltanais a leagtar amach sa straitéis ar raon gníomhartha tras-earnála chun cabhrú le dul i ngleic le ceist chasta na bréagaisnéise a bhíonn ag athrú i gcónaí.”

CRÍOCH

Notes for Editors

  • Is féidir teacht ar an Straitéis Náisiúnta Bréagaisnéise anseo
  • Tá tuilleadh eolais maidir le forbairt na straitéise – lena n-áirítear téarmaí tagartha na meithle agus miontuairiscí – le fáil anseo.

Liosta de 9 ngealltanas a leagtar amach sa Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise:

  • Cur le heolas ar straitéisí éifeachtacha frithbhréagaisnéise
  • Cumarsáid agus muinín in institiúidí poiblí a neartú
  • Cuir muinín sna meáin chun cinn agus tacaigh le hiolrachas na meán agus saoirse na meán
  • Cur chuige ar feadh an tsaoil a ghlacadh chun inniúlacht sna meáin a chumasú do gach saoránach
  • Tacú le fás saineolas seiceála fíricí agus réamhbhréagnaithe sna meáin in Éirinn
  • Cur i bhFeidhm Éifeachtach na Reachtaíochta agus na Rialála
  • Ionramháil agus Cur isteach ar Fhaisnéis Eachtrach a chomhrac go héifeachtach
  • Tacú le tionscnaimh idirnáisiúnta chun an bhréagaisnéis a chomhrac agus chun sláine faisnéise a chur chun cinn, i gcomhréir le cearta an duine agus le saoirse tuairimí a nochtadh
  • Grúpa Maoirseachta Frith-Bhréagaisnéise a bhunú

Liosta de bhaill na meithle:

  • An Coimisiún Toghcháin
  • Coimisiún na Meán
  • An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Comhtháthaithe agus Óige
  • An Roinn Oideachais/Webwise
  • Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
  • An Roinn Gnóthaí Eachtracha
  • An Roinn Sláinte/Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte
  • An Roinn Dlí agus Cirt
  • Roinn an Taoisigh
  • An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Rúnaíocht)
  • Mol na hÉireann um Scrúdú na Meán Digiteach Eorpach in FuJo OCBÁC
  • Cumann Leabharlann na hÉireann
  • Litearthacht sna Meáin, Éire
  • Comhairle na nÓg
  • An tIonad Náisiúnta Cibearshlándála
  • Oifig Ombudsman an Phreasa
  • Teicneolaíocht Éireann

Bunaíodh an meitheal i mí Feabhra 2023. Scrúdaigh agus thuairiscigh trí fhoghrúpa ar cheisteanna tábhachtacha a bhaineann le bréagaisnéis, lena n-áirítear frithbhearta atá ann cheana féin, an timpeallacht rialála atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn, agus bealaí chun tacú le hiriseoireacht neamhspleách ar ardchaighdeán agus faisnéis leasa phoiblí a chosaint. Bhí próiseas comhairliúcháin poiblí agus fóram pearsanta le páirtithe leasmhara mar chuid den phróiseas forbartha.